Conradh na Gaeilge agus Inniu

(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024.  Tá an tionscadal CARTLANN á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas.)

Cúlra: Scoilt sa Chonradh agus eagraíochtaí nua á mbunú

Gearóid Ó Cuinneagáin a bhunaigh Craobh na hAiséirí, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge, sa bhliain 1940; is mar seo a rinne Proinsias Mac an Bheatha, duine de na baill luatha, cur síos ar a bunú (1967: 98–9): ‘Bunaíodh an chraobh ag cruinniú a tionóladh ag 55 Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath, ar an 26ú Meán Fómhair, 1940…’  Ba léir ón méid a deir sé an phráinn a samhlaíodh leis an obair a bhí le déanamh ag an gCraobh nua – ‘Gearóid Ó Cunneagáin agus Caoimhín Ó Seachnasa a ghairm an cruinniú…Bhí Gearóid Ó Cuinneagáin ina chathaoirleach ar an chruinniú tionscnaimh. Dúirt sé agus é ag míniú chuspóirí na craoibhe, gur léir mura dtabharfaí tarrtháil ar an Ghaeilge gan mhoill go gcaillfí í go brách…’ Tá an mhífhoighid a bhraith bunaitheoirí na craoibhe seo le ceannairí Chonradh na Gaeilge soiléir anseo.

I mí na Samhna, 1942, scar Craobh na hAiséirí leis an gConradh ar fad, ar ndóigh, ach i mí na Nollag sa bhliain chéanna, tharla scoilt i gCraobh na hAiséirí féin agus bunaíodh Glún na Buaidhe. Is i mí an Mhárta (Lá ’le Pádraig) den bhliain dar gcionn a chuir Glún na Buaidhe an chéad eagrán de Inniu amach, nuachtán a mhair breis agus ceathracha bliain agus inar pléadh cuid mhór de na hiarrachtaí a rinne an Ghlún leis an nGaeilge agus an ‘náisiún Gaelach’ a chur chun cinn. Dúirt Proinsias Mac an Bheatha (1967: 140) gur ‘Gléas oibre a bhí i nGlúin na Bua. Ní raibh aon chuspóir eile againn ach seirbhís a thabhairt don Ghaeilge – agus don náisiún’.  

Seo thíos mar a chuir Tarlach Ó hUid, eagarthóir cúnta agus ina dhiaidh sin, eagarthóir Inniu (1984: 5–6) síos ar imeachtaí na tréimshe corraithí sin:

I mbeagán focal, d’eascair sí (Glún na Buaidhe) as Craobh na hAiséirí, a scar le Conradh na Gaeilge ar an bhonn go raibh an Conradh i ndiaidh éirí ró-choimeádach, ró-inbhreathnaitheach, ró-indírithe, dar leo, go raibh sé fágtha gan bhrí, gan dóchas agus gan treoir, agus nach raibh teagmháil ar bith aige le gnáthphobal na hÉireann, an dream ar a dtugtar anois ‘an chosmhuintir’.

Thug ‘an Ghlún’ soiscéal na Gaeilge amach ar na sráideanna, agus óráidíocht i nGaeilge agus i mBéarla faoin spéir agus ag baint feidhme as scannáin, as paimfléid agus as gach aon áis de chuid na linne le cuspóir Ghlún na Buaidhe, Éire ní hamháin Saor agus Gaelach ach Críostúil fosta, a thathant ar an náisiún…

Sular tharla an scoilt i gCraobh na hAiséirí, bhí os cionn 1,200 ball ag an gCraobh, rud a d’fhág go raibh sé ar cheann de na craobhacha ba láidre a bhí ag an gConradh ag an am – nó, go deimhin, riamh. Ba mhian le lucht Chraobh na hAiséirí, dar le Proinsias Mac an Bheatha (1967: 109): ‘…go mbeadh gléasanna na fichiú aoise á n-úsáid go fairsing in obair na hathbheochana – raidió, scannáin, ceirníní gramafóin, an preas agus an cló, bratacha agus póstaerí agus buíonta ceoil, agus fós an greann agus an gáire, ab fhada in easnamh ar ghluaiseacht na Gaeilge’. Ba léir tábhacht na meán sa phíosa seo ag Mac an Bheatha, agus bhí an tábhacht seo le sonrú arís nuair a bhunaigh Glún na Buaidhe Inniu in 1943.

Dar le R.M. Douglas (2009b) go raibh baint ag Craobh na hAiséirí le gluaiseacht Hitler sa Ghearmáin, agus is an claonadh seo i dtreo na fíor-eite deise a thug ar roinnt ball imeacht ón gCraobh agus Glún na Buaidhe a bhunú. Deir Douglas (féach freisin: Ní Uigín, 2019: 122–6):

Shielded by its association with the eminently respectable Gaelic League, Craobh na hAiséirghe was intended to be a ‘Hitler Youth Movement’ that would eventually take over Conradh itself and use it – as the Irish Republican Brotherhood had successfully done in the years before the Easter Rising – as a springboard to achieve its larger political objectives.

Is suntasach cur síos Douglas sa sliocht thuas ar an gConradh mar chuid den ‘Bhunaíocht’. Is léir míshásamh Uí Chuinneagáin agus lucht Chraobh na hAiséirí le heaspa gníomhaíochais an Chonartha ag an am. Níor éirigh leis an gCuinneagánach ina chuid iarrachtaí dul i bhfeidhm ar mhuintir an Chonartha ón taobh istigh, áfach; míníonn Douglas (2009b):

…abandoning his effort to take over Conradh na Gaeilge from within, which turned out to be a harder nut to crack than he had imagined – Ó Cuinneagáin launched a new political party, Ailtirí na hAiséirghe…in June 1942. Its manifesto called for ‘the establishment of a state which, in the Christian perfection of its social and economic systems, will be a model for the whole world’. This was to be accomplished by the creation of a one-party system, with all power in the hands of a Ceannaire, or ‘Leader’, for a period of seven years in the first instance. Aiséirghe promised full employment to all citizens; an end to emigration (by the straightforward if draconian means of making it a criminal offence to leave the country); a massive state-directed economic expansion scheme; discrimination against Jews and freemasons; and the reconquest of Northern Ireland by the massive conscript army Ó Cuinneagáin proposed to build. Lastly, Irish would be restored as the national vernacular. Five years after the accession to power of an Aiséirghe régime, the use of the English language in public was to become unlawful.

Bhí polaitíocht an Chuinneagánaigh agus na nAiltirí ró-radacach do chuid mhór de na daoine a bhí ag tacú le Gearóid Ó Cuinneagáin i dtosach, agus rinne Glún na Buaidhe iarracht láidir iad féin a dhealú ó Ailtirí na hAiséirí nuair a bunaíodh an eagraíocht nua. Sampla de seo ab ea an fógra ar Inniu i mí Iúil, 1943 inar meabhraíodh do lucht léite an nuachtáin nach raibh aon cheangal idir Ailtirí na hAiséirí agus Glún na Buaidhe.  

Is léir, mar sin féin, go leor de na téamaí céanna agus den smaointeoireacht chéanna á gcur chun cinn ag an dá dhream seo. Míníonn Proinsias Mac an Bheatha (g.d: 7) go ndearnadh ‘…eagraíocht neamhspleách faoin teideal Glúin na Buaidhe de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge i ndeireadh na bliana 1942’. Míníonn sé freisin (1967: 140) nach raibh baill Ghlún na Buaidhe sásta

…bheith ina nGaeilgeoirí amháin.  Is mian linn seirbhís níos iomláine a thabhairt in athbheochan na tíre.  Is rún dúinn éifeacht na Gaeilge mar ghléas athbheochana na tíre a chruthú don tír. Táimid fada go leor á rá go bhfuil an éifeacht seo sa Ghaeilge – caithfimid sin a chruthú anois. Caithfimid a bheith chun tosaigh ag tabhairt treorach don náisiún, ag múnlú smaointe agus dearcadh na ndaoine.

 

Chuir lucht na Glúine béim ar ‘An tSeirbhís don Náisiún’, (mar a chuir Gearóid Ó Cuinneagáin agus Ailtirí na hAiséirí rompu), agus bhí bunú an nuachtáin náisiúnta Inniu ina chuid lárnach den tSeirbhís seo. ‘Cuirfidh Seirbhís Náisiúnta an bhrí agus an sracadh san tír,’ a dúradh ar Inniu ar 28 Meitheamh, 1946, ‘nach dtabharfaí an Ghaeilge arais ina n-éagmuis…Is smaoineamh réabhlóideach Seirbhís Náisiúnta agus is sinne i nGlún na Buaidhe réabhlóidithe an lae indiu…’ 

Obair Ghlún na Buaidhe

D’admhagh Proinsias Mac an Bheatha, go raibh ‘cuid de na Gaeilgeoirí míshásta linn’ nuair a bunaíodh an Ghlún (1983: 51); ar ndóigh, ‘Ní raibh lucht Chonradh na Gaeilge sásta linn,’ a dúirt sé, 

Chuir daoine inár leith gur lucht aighnis a bhí ionainn agus gur ag scoilteadh Ghluaiseacht na Gaeilge a bhíomar.  Ach níor léir dúinn go raibh aon ghluaiseacht ann agus má bhí a leithéid ann, níor léir dúinn aon ghluaiseacht fúithi. I gcás ar bith, tugadh le fios dúinn nach raibh fáilte romhainn féin ná roimh ár dtuairimí.

Is suntasach an cur síos seo ar dhearcadh na Glúine ar an gConradh.  Is spéisiúil an méid a deir Gabrielle Maguire (1991: 27), áfach, faoi dhearcadh na gcainteoirí Gaeilge sna Sé Chontae faoi Chonradh na Gaeilge sa tréimhse chéanna seo:

…many people assumed that the role of this revolutionary organisation (The Gaelic League) became obsolete with the founding of the Free State in 1922 and the recognition of Irish as the official language in Ireland. The Irish Government accepted that it was its responsibility to safeguard the native language.  However the belief that this acknowledement guaranteed the preservation and diffusion of Irish proved false.

Within the Six Counties such an assumption could never have been made in the first instance. The Northern Ireland Government chose to ignore the existence of Irish and the cultural rights of an ethnic minority.  The continued need for Gaelic League branches was, therefore, never questioned by Northern Gaels.

Ní sin le rá, áfach, go raibh cainteoirí Gaeilge na Sé Chontae uile sásta le cur chuige an Chonartha, ach oiread, agus léiríodh mífhoighne leis an gConradh ansin chomh maith. I ndeisceart na tíre, is míshástacht le heaspa réabhlóideachais an Chonartha a thug ar a bhunaitheoirí Craobh na hAiséirí den Chonradh a thabhairt ar an saol, agus ina dhiaidh sin, Glún na Buaidhe. Luann Maguire (1991: 30–1), ar ndóigh, tionchar Ghlún na Buaidhe féin ar Chumann Chluain Ard de chuid an Chonartha i mBéal Feirste ina dhiaidh sin; deir sí:

… it was here (Cumann Chluain Ard) that the founder members of the Shaw’s Road Gaeltacht Community first met, socialised, learnt Irish, and eventually planned the building of an Irish-speaking neighbourhood as a natural and necessary extension to their lives as Irish speakers.

‘Glún na Buaidhe’ which had a branch in Belfast between 1943 and 1945 introduced a rigid ‘English prohibited’ rule.  Before this the Language Movement had shown a leniency towards the speaking of English during the various events.  ‘Fál’, a group operating in the mid-1950’s, drew attention to the dependence of Irish speakers on English-medium institutions.  Members of Fál believed that this situation greatly impeded the progress of revival efforts…

Dúirt Proinsias Mac an Bheatha (1967: 140) nach raibh ‘…aon chuspóir eile againn ach séirbhís a thabhairt don Ghaeilge agus don náisiún’. Leis seo a bhaint amach d’eagraigh an Ghlún cruinnithe sráide agus ciorcail staidéir; bhunaigh siad Foilseacháin Náisiúnta Teoranta in 1948, agus bunaíodh Inniu mar ghléas bolscaireachta do choincheap na Seirbhíse Náisiúnta. Rinneadh cur síos cuimsitheach ar an gcoincheap féin ar Inniu in eagrán 28 Meitheamh, 1946, agus tagraíodh go minic dó ar leathanaigh an pháipéir, sna blianta luatha go háirithe. Rinneadh imeachtaí na Glúine a fhógairt agus a phlé ar Inniu freisin. ‘Seachtain Náisiúnta Crann Socraithe ag Comhdháil Glúine’ a pléadh ar Inniu ar 14 Meitheamh, 1946; ‘Craobhacha na Glúine ag Cuidiú Arán an Lae i mBáraigh’ (13 Meán Fómhair, 1946); ‘Obair d’Iar-Shaighdiúirí ag bailiú Iarmhair Pháipéir’ (18 Deireadh Fómhair, 1946); ‘Tá Trí Cuspóirí leis an Scéim Preataí atá á hOibriú Againn (31 Eanáir, 1947). Níl ansin ach roinnt samplaí ó bhlianta tosaigh na heagraíochta agus an nuachtáin, ach léiríonn sé tuiscint gur gníomhartha agus gníomhaíochas a shamhlaigh an Ghlún leis an tseirbhís don náisiún, agus gur easpa gníomhaíochais agus easpa seirbhíse a samhlaíodh leis an gConradh. 

Dúirt Art de Creag, a bhí ina bhall den Ghlún sna blianta luatha sin, gur ‘trí aibhneacha a ghlanadh is crainn a chur, trí cur in aghaidh truailliú na tíre, trí bhruascar (sic) a bhailiú is hallaí paróiste is droichid a thógáil is a chóiriú a thabharfaimis ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt is meas a bheith acu arís ar an tír’ (, 20 Lúnasa, 1984). Ní raibh a leithéid de pholasaí ná den chur chuige á chraobhscaoileadh ag Conradh na Gaeilge ná ag eagraíochtaí eile ag an am. Bhí na bearta seo nuálach agus tarraingteach do chuid mhór daoine.  ‘Ba léir do dhuine ar bith a bhí buartha faoi thodhchaí na Gaeilge sna tríochaidí nár leor a raibh idir lámha leis an teanga a shlánú, nár leor ach go háirithe an polasaí réchúiseach a bhí á leanúint ag rialtas stát poblachtach na hÉireann’ dar le Proinsias Mac an Bheatha (1983: 50). ‘Bhí sé lán chomh soiléir nach raibh aon pholasaí ag cibé eagraíochtaí Gaeilge a bhí ann san am ná ag Conradh na Gaeilge féin…ach polasaí a bhí dírithe ar a bheith ag moladh na rún agus na leasrún, mar deireadh Séamus Ó Grianna linne, agus ranganna agus imeachtaí sóisialta na gcraobhacha.’  

Inniu

Dheimhnigh Proinsias Mac an Bheatha (1967: 150) ‘De réir a chéile bhain an páipéar tús tábhachta de gach rud eile dá raibh idir lámha againn go dtí sa deireadh gur bheag ná gurbh ionann Inniu agus Glúin na Bua féin’. B’fhíor dó sa mhéid sin. Ní beag an tseirbhís a thug Inniu don Ghaeilge agus don tír, áfach. 

Ciarán Ó Nualláin a bhunaigh agus a bhí ina eagarthóir ar Inniu. Bhí Tarlach Ó hUid ina eagarthóir cúnta agus ina eagarthóir ina dhiaidh sin air. In agallamh a rinne Ó hUid le Ciarán Ó Coigligh (1982), dúirt sé gurbh é an polasaí eagarthóireachta a bhí aige ná: ‘…gach rud a mholadh a fheicim féin a bheith le leas an náisiúin agus gach rud a fheicimse a bheith ag déanamh dochair don náisiún a cháineadh’ (féach freisin: Ní Uigín, [1995] le haghaidh tuilleadh plé ar bhunú agus ar ábhar an nuachtáin). Dar le Mac an Bheatha (1983: 91–2) gur ionsaigh ‘Craobh na hAiséirí na seanmhodhanna oibre’, agus gur ionsaigh Glún na Buaidhe ‘…mar bhreis air sin, déithe bréige na gluaiseachta. Ba é Inniu an gléas ab éifeacthaí chuige sin agus Ciarán Ó Nualláin, an t-eagarthóir – an fear ab fhearr lena dhéanamh’.

In eagarfhocal chéadeagrán Inniu (17 Márta, 1943), faighimid soiléiriú breise ar aidhmeanna Ghlún na Buaidhe:

Tcitear dúinn, murar misde dúinn baramhail a thabhairt faoi, gur contabhairt do’n chreideamh gach rud a chuireas i n-aghaidh náisiúntachta dlisteanaighe tíre, go h-áirighthe tír mar Éirinn a bhfuil oidhreacht an chreidimh, sa staid is neartmhaire é, fighthe fríd oidhreacht Ghaedhealach an chine.

Díoghbháil náisiúnachais is bun-chúis leis an imirce, agus táthar a rádh le fada go mbíonn creideamh na n-imirceoirí i gcontabhairt mhóir ar an choigrích. Tá an chúis chéadna ionchurtha síos do thréigbhéail na talmhan, do’n leisc phósta an mhuintir na h-Éireann, do’n réim atá ag na hallaí Jazz ar fud na tuaithe…

Ba léir, áfach, agus Inniu ag dul i dtreise go raibh Glún na Buaidhe ag dul i léig agus go raibh fuinneamh na mball á chaitheamh ar fhoilsiú an pháipéir. D’fhág seo, ar ndóigh, gur baineadh an bonn den bholscaireacht a craobhscaoileadh ar Inniu faoin tSeirbhís Náisiúnta, nuair a bhí an obair seirbhíse agus an gléas seirbhíse, an eagraíocht féin, imithe i léig. Mhair Glún na Buaidhe féin 25 bliain. Tháinig deireadh oifigiúil leis in 1967 nuair a bunaíodh ‘Iontaobhas Inniu’, ach ní raibh an Ghlún chomh láidir ná chomh gníomhaíoch sin ar feadh roinnt mhaith blianta roimhe sin. Pléadh an cheist seo in alt ar Amárach ar 4 Aibreán, 1963 – ‘Indiu ’gus Inde’ le Conall – cáineadh an Ghlún go géar anseo agus rinneadh iniúchadh sách géar ar obair na heagraíochta; dúradh ann:

Tá alt ann (Inniu) ag Proinnseas Mac a’Bheatha, ag cur síos ar stair ‘Ghlúin na Buaidhe…Tá an t-alt sin thar a bheith suimeamhail. Deir sé go mbíodh siad ag iarraidh gnímh i n-áit cainnte, gurbh iad an dream a mbíodh siad na n-éadán an dream a dtabhaireann sé ‘lucht na measardhachta ‘sna rún’ orthu…Is cosamhail ó’n alt seo nach bhfuil a dhath ar bith againn nach bhfuair muid ó ‘Glún na Buaidhe.’ Tá cuid daoine dall.  Tá cuid eile a bíos ag síor-shiubhal sa dorchadas… Tá fiche bliadhain slánuighthe ag ‘Inniu’ agus níl fágtha de’n eagraidheacht a bhunaigh é acht é féin.  Fiche bliadhain ag fás nó fiche bliadhain le bás.  Tá lucht na measardhachta agus na rún againn go fóill.  Ní h-iad lucht ‘Inniu’ is lugha orthu.

Ag cáineadh an Chonartha ar Inniu

‘Ollstruchtúr arrachtach oifigiúlachais’ a thug Art de Creag ar Chonradh na Gaeilge ar ar 22 Lúnasa, 1984, agus mhaígh sé gur mar sin a bhreathnaigh muintir Ghlún na Buaidhe ar an eagraíocht. Léiríodh an meon sin ar an nuachtán Inniu, go háirithe sna blianta luatha mar a pléadh thuas. Léiríodh lucht an Chonartha ar Inniu mar dhaoine a bhí ‘ró-choimeádach, ró-inbhreathnaitheacht, ró-indírithe’, mar a dúirt Tarlach Ó hUid thuas, nuair a bhí an Ghlún sin óg. Is suntasach, áfach, an dearcadh níos tomhaiste, níos caolchúisí a bhí le feiceáil ar leathanaigh an nuachtáin i mblianta deiridh a ré, agus is sunasach freisin a laghad tagairtí don Chonradh a fhaightear le linn na 1970í agus ag tús na 1980í ar leathanaigh an pháipéir.

Is léir ón méid a dúradh nuair a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, Ailtirí na hAiséirí agus Glún na Buaidhe ina dhiaidh sin, go rabhthas míshásta leis an gcoimeádachas a síleadh a bheith ag baint leis an eagraíocht. I gceann de luatheagráin Inniu (Meitheamh, 1943), déantar cáineadh géar ar an gConradh in alt dar teideal ‘Connradh an tSacs-Bhéarla?’ Athfhoilsíodh sliocht ansin a bhí in Scéala Éireann (8 Meitheamh, 1943) ina ndúradh gur ‘i mBéarla atá an dréacht curtha amach chuig an Choisde Gnótha, acht tá litir as Gaedhilg le gach dréacht ó Uachtarán an Chonnartha ag míniú go bhfuil an dréacht as Béarla toisg gan am a bheith aige Gaedhilg shlachtmhar do chur air’. Dúradh ar Inniu gur ‘Ráiteas sin thuas a chuir Connradh na Gaedhilge amach i dtaca leis an bhun-reacht nua s’acu. I mbliana atá féile leith-chéad an Chonnartha – leith-chéad bliain de dhul chun cinn!’ Tá macalla anseo den mhéid a luaigh Gabrielle Nig Uidhir faoi ‘Riail na Gaeilge’ i nGlún na Buaidhe.

In Eagarfhocal Inniu (22 Márta, 1946), déantar cur síos ar an ‘nGaedhealachas’, a bhí ceangailte go dlúth leis an gConradh, dar le lucht na Glúine, mar seo a leanas:

Sé an bun-smaoineamh atá acu go léir daoine a mhealladh le chéile ag díospóireacht, ag ceilí, ag feis nó ag imeachtaí ‘Gaelacha’ den tsórt chun an Ghaedhilg a úsáid agus a chleachtadh dá mbeadh ag éirighe míle uair níos fearr leis an smaoineamh seo ná mar atá déarfaimis fós go rabhadar ar seachrán, mar ní gnáth-theanga an teanga a gcaithfidh daoine fé leith teacht le chéile chun í labhairt.

Ní féidir an Ghaedhilg a bheith ina gnáth-theangain an fhaid agus atáimíd ag smaoineamh ar dhaoine a thabhairt le chéile d’aon ghnó chun rudaí a dhéanamh, rudaí nach mbéidh baint ar bith acu leis an Ghaedhilg, le ‘Gaelachas; nó le ‘timpeallacht Ghaelach’, agus ag labhairt i nGaedhilg béidh an Ghaedhilg ar shlighe a bunuithe mar ghnáth-theangain.

 In alt eile – ‘Na Ranganna’ i mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna (an t-eagarfhocal, 4 Deireadh Fómhair, 1946), maítear nach bhfuil ‘…fiúntas leis na ranganna Gaeilge a eagraíonn “Gluaiseacht na Gaeilge”; níl Glún na Buaidhe páirteach sa ghluaiseacht sin; ní feidir an tír a ath-tógáil le Gaeilge amháin…’ Ní hionann sin is a rá nár eagraigh an Ghlún ranganna freisin, ach bhí béim i gcónaí acusan ar na himeachtaí a reáchtáladh i gcomhar leis na ranganna – an tSeirbhís Náisiúnta mar a pléadh go minic.

Bhí ailt ar fáil ó thráth go chéile le linn na 1950í ag cur síos ar imeachtaí an Chonartha ar Inniu: Fógra d’Ardfheis Chonradh na Gaeilge, mar shampla (23 Márta, 1951); ‘Cur is Cúiteamh – ‘Conradh na Gaeilge i bhFabhar Glacadh leis an Chló Rómhánach’ (7 Aibreán, 1951); tá cur síos ar bhunú Chumann Chluain Ard, craobh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, ar eagrán 28 Márta, 1952, agus agallamh le Seán Óg Mac Gearailt, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar 22 Bealtaine, 1953. Níos deireanaí i saol an nuachtáin, tá cur síos ar athoscailt Chlub an Chonartha ar Inniu ar 25 Meitheamh, 1971. Tá cur síos ar Oireachtas na nGael ar an gCeathrú Rua ar eagrán an 24 Meán Fómhair, 1971 de Inniu freisin, agus cur síos ar ‘Scliúchas faoi Bhéarla’ a tharla ann, nuair a thosaigh duine den lucht freastail ag góilín i mBéarla.  Is tagairtí fánach go maith iad seo, ar ndóigh, agus ba léir féinfheasacht lucht eagarthóireachta Inniu nach bhféadfaí a bheith róghéar ar dhreamanna eile nuair nár éirigh leis an nGlún féin go leor dá cuid aidhmeanna a bhaint amach.

Ag caoineadh an Chonartha ar Inniu

In ainneoin na n-ionsaithe luatha a rinneadh ar Chonradh na Gaeilge ar Inniu, dúirt Proinsias Mac an Bheatha an méid thíos faoin gConradh ar an bpáipéar ar 24 Meán Fómhair, 1971:

Gluaiseacht na Teanga ag Cailleadh Nirt –

Ag cóisir Cháise agus Fíona a bhí ag Glór na nGael seo againne le déanaí a chas mé ar mo chara Séamas Mac Gloin tar éis na mblianta agus thosaigh muid ag caint ar imeachtaí na hArdchraoibhe de Chonradh na Gaeilge a raibh an bheirt againn inár mbaill di tráth. Chuir sin mé ag smaoineamh ar an neart a bhí sa Chonradh san am sin i mBaile Átha Cliath. Bhí an Ardchraobh an uair sin in uimhir a 36 Cearnóg Pharnell agus ar feadh thrí oíche den tseachtain bhíodh an t-áras sin lán go doras óna hocht a chlog go dtí idir leath i ndiaidh an deich agus an aon déag.  Bhíodh ranganna ar siúl i dtús na hoiche (sic), cúig cinn gach oíche agus iad lán. Bhí na múinteoirí den scoth, Séamas Ó Grianna (agus Seosamh ar amanna), Donn Piatt, Peadar Ó Máille, Mícheál Ó Rodaigh, Seán Mac Maoláin, Giolla Chríost Ó Broin agus daoine nach iad.

 

Clár Imeachtaí

Ní raibh sna ranganna ach cuid de chlár teagaisc na Gaeilge. Tar éis na ranganna bhíodh drámaí, díospóireachtaí amhránaíocht, ficheall agus ansin céilí gairid ann ar feadh leathuaire. Ag na deirí seachtainí bhíodh peil agus iománaíocht agus camógaíocht agus céilí i 25 Cearnóg Pharnell oíche Shathairn agus turas sna sléibhte tráthnóna Domhnaigh. Agus mé ag féachaint siar air caithfidh mé a rá nach rabhamar leathbhuíoch do choiste na craoibhe sin as iomlán an tsoláthair a rinneadar orainn. Tar éis a thuigtear gach beart, ar ndóigh!

Is léir an maolú ar smaointeoireacht Mhic an Bheatha faoin gConradh sa mhéid sin thuas, agus an t-aitheantas a bhí sé anois ag tabhairt doibh as an obair a rinne siad. Deir sé freisin:

Rinne mé tagairt éigin don obair seo i mo leabhar Téid Focal le Gaoith. Ach ní dóigh liom gur mhínigh mé i gceart feabhas na hoibre a bhíodh ar siúl, ná feabhas an mhodha teagaisc teanga sin a cheangail staidéar agus spraoi agus spóirt le chéile agus a rinne cainteoirí réasúnta Gaeilge asainn. Tá modhanna nua tagtha ar an saol ó shin.  Iontach liom má bhíonn ceann ar bith acu chomh tairbhiúil leis an chúrsa a bhí le fáil sa chraoibh sin ar faoi bhún an phuint don bhliain.

Bhí sé fós cáinteach ar ghníomhaíochtaí reatha an Chonartha san alt, áfach:

An rud a bhí mé féin agus Séamas Mac Gloin a rá linn féin agus na smaointe á síneadh siar againn an oíche faoi dheireadh, an t-athrú a tháinig ón uair sin i leith. Níl mé ag díspeagadh na hoibre atá ar siúl sa lá inniu ag an Ardchraobh. Tuigtear dom go bhfuil scéil theagaisc ar fheabhas acu, cé gur deacair dom a ghlacadh go bhfuil na himeachtaí iar-ranganna ar aon scála chomh maith lena mbíodh ar siúl ag an chraobh san am a bhfuilim ag caint air. Ach ní hé sin atá ag luí ar m’intinn ach nach raibh san Ardchraobh ach craobh amháin de níos mó ná ceithre chraobh a bhí i mbun oibre i gCearnóg Pharnell san am agus nach bhfuil aon cheann díobh ann anois, cé go bhfuil cuid díobh i mbun oibre i gcónaí áit éigin eile.

An t-áras mór sin a bhíodh ag an Ardchraobh trí oíche den tseachtain agus ag Coláiste Laighean an chuid eile den seachtain, tá sé i seilbh dreama eile anois agus tá an chraobh lonnaithe in uimhir a sé Sráid Fhearchair. Bhíodh Craobh an Chéitinnigh i mbun oibre in aice linne i gCearnóg Pharnell san am. Ní shílim go raibh an neart ann a bhíodh sa chraobh seo againne, ach bhí siad as cuimse maith i dteaca leis an drámaíocht agus leis na coirmeacha ceoil agus leis an raidió go háirithe, cé go mbíodh na himeachtaí eile a luaigh mé i gcás na hArd-Chraoibhe ar siúl acu chomh maith.

 

Na Siamsaí Móra

Bhíodh Craobh Mhóibhí i mbun oibre in uimhir a 14. Arís ní cuimhin liom go raibh an chraobh seo chomh láidir le ceachtar den da cheann eile. Ach bhíodh an chraobh sin agus craobh an Chéitinnigh páirteach i reachtáil na Siamsaí Móra gach oíche Dhomhnaigh i dTeach an Ardmhéara. Bhíodh na céadta i láthair ag na siamsaí seo agus cé go mbíodh a lán Béarla ar siúl acu, an té a raibh Gaeilge uaidh, bhíodh sé le fáil aige. Bhíodh Craobh na bhFiann ag teacht le chéile freisin, más buan mo chuimhne, in uimhir a 14 den chearnóg agus in uimhir a 25 bhíodh ceanncheathrú ag an Fháinne agus ar ndóigh is ansin a bhí ardoifig an Chonartha.

De réir mar thuigim an scéal tá na craobhacha seo, a bhfuil fágtha díobh, ag teacht le chéile anois i Sráid an Fhearchair. Ní cuimhin liom aon trácht a chluinstin ar Chraobh an Céitinnigh (sic) le fada; trua liom mura bhfuil sí ann a thuilleadh. Ach is eagal liom gur imigh a lán den neart as na craobhacha sin ón am sin i leith.  Is trua é.  Cé nár chreid mé riamh go raibh sé i ndán dóibh aon athrú bunúsach a dhéanamh ar staid na teangan sa tír, mar institiúidí Gaeilge agus cultúir, bhí cuid acu ar fheabhas. Agus go cinnte bhí an Ardchraobh ina hacadamh teanga nárbh fhurasta a fheabhsú.  B’fhéidir go bhfuil i gcónaí.

 Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Go luath tar éis a bunaithe, bhí Glún na Buaidhe páirteach in coup d’état a rinneadh ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Deir Mairéad Ní Chinnéide (2013: 14) gur ‘Neartaíodh tionchar agus stádas an Chomhchaidrimh i 1946 nuair a d’éirigh leis, i gcomhar le heagras eile, Glúin na Bua, ceannasaíocht a fháil ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, scátheagraíocht na n-eagras Gaeilge…’ Roimhe sin, ba mhinic píosaí cáinteacha faoin gComhdháil ar fáil ar leathanaigh Inniu. In eagrán na Samhna, 1943, mar shampla, moltar don Chomhdháil ‘léir-plean feachtais a leagaint amach’ agus déantar cáineadh ar Chonradh na Gaeilge nach bhfuil aon phlean acusan ach oiread. In eagarfhocal Inniu ar 11 Deireadh Fómhair, 1946, foilsítear gearán eile faoi Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagraíocht a bhí ag fáil €8000 sa bhliain ag an am ach nach raibh ag cur na Gaeilge chun cinn, dar le lucht Inniu agus bhaill Ghlún na Buaidhe. Coicís ina dhiaidh sin in eagrán an 25 Deireadh Fómhair, 1946, moltar do lucht na Comhdhála go gcaithfear an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla, agus í a chur sa phictiúrlann, i leabhair, i nuachtáin agus i dtréimhseacháin. Cé go ndearna Glún na Buaidhe féin seilbh a ghlacadh ar an gComhdháil, níor éirigh leis an eagraíocht dul i bhfeidhm ar an rialtas mar ba mhaith leo. Ar 7 Deireadh Fómhair, 1955, scríobh Proinsias Mac an Bheatha in Inniu gur

Chreid na heagraíochtaí a bhí i mbun Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le hocht mbliana anuas gurbh fhearr a d’éireodh leo an Stát a bhogadh lena dhualgaisí don Ghaeilg a chomhlíonadh, tré chomhairle agus moltaí ciallmhara a chur ina láthair ná tré chnáimhseáil agus cancaránacht. Shíl muid gur thairbhí don Ghaeilg sinn bheith toilteanach comhoibriú leis an Stát ná bheith ag cur ina éadan. Cé go bhfuil feabhas nach suarach ar fhoilsitheoireacht agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge de thairbhe an chomhoibrithe sin, ní mór a admháil gur theip orainn a chur ina luí ar cheann ar bith de na dronganna móra go bhfuil dualgas práinneach ar an Stát beartas mór leanúnach a chur ar siúl chun an Ghaeilg a chur i réim mar ghnáth-theanga labhartha agus gnótha agus chun meath na Gaeltachta a chosc…

 Nuair a bhí deireadh ag teacht le Inniu in 1984, scríobh Mac an Bheatha arís (10 Lúnasa) faoin réasúnaíocht a bhain leis an coup d’état ar an gComhdháil:

Bhíomar sásta a bheith páirteach i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge fad is a bhí eagraíocht sin dírithe ar polasaí na hathbheochana dáiríre. Ba shin é an tráth a raibh sracadh sa Chomhdháil agus tionchar Earnáin de Blaghd in uachtar ann.

D’éirigh leis an Chomhdháil san am sin, ainneoin na leas-chairde, eagar fónta a chur ar chairde agus ar ghluaiseacht na Gaeilge agus na fórsaí sin a dhíriú ar rialtas na linne sin d’fhonn go nglacfaí le polasaí dáiríre Stáit ar an athbheochan.

Ba shin é an uair ba mhó lenár linn a raibh ábhar dóchais in imeachtaí na hathbheochana, ach bhunaigh De Valera, a bhí ina Thaoiseach san am, an Coimisiún ar Athbheochan na Gaeilge – ní raibh aon ionadaí ag Glúin na Buaidhe ar an choimisiún sin – agus cé gur chuir an Chomhdháil feachtas éifeachtach ann le tacaíocht a thabhirt do mholtaí an Choimisiúin ní raibh gar ann.

Glún na Buaidhe a mhol go rachfaí i mbun fheachtas sin na síniúchán agus is ó Shéamas Ó Cathasaigh a tháinig an smaoineamh.

D’fháiltigh Rialtas Fhianna Fáil roimh mholtaí an Choimisiúin agus d’fhoilsigh an Páipéar Bán a ghlac le cuid mhór de na moltaí – agus ansin rinne dearmad de.

Polasaí an “dátheangachais” in áit pholasaí na hathbheochana atá ag an stát ó sin.

Conclúid

Dúirt Risteárd Ó Glaisne an méid seo faoi Inniu in The Irish Times, in 1982:

At first Inniu was enterprising and at times quite daring, at least in terms of the narrow world it occupied.  However, for many a long day now it has been worthy rather than exciting. One of its outstanding weaknesses was that it was based far too largely on the thought and activity of people whose energies were so taken up with the preservation of the Irish language that they were not crucially involved in other significant areas of national and international life. Its directorate and all too many of its most regular contributors remained the same decade after decade. Again, it did not receive – and as far as I am aware, did not seek – the effective support of many of the best writers in Irish during that period. That, I would guess, was partly due to an indefensible sectionalism within the Irish language movement, partly to an innate conservatism in those who directed its fortunes, and partly to the paper’s inability to pay outside contributors attractively.

Ní ba luaithe san alt seo, luadh sliocht le Proinsias Mac an Bheatha (1983: 51) ina ndúirt sé nár léir don Ghlún ‘go raibh aon ghluaiseacht ann’ ag an am, ‘agus má bhí a leithéid ann, níor léir dúinn aon ghluaiseacht fúithi. I gcás ar bith, tugadh le fios dúinn nach raibh fáilte romhainn féin ná roimh ár dtuairimí’. Sa chuid deiridh den sliocht sin, áfach, d’admhaigh an Beathach nár éirigh leo an aidhm seo a bhaint amach.  

Níl Glúin na Buaidhe ann níos mó. Ach tá na heagraíochtaí Gaeilge ann i gcónaí agus na himeachtaí gan dochar ar siúl acu mar bhí riamh, ach na heagraíochtaí sin níos laige ná riamh agus a gcuid imeachtaí lán chomh neamhurchóideach is a bhí leathchéad bliain ó shin, agus cúrsaí agus staid na Gaeilge níos measa ná bhí riamh.

Is Conradh na Gaeilge atá i gceist anseo aige, ar ndóigh, agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i measc ceanna eile. Níos faide ar aghaidh sa leabhar, deir Mac an Bheatha (53), áfach:

Ní gá dúinn aon leithscéal a ghabháil as an teip sin Ghlúin na Buaidhe mar eagraíocht. Níl aon amhras orm ná go raibh an ceart againn nuair a dhíríomar ar chroílár cheist na hAthbheochana – an Stát agus an pobal glacadh dáiríre le sárthábhacht na teanga náisiúnta agus glacadh dáiríre lena ndualgas an saothar agus an dúthracht a chaitheamh lena slánú agus nuair rinneamar iarracht gluaiseacht na Gaeilge a dhíriú ar an cheist sin in áit dúthracht a chaitheamh ar imeachtaí imeallacha agus mítreoir a chur ar dhaoine agus ar an tír féin, b’fhéidir, lena linn. Níl le rá againn ach go ndearnamar ár ndícheall agus nárbh féidir linn níos mó a dhéanamh.

Tháinig Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Ailtirí na hAiséirí chun cinn in Éirinn ag tréimhse an-chorraitheach i stair na hEorpa.  Bhí an Dara Cogadh Domhanda faoi lánseol; bhí an Faisisteachas tagtha chun cinn i dtíortha eile san Eoraip, agus bhí an náisiúnachas a bhain leis seo tarraingteach do roinnt sa tír seo.  Bhí gluaiseacht na Gaeilge bainteach riamh le cúrsaí náisiúnachais, ach braitheadh go raibh príomheagraíocht na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, lag ag an am.  Is frithghníomh ina aghaidh sin a bhí i mbunú na n-eagraíochtaí nua seo, agus is Inniu an gléas bolscaireachta a bhí ag an nGlún san obair athnuachana. Dar le Proinsias Mac Aonghusa (1991: 24–5) nach raibh ‘leath an bhealaigh sách fada don Chuinneagánaigh’, ach ba leor é do na daoine a thréig Gearóid Ó Cuinneagáin, a d’fhág Craobh na hAiséirí agus a chuaigh leis an nGlún. Rinne lucht na Glúine, agus lucht Inniu go sonrach obair thábhachtach i saothrú na hiriseoireachta Gaeilge agus thug siad seirbhís mhaith do chainteoirí Gaeilge na tíre ar feadh ceathracha bliain. Tá nós na scoilte coitianta i gcás eagraíochtaí Gaeilge, agus ní minic a théann sé chun tairbhe na heagraíochta, ach d’fhág an scoilt seo i gConradh na Gaeilge – a ba chúis le bunú Inniu é – oidhreacht shaibhir iriseoireachta againn agus foinse luachmhar ar stair na hÉireann san 20ú haois.

 

Leabhairliosta

Tagairtí

Delap, B. (2007) Ar an taifead: fís, fuaim, focal.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Delap, B. (2008) ‘Irish and the Media.’ A New View of the Irish Language. Nic Pháidín, C. & Ó Cearnaigh, S. (eag.) Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Douglas, R.M. (2009a) Architects of the Insurrection: Ailtirí na hAiséirighe and fascist ‘new order’ in Ireland.  Manchester: Manchester University Press.

Douglas, R.M. (2009b) ‘Ailtirí na hAiséirghe: Ireland’s fascist New Order.’ 20th Century Social Perspectives.  Issue 5, Vol. 17. https://www.historyireland.com/ailtiri-na-haiseirghe-irelands-fascist-new-order/.

Mac an Bheatha, P. (g.d.) I dTreo na Gréine.  Baile Átha Cliath: FNT.

Mac an Bheatha, P. (1967) Téid Focal le Gaoith. Baile Átha Cliath: FNT.

Mac an Bheatha, P. (1983) Téann Buille le Cnámh. Baile Átha Cliath: FNT.

Mac an Bheatha, P. (1985) ‘Gaeilge Uladh i mBaile Átha Cliath.’ An tUltach. Nollaig, 20.

Mac Aonghusa, P. (1991) ‘Ní raibh leath an bhealaigh sách fada don Chuinneagánach.’ Anois. 24–5 Lúnasa.

Mac Aonghusa, P. (2002) ‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge.’ Foinse. 24 Márta, 18.

Ní Chinnéide, M. (2013) Scéal ‘Ghael-Linn’. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ní Chinnéide, M. (2018) Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Baile Átha Cliath: LeabharComhar.

Ní Uigín, D. (1992) ‘Deirdre.’ An tUltach. Nollaig, 349.

Ní Uigín, D. (1995) ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe & Bunú Inniu. Irisleabhar Mhá Nuad. 75110.

Ní Uigín, D. (2017) ‘Risteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachta.’ An Reiviú, 5: 77–88. (https://doi.org/10.13025/rjdf-2811)

Ní Uigín, D. (2019) ‘Samplaí den Fhrith-Sheimíteachas in Irisí Éireannacha / Gaelacha sa chéad leath den 20ú hAois.’ An Reiviú, 7: 113–29. (https://doi.org/10.13025/e1st-zs71)

Ó Cearnaigh, S. (1993) ‘Baois na hóige agus na focail a chuaigh le gaoth: Inniu, an Fiú a Chomóradh?’  Lá, 1 Aibreán.

Ó Duibhginn, S. (1962) Ag Scaoileadh Sceoil. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

Ó Fiaich, B. (1990) ‘“Fál” agus “Dearcadh” – Fealsúnacht Úr ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste sna Caogaidí.’  Tráchtas MA, Dámh na Daonnachta, Ollscoil Uladh, Cúl Raithin.

Ó Glaisne, R. (1982) ‘Plan to amalgamate Irish papers opposed.’ The Irish Times, 10 Meitheamh.

Ó hUid, T. (1982) ‘Nuachtán Náisiúnta na nGael.’ Comhar, Meán Fómhair 1982, 5–6. 

Agallamh 

Agallamh a chuir Ciarán Ó Coigligh ar Tharlach Ó hUid; Fómhar 1982.  (Fonótaí le P. Mac an Bheatha.)

Nuachtáin

Amárach

Inniu