Eagarfhocal

Tá lúcháir orainn fáilte a chur romhaibh chuig an gceathrú heagrán déag de An Reiviú. Is iris acadúil í a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach bliain. Is mór an onóir dúinn go mbeidh An Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, linn leis an iris a sheoladh i mbliana agus gur scríobh sí réamhrá na hirise.

San eagrán seo tá réimse leathan alt a spreagfaidh suim sa léitheoir agus a chlúdaíonn an tsochtheangeolaíocht, teagasc teangacha agus dúchas, chomh maith le léirmheasanna ar thrí leabhar. Tá blas idirnáisiúnta le brath san eagrán seo le roinnt údar atá lonnaithe taobh amuigh d’Éirinn agus is léiriú é seo ar neart na Gaeilge sa ré dhigiteach.

Tá an Coiste Eagarthóireachta go mór faoi chomaoin ag gach duine a thug tacaíocht don eagrán seo. Is mór againn obair na n-údar ar fad agus na ndaoine a thug faoi thasc na piarmheasúnóireachta ach go háirithe. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus leis an Dr Dorothy Ní Uigín a bhí ina crann taca. Is deis iontach é a bheith páirteach sa tionscadal seo a chuireann an Dr Ní Uigín ar fáil do mhic léinn agus chomhlíon sí a dualgas le foighne agus díograis, agus i bhfad níos mó ná sin arís i mbliana.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an dearthóir Shannon Reeves as an gcuma shlachtmhar a choinníonn sé ar an iris gach bliain. Tá muid go mór faoi chomaoin ag Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge, agus ag an bhForas féin, as an maoiniú agus as tacú leis an iris ón dtús.

Tá súil againn go mbaine sibh sult as an eagrán seo de An Reiviú.

An Coiste Eagarthóireachta 2026

Lorna Johnson, Eagarthóír Mac Léinn

Eagarthóir Stiúrtha: An Dr Dorothy Ní Uigín
Bord Comhairleach: An Dr Hugh Rowland, Belinda McHale, An Dr Seathrún Ó Tuairisg, Lisa Ní Fhlatharta