DOI: https://doi.org/10.13025/h8r5-zz92

Eispéireas an ábhair oide ar B.Oid trí Mheán na Gaeilge maidir le FCÁT a chur i bhfeidhm sna hAmharcealaíona ar Shocrúchán scoile

Réamhrá

Tá bláth agus rath tagtha ar earnáil an tumoideachais in Éirinn agus an chuma ar an scéal go bhfuil éileamh seasta ar an nGaelscolaíocht go fóill (Ó Duibhir, 2018) agus tá dalta amháin as dáréag ag fáil a chuid oideachais i nGaeilge i bPoblacht na hÉireann de réir staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna (Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021). Mar sin féin, admhaítear go mbíonn deacrachtaí earcaíochta i suíomh an tumoideachais chun múinteoirí a fhostú ‘a bhfuil dóthain inniúlachta acu sa Ghaeilge le teagasc tríd an teanga’ (ROS, 2016: 24). Braitear chomh maith, gurb iad na múinteoirí féin an acmhainn is suntasaí chun ardcháilíocht oideachais a neartú agus chun foghlaim na ndaltaí a fheabhsú (An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE / OECD as Béarla), 2005). Tuigtear go mbíonn inniúlachtaí cuí agus tuiscintí doimhne de dhíth ó mhúinteoirí tumoideachais, inniúlachtaí nach mbíonn riachtanach do mhúineadh na chéad teanga (T1) (Baker, 2003; Cammarata & Tedick, 2012; Lyster, 2007; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghda, 2017). Tugadh le fios, áfach, go mbíonn cláir oiliúna easnamhach do mhúinteoirí tumoideachais go hidirnáisiúnta (Cammarta & Tedick, 2012) agus tuairiscítear an rud céanna in Éirinn (Mac Donnacha et al., 2005; Ó Grádaigh, 2015). Chomh maith leis sin léirítear go mbíonn rath ar an oideachas dátheangach má bhíonn béim ar mhodheolaíochtaí don ábhar agus don teanga agus ar eolas oideolaíochta in oiliúint na múinteoirí (Dafouz et al., 2007; Coyle et al., 2010; Aguilar & Rodríguez, 2012; Fortanet-Gómez, 2012; Martín del Pozo 2015; Ní Dhiorbháin & Ní Bhaoill, 2018).

Is sa bhearna sholáthair seo a cuireadh tús le céim Bhaitsiléara san Oideachas trí Ghaeilge (B.Oid. feasta) in 2019 chun oiliúint trí Ghaeilge a chur ar an gcéad ghlúin eile d’ábhair oidí (Ní Dhonnchadha, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Dhonnabháin, 2015). Céim ceithre bliana atá sa B.Oid. ina gcaitear tréimhse trí seachtaine ag múineadh sa Ghaeltacht mar aon leis na socrúcháin scoile eile a dhéantar i nGaelscoileanna. Le socrúchán scoile, tugtar deis do na hábhair oidí réimse oideolaíochtaí a úsáid i nGaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta. Déanann feitheoir breathnóireacht ar chuid de na ceachtanna seo ar mhaithe le breithmheas a dhéanamh agus moltaí a thabhairt agus tugtar grád don ábhar oide i réimse na pleanála agus an mhúinte.

Déanfar iniúchadh san alt seo ar eispéireas agus meon cúigear ábhar oide ón mB.Oid. trí mheán na Gaeilge maidir leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT feasta) a chur i bhfeidhm sna hamharcealaíona ar cheann de na tréimhsí socrúcháin scoile thuasluaite. Is cur chuige oideolaíoch atá san FCÁT ina sealbhaíonn foghlaimeoirí an sprioctheanga trí dhul i ngleic le foghlaim an ábhair (Harris & Ó Duibhir, 2011; Coyle et al., 2010). Is oideolaíocht lárnach é FCÁT sa chóras tumoideachais ach tuairiscítear go minic, go mbíonn neamhaird ar phleanáil chórasach do riachtanais na teanga i dteagasc ábhair (Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017). Sa mhullach air sin, tugtar le fios sa litríocht go mbíonn cur i bhfeidhm FCÁT dúshlánach do mhúinteoirí láncháilithe araon (Lyster, 2011; Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017) gan trácht ar ábhair oidí i mbun céime san oideachas ag tabhairt faoin oideolaíocht chasta seo ar shocrúchán scoile. Díreofar san alt seo ar iarrachtaí na n-ábhar oidí agus iad ag iarraidh dul chun cinn sa sprioctheanga (an Ghaeilge sa chás seo) agus san ábhar (na hamharcealaíona sa chás seo) a chinntiú i measc foghlaimeoirí.

Faigheann na hábhair oidí ar an gcúrsa B.Oid. ionchur maidir le modheolaíocht FCÁT (Coyle et al., 2010) agus coimeádtar dialann FCÁT chun teanga ábhartha na n-ábhar éagsúla a chlárú thar na ceithre bliana. Tá sé mar aidhm ag an taighde seo bearnaí atá i dtuiscint na mac léinn ar conas FCÁT rathúil a phleanáil agus a chur i bhfeidhm a aithint. Má bhailítear tuairimí na n-ábhar oidí ar a eispéireas le FCÁT, táthar ag súil go mbeidh tuiscint níos forbartha acu ar an tábhacht a bhaineann le teanga agus le hábhair a chomtháthú agus cabhróidh an t-eolas seo leis an gclár B.Oid. trí Mheán na Gaeilge cur le cumas na mac léinn amach anseo freastal ar FCÁT ar shochrúcháin scoile i suíomhanna lán-Ghaeilge. Tá súil ag na húdair léargas cuimsitheach a thabhairt ar staid reatha an FCÁT ar an mB.Oid chun an tseirbhís oiliúna d’ábhar oidí a thabhairt go barr feabhais agus múinteoirí cumasacha a sholáthar don earnáil tumoideachais in Éirinn.

An Léirbhreithniú Litríochta

Réamhrá

Déanfar iarracht sa léirbhreithniú litríochta seo gnéithe éagsúla den oideachas dátheangach a nascadh le chéile mar bhunchloch don staidéar seo, lena n-áirítear na téamaí seo a leanas:

  • An tumoideachas
  • An fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga
  • Múineadh na n-amharcealaíon sa churaclam
  • Eispéiris an ábhair oide ar shocrúchán scoile i gcomhthéacs na bpointí thuasluaite

An Tumoideachas

Cé go mbíonn an chuma ar an scéal go mbíonn daltaí líofa i suíomhanna sóisialta braitear nach mbíonn an teanga riachtanach don ábhar acadúil acu (Lightbrown & Spada, 2013) nó na scileanna ginchumais chun an fhoghlaim a léiriú ar bhealach suntasach (Coyle et al., 2010).  Tuairiscítear go mbíonn scileanna ginchumais na ndaltaí tumoideachais in Éirinn neamhfhorbartha sna réimsí seo a leanas: cúrsaí cruinnis, castacht ghramadaí, sainiúlacht léacsach agus sochtheangeolaíoch (Ó Duibhir, 2009, 2018; Walsh, 2007). Tá stór focal teoranta agus gramadach shimplí ag daltaí tumoideachais in Éirinn chomh maith le tionchar an Bhéarla le brath ina gcuid comhréire (Ó Ceallaigh, 2016). D’aimsigh Ó Duibhir (2018) go raibh ráta earráide ag 30.2% i scileanna ginchumais daltaí i Rang a Sé sa suíomh tumoideachais a léiríonn gur sealbhú neamhiomlán, ‘Gaelscoilis’ nó ‘Géarla’ (Ó Duibhir, 2018: 113) a bhíonn acu. Mar gheall air sin, braitear anois gur cheart do mhúinteoirí tumoideachais cuspóirí a dhíríonn ar an teanga shainiúil ina gcuid cleachtas ranga a dhearadh.

An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT)

Sonraítear anois an tábhacht a bhaineann le hábhar a theagasc agus aird a dhíriú ar riachtanais teanga na ndaltaí sa dara teanga mar chuid den ábhar acadúil (Cammarta & Haley, 2018; Cammarta & Tedick, 2012; Lyster, 2007; Morton, 2016: Ó Ceallaigh et al., 2017; Ó Ceallaigh, et al., 2018; Tedick & Lyster, 2020).  Don alt áirithe seo sainmhínítear an FCÁT mar ‘a type of instruction that fuses the best of subject matter and language teaching pedagogies’ (Morton, 2010: 27).

Maidir leis an FCÁT i gcomhthéacsanna éagsúla, tuairiscíodh roinnt bearnaí sa chleachtas. I réimse na matamaitice, mar shampla, cuimsíodh cuspóirí teanga i gceachtanna na múinteoirí réamhsheirbhíse mar liosta stór focal sainiúil don ábhar, gan mórán tráchta ar ghnéithe eile den chód teangeolaíoch (gramadach, fóineolaíocht, dioscúrsa san áireamh) (Ó Ceallaigh, 2021). I staidéar eile chreid na múinteoirí Spáinnise go raibh siad ‘de shíor ag múineadh teanga’ agus cé gur chuir siad béim ar stór focal agus ar bhriathra ina gcuid ceachtanna, tuairiscíodh nár éirigh leo cabhrú lena ndaltaí dul i ngleic le hábhar casta sna hardranganna (Fortune et al., 2008).

Mar chuid den chur chuige FCÁT a úsáidtear ar shocrúchán scoile bíonn an ‘teanga triptic’ ina chuirtear béim ar fheidhmeanna teanga idirnasctha a chur i bhfeidhm FCÁT (Coyle et al., 2010). Creatlach pleanála d’ábhair oidí atá ann, chun teanga a bheidh riachtanach d’ábhar oidí ina gcuid ceachtanna a ullmhú. Cuimsítear ‘teanga an ábhair’ (foclóir nó téarmaí atá de dhíth don cheacht), ‘teanga don mhúineadh’ (an teanga a úsáideann an múinteoir chun deiseanna teanga a sholáthar) agus ‘teanga don fhoghlaim’ (frásaí a úsáideann na páistí chun cumarsáid a dhéanamh sa seomra ranga):

Figiúr 1: Cur Chuige don Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair & Teanga (Teanga Triptic)

Na hAmharcealaíona i gCuraclam na Bunscoile

Faoi láthair caitear uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar na hamharcealaíona sa bhunscoil. Is cuid lárnach é i gcuraclam na hEalaíne mar aon leis an Drámaíocht agus leis an gCeol. Tugtar le fios go mbaineann curaclam na n-amharcealaíon in Éirinn leis an bpáiste mar dhearthóir (ROSb, 1999: 12). Mínítear go bhfuil curaclam na n-amharcealaíon roinnte ina shé shnáithe: líníocht, péint agus dath, priontáil, fabraic agus snáithín agus cré le béim ar bhreathnú agus freagairt (Ní Bhroin, 2012). Mar sin féin, aithnítear go múineann an múinteoir ginearálta an curaclam seo gan saineolas san ábhar (Cohen et al., 2006). Maítear nach gcaitear mórán ama ar shnáithe áirithe ag eascairt as easpa eolais agus muiníne, ganntanas smaointe, agus easpa pleanála téamach (Cleary, 2010). Roghnaítear saothar ealaíne ar mhaithe le comhtháthú thar an gcuraclam nó do dhul chun cinn na teanga, in ionad ealaín a roghnú don ealaín féin (Flannery, 2012b, Flannery, 2012a: 78). Tuairiscítear go gcuirtear an fhoghlaim tríd an ealaín chun cinn seachas an fhoghlaim faoin ealaín (Flannery, 2012a).

Baineann múineadh na n-amharcealaíon le cumarsáid a chothú leis na páistí ar a gcinntí ealaíne féin agus meon ceistithe nó súil chriticiúil a fhorbairt iontu mar ealaíontóirí iad féin (Watts, 2005; O’Donoghue, 2012). Braitear go láidir anois nach gcuirtear a dóthain béime ar an snáithaonaid ‘breathnú agus freagairt’ sa churaclam (Flannery, 2012b; ROS, 2005: 41). Tuairiscítear go gciallaíonn breathnú agus freagairt go bhforbraítear feasacht, breithiúnas agus breithmheas ar ealaín (ROS, 1999a; ROS, 1999b; Crafts Council, 2009; ROS, 2005; CNMÉ, 2009; CNCM, 2005). Deimhnítear go mbaineann gach snáithe sa churaclam le snáithaonaid dírithe ar bhreathnú agus freagairt nó deis d’idirghníomhú le healaíontóirí eile a bhíonn ag plé leis na meáin sin (Flannery, 2012a; Ní Bhroin, 2012). Beidh le feiceáil sa taighde seo an gcuirfidh na hábhair oidí béim ar an snáithe seo ar shocrúchán scoile mar bíonn ról ag cláir oideachais na n-amharcealaíon an cur chuige seo a spreagadh i measc múinteoirí réamhsheirbhíse (Ní Bhroin, 2012).

Figiúr 2: Na Snáitheanna i gCuraclam na nAmharcealaíon

Tugann breathnú agus freagairt deiseanna do pháistí a gcuid mothúcháin a aithint agus a chur in iúl maidir le saothar ealaíne (Davis, 2008: 58). Tá teanga tábhachtach sna hamharcealaíona chun machnamh agus féinléiriú cruthaitheach a chur i gcrích (Grennan, 2017).

 …without [an appropriate art vocabulary children] are unable to engage properly in constructive and informed discussion about their own work, or to reflect upon and appraise the work of others (Clement, 1993: 186)

Molann Flannery (2012b) gur chóir go mbeadh cuspóirí foghlama i gcuraclam na n-amharcealaíon chun freastal ar dhul chun cinn teanga an ábhair i mbreathnú agus freagairt chun na páistí a chumasú le cur síos agus breithmheas a dhéanamh, ceistiú, agus chun tuairimí a phlé le tuilleadh muiníne agus inniúlachta. Tá an t-alt seo tábhachtach mar féachfar ar na hiarrachtaí a dhéanann na hábhair oidí chun freastal ar theanga do bhreathnú agus freagairt sna hamharcealaíona agus iad ag tús a n-aistear múinteoireachta.

Sna léachtaí, d’úsáid léachtóir na n-amharcealaíon sa choláiste oideachais seo straitéisí amharc-smaointeoireachta (SAS / Visual Thinking Strategies – VTS) atá in úsáid i ndánlanna timpeall na cruinne agus i scoileanna i Meiriceá chun smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna cumarsáide a chur chun cinn (Yenawine, 2014). Le SAS scrúdaíonn páistí íomhá éigin ar a leibhéal féin agus míníonn siad cad atá ag dul ar aghaidh sa phictiúr trí shonraí a lua chun a gcuid smaointeoireacht nó a bhfeasacht a chur in iúl (Grennan, 2017). 

Tugadh treoir láidir do na hábhair oidí sna léachtaí amharcealaíon go mbeadh súil le straitéisí mar seo ar shocrúchán scoile chun ‘breathnú agus freagairt’ a chur chun cinn agus gur gá dóibh an Teanga Triptic a úsáid chun an réimse teanga atá riachtanach a phleanáil.

Modheolaíocht an Taighde

Roghnaíodh an pharaidím thógachaíoch don taighde seo toisc go raibh sonraí cáilíochtúla idir dhearcthaí na n-ábhar oidí agus fianaise i leith FCÁT a chur i bhfeidhm sna hamharcealaíona, á mbailiú. Rinneadh scagadh ar na dialanna FCÁT a choinnigh cúigear ábhar oide, eagraíodh grúpa fócais le pleanáil do FCÁT sna hamharcealaíona a phlé agus cuireadh na hábhair oidí faoi agallamh leathstruchtúrtha ag deireadh an tsocrúcháin. Glactar leis anois go bhfuil sé ríthábhachtach próiseas machnamhach a chothú i measc na n-ábhar oidí i gclár tumoideachais réamhsheirbhíse (Horrigan & Leavy, 2019) agus chuige sin iarrtar orthu dialanna machnamhacha a choinneáil agus tascanna machnamhacha a chomhlíonadh mar chuid de mhodúil an tsocrúcháin scoile. Sa pharaidím thógachaíoch ba cheart don taighdeoir taithí reatha na rannpháirtithe a thuiscint óna ndearcthaí (Cohen et al., 2017). Sampláil chuspóiriúil a bhí i gceist le hearcú na rannpháirtithe sa taighde seo. Leis an sampla is fearr a fháil ar an mB.Oid. tugadh cuireadh do gach ábhar oidí sa bhliain (u=36) páirt a ghlacadh sa taighde chun sampláil dóchúlachta níos leithne a fháil. Mar chritéir roghnúcháin, díríodh ar chúigear ábhar oide ó chúlraí éagsúla oideachais, sochtheangeolaíochta agus tíreolaíochta.

Torthaí agus Anailís

Tuairimí na nÁbhar Oide

Tugadh le fios ó thús an taighde seo go raibh creidiúintí láidre ag na hábhair oidí ar an tábhacht a bhain le múineadh teanga an ábhair sna hamharcealaíona ar shocrúchán scoile. Aithníodh sa ghrúpa fócais gur ghá pleanáil do theanga an ábhair le linn mhúineadh na n-amharcealaíon:

Tá gá go mbeadh ar a laghad ceann de na cuspóirí pleananna ceachta bunaithe ar an teanga agus cén teanga a bheidh á múineadh againn sna ranganna Amharcealaíona (sic) (Ailbhe, san fhócasghrúpa)

Sular imigh na hábhair oidí amach ar shocrúchán scoile chreid triúr sa ghrúpa fócais go raibh an-tábhacht ag baint le stór focal agus foclóir a mhúineadh mar chuid de FCÁT ach ba chosúil go raibh an iomarca béime ar fhoclóir seachas ar chumarsáid éifeachtach agus rannpháirtíocht trí Ghaeilge. Mar sin féin, léirigh beirt an tábhacht a bhain le ‘teanga don fhoghlaim’, áfach:

Ní hamháin an foclóir atá á fhoghlaim acu ach an comhthéacs ina úsáidtear iad a fhoghlaim freisin…. aon teanga go mbeidh ag teastáil a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann caint agus iad ag déanamh na healaíne lena bpáirtí. (Síle, san fhócasghrúpa)

Samhlú (sic) go bhfuil tusa ins an seomra ranga… éireodh frustrachas orm muna raibh mé in ann rudaí faoi leith a rá….cad a bheadh suim agatsa a rá agus ansin é a thabhairt chuig na páistí i mbealach gur féidir leo é a úsáid lena gcairde…Cén sort uigeacht atá agat ansin?’ Uaireanta is fearr nuair atá teanga tugtha dóibh i gcomhthéacs. (Ailbhe, san fhócasghrúpa)

Díríonn Ailbhe ar thuilleadh de ‘theanga na foghlama’ a theagasc ina féinmhachnamh ag deireadh cleachtais ar shocrúchán scoile:

B’fhéidir go ndéanfainn níos mó smaoineamh ar …frásaí ..le linn an cheachta b’fhéidir go bhfuil an fócas ar theanga a shealbhú a bhaineann le …ábhar an cheachta… seachas an teanga a bheadh in úsáid acu le linn an cheachta agus teanga neamhfhoirmiúil… ach go háirithe i nGaelscoil. (Ailbhe, agallamh)

D’aithin ábhar oide amháin go ndéantar faillí ar ‘theanga don fhoghlaim’ nó an Ghaeilge neamhfhoirmiúil a chur chun cinn i ndialanna FCÁT.

Comhtháthú Trasna an churaclaim

Sa ghrúpa fócais léirigh na hábhair oidí ar fad go raibh siad chun topaicí nó téamaí a roghnú mar inspioráid dá gcuid ceachtanna amharcealaíon a bheadh mar chomhtháthú le hábhair eile nó leis an nGaeilge ar mhaithe le teanga a chur chun cinn.

Comhtháthú a dhéanamh le hábhair eile…. foirgnimh i mBaile Átha Cliath…ag an am sin a thógáil as cairtchlár agus ansin cuirimid péint agus dath orthu (Cáit, san fhócasghrúpa)

Nasc le saol na bpáistí ag an am seo mar shampla Cáisc…an t-Earrach b’fhéidir (Jen, san fhócasghrúpa)

Bhuel tá mé ag déanamh chomhtháthú (sic) leis an nGaeilge, tá an aimsir á déanamh agam so beidh mé ag déanamh roinnt rudaí ar like dathanna don ghrian agus é sin a léiriú tríd péint (sic) agus dath (Enda, san fhócasghrúpa)

Tá sé tábhachtach chomh maith nach bhféachtar ar an hamharcealaíona mar mhodheolaíocht chun an teanga a chur chun cinn amháin (Davis, 2008: 4; Eisner, 1989: 18). Léiríonn an taighde seo go bhfuil meon na teanga ag na hábhair oidí agus iad ag pleanáil do mhúineadh na hamharcealaíona. Níor cheistigh ach beirt luach an chomhtháthaithe seo sa ghrúpa fócais:

Agus b’fhéidir rudaí nua a thógáil isteach sa rang mar shampla like ealaíontóirí nua nó…ní chaithfidh sé a bheith bainteach leis an ábhar atá á dhéanamh acu i gceachtanna eile (Enda, fócasghrúpa)

An ealaín a sórt nascadh (sic) leis an gCáisc, cé …níl a fhios agam an rud…b’fhéidir an rud iontach, iontach maith í (sic)…..tá mé chun potaí cré a dhéanamh don Cháisc (Ailbhe, fócasghrúpa)

In ainneoin an cheistithe ón mbeirt sa ghrúpa fócais tugadh le fios sna hagallaimh ar deireadh an tsocrúcháin scoile gur dhírigh gach rannpháirtí ar chomhtháthú agus iad i mbun na hamharcealaíona a mhúineadh. Roghnaíonn múinteoirí bunscoile saothar ealaíne ar mhaithe le comhtháthú thar an gcuraclam nó do dhul chun cinn na teanga, in ionad ealaín a roghnú don ealaín féin (Flannery, 2012b, Flannery, 2012a: 78).

An Snáithaonad ‘Breathnú agus Freagairt’ ar Shocrúchán Scoile

Dhírigh na hábhair oidí ar tháirgeacht ealaíne ina gcuid ceachtanna ar shocrúchán scoile agus cheistigh an taighdeoir ar chuir siad ‘breathnú agus freagairt’ chun cinn ina gcuid cleachtais. Mhínigh ábhar oide amháin gur chruthaigh sí taispeántas ach níl sé soiléir ar chothaigh sí plé ar shaothair na bpáistí. Tá sé suimiúil nár luaigh beirt ‘breathnú agus freagairt’ in aon chor ina n-agallaimh. Luaigh Enda é nuair a rinne sé machnamh ar a chleachtas a fheabhsú, ach ó thaobh breathnú agus freagairt a dhéanamh ar ealaín na bpáistí amháin ag deireadh an cheachta, gan trácht a dhéanamh ar shaothar ealaíontóirí eile:

Rinne mé an seó ealaíne …ach b’fhéidir níos mó ceisteanna a chur orthu, b’fhéidir iarr (sic) ar dhaoine teacht aníos agus an ealaín a thaispeáint agus go ndéanfar ….go ndéanfaí cur síos ar an ealaín a dhéanfadh siad (Enda, san agallamh).

Níos suimiúla fós, níor luaigh aon ábhar oide sa taighde seo gur úsáid siad ealaíontóir mar inspioráid do na ceachtanna amharcealaíon leis na naíonáin cé go ndearna Enda trácht ar úsáid a bhaint as ealaíontóirí mar inspioráid sa ghrúpa fócais.

Moltaí agus Conclúidí

Réamhrá

Mar a léiríodh níos túisce bíonn inniúlachtaí agus tuiscintí áirithe de dhíth ó mhúinteoirí tumoideachais nach mbíonn riachtanach do mhúineadh na chéad teanga. Rinneadh iniúchadh sa taighde seo ar eispéireas agus meon cúigear ábhar oide, ar Bhaitsiléir san Oideachas trí Ghaeilge, maidir le Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT feasta) a chur i bhfeidhm sna hamharcealaíona ar shocrúcháin scoile. Lonnaíodh an taighde sa pharaidím thógachaíoch toisc go raibh sonraí cáilíochtúla á mbailiú. Breathnófar anois ar chonclúidí an staidéir agus ar na moltaí a d’eascair astu.

FCÁT agus Múineadh Teanga ar Shocrúchán Scoile

Ó thaobh na hoiliúna de, chonacthas gur thuig iomlán na rannpháirtithe an tábhacht a bhain le teanga mar chuid den mhodheolaíocht FCÁT do shuíomh an tumoideachais agus iad ag múineadh na n-amharcealaíon. Tuigtear dúinn go bhfuil tiomantas an-láidir i measc na n-ábhar oidí seo ar a gcumas teanga a fheabhsú, stór focal a leathnú agus cruinneas teanga a bheith in úsáid acu, rud a thabharfaidh ábhar misnigh d’abhcóidí an tumoideachais i gcoitinne.

Taispeánann na torthaí an bhearna ollmhór atá sa chóras soláthair oiliúna, áfach, maidir le cur i bhfeidhm ‘teanga don mhúineadh’ agus ‘teanga don fhoghlaim’ agus léiríodh go raibh an iomarca béime ar stór focal nó ‘teanga an ábhair’. Léiríodh go mbíonn dúshláin faoi leith le sárú ag ábhair oidí ar shocrúchán scoile chun cothromaíocht a fháil idir ionchur leordhóthanach teanga agus deiseanna teanga a sholáthar agus aithníodh go raibh na hábhair oidí ag streachailt leis an méid Béarla a bhí á labhairt i ranganna na naíonán. Moltar go ndéanfaí gach iarracht níos mó béime a chur ar theanga an pháiste nó teanga neamhfhoirmiúil le linn a gceachtanna amharcealaíon ar shocrúchán scoile. Anuas air sin, iarrtar ar ábhair oidí níos mó ‘teanga don fhoghlaim’ a chlárú ina ndialanna FCÁT agus ina scéimeanna oibre nó pleananna ceachta.

FCÁT agus Múineadh an Ábhair ar Shocrúchán Scoile (Na hAmharcealaíona)

Taispeánadh go raibh na hábhair oidí gafa le comhtháthú le hábhair eile sa churaclam agus iad ag múineadh na n-amharcealaíon. Tugadh le fios nár cheistigh ach beirt luach an chomháthaithe seo do dhul chun cinn na n-amharcealaíon. Ní mór do na hábhair oidí béim a leagan ar ghníomhachtaí ealaíne a roghnú ar mhaithe le dul chun cinn coincheapa agus teicníochtaí ealaíne.

Is mór an trua nach gcaitear tuilleadh ama ag ‘breathnú agus freagairt’ ar shaothar ealaíontóirí éagsúla nó ar ealaín na bpáistí iad féin de bharr na bhféidearthachtaí caillte do dhul chun cinn na teanga agus an ábhair ar shocrúchán scoile. Impítear ar eagraíochtaí a chruthaíonn áiseanna éagsúla tumoideachais ar nós COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) díriú ar acmhainní teagaisc ar ardchaighdeán do na hamharcealaíona a sholáthar a chuireann ‘breathnú agus freagairt’ chun cinn do shuíomh an tumoideachais. Cruthaíonn easpa áiseanna teagaisc atá ar fáil d’ealaíontóirí éagsúla dúshlán oideolaíochta don snáithaonaid ‘breathnú agus freagairt’ nach beag d’ábhair oidí.

Ag eascairt as na torthaí taighde sin, moltar cuspóir amháin a bheith ag na hábhair oidí i ngach ceacht amharcealaíon ar na gnéithe seo a leanas:

  1. coincheap ó Churaclam na nAmharcealaíon a iniúchadh
  2. dul chun cinn na teanga triptic a chinntiú i.e. ‘teanga don fhoghlaim’, ‘teanga don mhúineadh’ agus ‘teanga an ábhair’
  3. teicníocht ealaíne
  4. ‘breathnú agus freagairt’ ina ndéanfaí ceistiú ar shaothar ealaíontóra chomh maith le breithmheas a thabhairt ar ealaín na bpáistí

Tá sé follasach ann féin go mbeadh ceist na teanga lárnach in aon phlé ar an bhfoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga agus tuigtear anois go mbeadh stádas comhionann ag cuspóirí teanga agus cuspóirí ábhair chun cothromaíocht a bhaint amach idir foghlaim na teanga agus foghlaim an ábhair sa phleanáil (Lyster, 2011; Ó Ceallaigh et al., 2021). Ceist thábhachtach eile (cé go luíonn sé lasmuigh de scóip an ailt seo) ná go mbeadh caighdeán teanga an mhúinteora féin sa sprioctheanga an-tábhachtach agus géarghá go ndíreofaí ar ardú cumais agus feasachta sa ghné seo den soláthar, ar bhealach córasach agus intomhaiste.

Mar Fhocal Scoir

Sa taighde seo rinneadh imscrúdú ar eispéireas an ábhair oide ar an mBaitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge. Bhain an staidéar go sonrach leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga a chur i bhfeidhm i gceachtanna amharcealaíon ar shocrúcháin scoile. Léiríodh go raibh na hábhair oidí tiomanta do chur chun cinn na teanga ach gur ghá a bheith airdeallach maidir le cur chun cinn an ábhair chomh maith. Is léir gur cheart tuilleadh béime a leagan ar an ‘teanga don mhúineadh’ agus ar an ‘teanga don fhoghlaim’ chomh maith, agus go mbeadh cur chuige córasach chun é seo a phleanáil agus a chur i bhfeidhm sna cláir do mhúinteoirí tosaigh. Tugann an staidéar seo léargas dúinn ar staid reatha FCÁT ar shocrúchán scoile maidir le múineadh na n-amharcealaíon. Tá údair an ailt ag súil go bhféadfaí cuid de na léargais seo a úsáid chun an tseirbhís oiliúna d’ábhar oidí a thabhairt go barr feabhais agus múinteoirí cumasacha a sholáthar don earnáil tumoideachais in Éirinn.

Leabhairliosta

Aguilar, M. & Rodríguez, R. (2012) ‘Lecturer and student perceptions on CLIL Spanish university.’ International Journal of Bilingual Education and Bilingualism. 15(2). 183–97. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/13670050.201 1.615906.

An Roinn Oideachais & Scileanna (1999a) Visual Arts: Arts Education: Teacher Guidelines. Dublin: Government of Ireland.

An Roinn Oideachais & Scileanna (1999b) Primary School Curriculum: Visual Arts: Arts Education. Dublin: Government of Ireland.

An Roinn Oideachais & Scileanna (2005) An Evaluation of Curriculum Implementation in Primary Schools. Dublin: The Stationary Office.

An Roinn Oideachais & Scileanna (2005) Beginning to Teach: Newly Qualified Teachers in Irish Primary Schools. Dublin: Government of Ireland.

An Roinn Oideachais & Scileanna (2005) Visual Arts: An Evaluation of Curriculum Implementation. Dublin: Government of Ireland.

An Roinn Oideachas & Scileanna (2016) Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 Dublin: Government of Ireland.

Banegas, D. (2016) ‘Teachers develop CLIL materials in Argentina: A workshop experience.’ Latin American journal of content & language integrated learning. vol.9. no.1. 17–36.

Cammarata, L. & Haley, C. (2018) ‘Integrated content, language, and literacy instruction in a Canadian French immersion context: a professional development journey.’ International journal of bilingual education and bilingualism. vol.21. no.3. 332–48.

Cammarata, L. & Tedick, D. (2012) ‘Balancing Content and Language in Instruction: The Experience of Immersion Teachers.’ The Modern language journal. vol.96, no.2. 251–69.

Cleary, A. (2010) Fabric and fiber in the visual art primary curriculum: an examination of teacher attitudes, education and experiences. Dublin: NCAD.

Clement, R. (1993) The Art Teacher’s Handbook.2nd ed. Cheltenham: Stanley Thornes Publishers Ltd.

Cochran-Smith, M. & Lytle, S. L. (2009) Inquiry as stance: Practitioner research for the next generation, New York: Teachers College Press.

Cohen, L., Manion, L. & Morrison, K. (2017) Research Methods in Education. 6th ed. London: Routledge.

Cohen, L., Mannion, L. & Morrison, K. (2006) A Guide to Teaching Practice. 5th ed. London: Routledge Falmer.

Coyle, D., Hood, P. & Marsh, D. (2010) CLIL: content and language integrated learning. Cambridge: Cambridge University Press.

Crafts Council of Ireland (2009) Creative Pathways: A Review of Craft Education and Training in Ireland. Dublin: CCOI.

Davis, J. (2008) Why our schools need the Arts? New York: Teachers College Press.

Donaghue, H. (2003) ‘An instrument to elicit teachers’ beliefs and assumptions.’ ELT Journal. 57(4). 344–55. https://doi.org/10.1093/elt/57.4.3444.

Eisner, E. (1989) ‘Structure and magic in Disciplined Based Art Education.’ Journal of Art & Desin Education. 185–96.

Flannery, M (2012a) Defining, Redefining and De-Defining Art: Teachers Engaging with the Work of Artists in Irish Primary Schools. Granville, G. 2012, Art education and contemporary culture: Irish experiences, international perspectives. Bristol: Intellect. 71–87.

Flannery, M. (2012b) Online Continuing Professional Development: Discourse Analysis of Primary Teachers’ perspectives on Visual Arts Appreciation at Primary Level. Trinity College Dublin.

Fortune, T.W., Tedick, D.J., & Walker, C.L. (2008) ‘Integrated language and content teaching: Insights from the language immersion classroom: Evolving perspectives on immersion education.’ Fortune, T.W. & Tedick, D.J. (Ed.), Pathways to multilingualism: Evolving perspectives on immersion education. 71–96. Multilingual Matters. Ar fáil ag: https://doi.org/10.21832/9781847690371-007.

Grennan, M. (2017) Exploring the potential for arts-rich education in the primary classroom: teacher Learning, transformation, and new trajectories. Doctor of Education thesis, Dublin City University.

Harris, J. & Ó Duibhir, P. (2011) Effective language teaching: A synthesis of research. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment.

International Review Panel on the Structure of Initial Teacher Education Provision in Ireland & Sahlberg, P. (2012) Report of the International Review Panel on the structure of initial teacher education provision in Ireland. Dublin: Department of Education and Skills. 1–36.

INTO (2009) Creativity and the Arts in the Primary school, Dublin: Irish National Teacher’s Organisation.

Intouch (2004) Art Critic, Intouch Dublin, Irish National Teacher’s Organisation.

Lightbown, P. & Spada, N. (2013) How Languages are Learned. 4th ed. Oxford: Oxford University Press.

Lyster, R. (2007) Learning and Teaching Languages Through Content: A Counterbalanced Approach. Philadelphia: John Benjamins.

Lyster, R. & Ballinger, S. (2011) ‘Content-based language teaching: Convergent concerns across divergent contexts.’ Language Teaching Research. 15(3). 279–88.

Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & Ní Mhainín, T. (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004: Achoimre. Baile Átha Cliath: COGG.

Mac Gearailt, B., Mac Ruairc, G. & Murray, C. (2021) ‘Actualising Content and Language Integrated Learning (CLIL) in Irish-medium education; why, how and why now?’ Irish Educational Studies. 1–19.

Martín del Pozo, M. Á. (2015) ‘Training Teachers for English Medium Instruction: Lessons from Research on Second Language Listening Comprehension.’ Revista de Lingüística y Lenguas Aplicadas 12. 55–63.

Morton, T. (2010) ‘Using a Genre-Based Approach to Integrating Content and Language in CLIL: The Example of Secondary History.’ Dalton-Puffer, C., Nikula, T. & Smit, U. (Ed.), Language Use and Language Learning in CLIL Classrooms. Amsterdam: John Benjamins. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1075/aals. 81–104.

Morton, T. (2017) ‘Content and language integration in multilingual education as a ‘wicked’ problem: Towards a transdisciplinary approach.’ The Sixth International Research Methods Summer School (IRMSS) Perennial Questions and Innovative Methods: Language, Learning and Culture across Schools, Communities and Society. Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. 19–20 Bealtaine.

Ní Bhroin, M (2012) The Irish Primary School Visual Arts Curriculum – Emerging Issues. Granville, G. (ed) Art education and contemporary culture: Irish experiences, international perspectives. Bristol: Intellect. 51–69.

Ní Dhiorbháin, A. & Ó Duibhir, P. (2017) ‘An explicit-inductive approach to grammar in Irish-medium immersion schools.’ Language Awareness. vol.26(1). 3–24.

Ní Dhiorbháin, A., & Ní Bhaoill, M. (2018) ‘Taithí múinteoirí faoi oiliúint ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha.’ COMHARTaighde.

Ní Dhonnchadha, C. (2021) Céard iad na cúinsí inspreagtha a bhain le cinneadh mhic léinn tabhairt faoin mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge? Tráchtas neamhfhoilsithe. Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Shéaghdha, A. (2017)  I dTreo Barr Feabhais: Dea-Chleachtais san Oideachas Lán-Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas.

Ó Ceallaigh, T.J., Hourigan, M. & Leavy, A. (2018) ‘Developing Potentiality: Pre-service Elementary Teachers as Learners of Language Immersion Teaching.’ International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 24(4). 515–32.

Ó Ceallaigh, T.J., Ní Mhurchú, S., & Ní Chróinín, D. (2017) ‘Balancing content and language in CLIL. The experiences of teachers and learners.’ Journal of Immersion and Content-Based Language Education. 5(1). 58–86. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1075/jicb.5.1.03oce.

Ó Ceallaigh, T.J., Ó Laoire, M. & Uí Chonghaile, M. (2019) Comhtháthú an Ábhair agus na Teanga san Iar-Bhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: I dTreo Eispéiris Forbartha Gairmiúla chun Dea-Chleachtais a Nochtadh. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Ceallaigh, T.J. (2013) Teagasc foirm-dhírithe i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge: Imscrúdú criticiúil ar dhearcthaí agus ar chleachtais mhúinteoirí. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe. Corcaigh: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Dhonnabháin, Á. (2015) ‘Reawakening the Irish Language through the Irish Education System: Challenges and Priorities.’ International electronic journal of elementary education. vol.8, no.2. 179–98.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Laoire, M. (2021) ‘An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais?’ An Dara Comhdháil Taighde Uile-oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Duibhir, P. (2009) The spoken Irish of sixth class pupils in Irish immersion schools. Tráchtas dochtúireachta neamhfhoilsithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ó Duibhir, P. (2018) Immersion Education: Lessons From a Minority Language Context. Bristol: Multilingual Matters.

O’Donoghue, D. (2012) ‘Questions That Never Get Asked About Irish Art Education Curriculum Theory and Practice.’ Granville, G. (ed.) Art education and contemporary culture: Irish experiences, international perspectives. Bristol: Intellect.

OECD (2005) Education at a Glance 2005: OECD Indicators, Paris: OECD Publishing. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1787/eag-2005-en.

Sharp, I. (1981) The Genesis roadshow: a play to be performed, read or taped. London: Edward Arnold.

Tedick, D.J. & Lyster, R. (2020) Scaffolding language development in immersion and dual language classrooms. 1st ed. London: Routledge.

Watts, R. (2005) ‘Attitudes to Making Art in the Primary School.’ The International Journal of Art & Design Education. vol.24, no.3. 243–53.

Yenawine, P. (2014) Visual thinking strategies. Cambridge: Harvard Education Press.