DOI: https://doi.org/10.13025/e9a1-2109

Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar Ghníomh de chuid Bheartas Teanga Chumann Lúthchleas Gael (CLG)

Réamhrá

Dírítear san alt seo ar thionscnamh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD), tionscnamh atá á chur i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG.  Is eagraíocht náisiúnta é CLG a bhfuil clubanna dá chuid lonnaithe i nach mór gach paróiste sa tír (Ó Conchubhair, 2009) agus a bhfuil na mílte oibrí deonach ag obair léi go síoraí seasta lena haidhmeanna a chur i gcrích.  Is ceanneagraíocht é Glór na nGael, faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, a bhfuil sé mar phríomhchúram aici forbairt pobail agus eacnamaíochta a chothú. Chuir CLG an tionscnamh ‘Turas Teanga’ i ngníomh i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael ó 2013 i leith, agus reáchtáladh ceardlanna teanga do chlubanna CLG mar chuid de. Aithníodh nach raibh leanúnachas ag baint leis an scéim sin, áfach, agus socraíodh in 2017 ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a chur ar bun (Nic Seoin, 2022). Is é cuspóir na fondúireachta seo na hiarrachtaí atá ar bun ag na clubanna ar son na teanga a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte (Glór na nGael, 2019).  Scéim chéimnithe atá in FSMD ina leagtar amach 70 sprioc a chuimsíonn (i) sealbhú na teanga, (ii) stádas na teanga agus (iii) úsáid na teanga ar mhaithe le húsáid na teanga a bhainistiú sna clubanna. Bronntar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir ar chlubanna de réir líon na spriocanna a bhaintear amach i gcaitheamh na bliana.  Dar le lámhleabhar na Fondúireachta, bronntar bonn cré-umha ar chlubanna a bhainneann 25% den liosta spriocanna amach, bonn airgid i gcás 50% agus bonn óir i gcás 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh (Glór na nGael, 2022).  Cuireann Glór na nGael deontais ar fáil do na clubanna atá páirteach sa scéim, anuas ar thacaíocht agus comhairle ó Oifigigh Fhorbartha atá lonnaithe timpeall na tíre.

Cuimsíonn an beartas teanga, dar le Spolsky (2004), (i) Creidimh agus (ii) Cleachtais teanga chomh maith leis an gcaoi a ndéantar (iii) Bainistíocht ar na creidimh agus ar na cleachtais sin. Tá sé mar aidhm ag spriocanna FSMD tionchar dearfach a imirt ar na trí réimse sin ag leibhéal na gclubanna atá páirteach sa tionscnamh. Ó thaobh an bheartais teanga ag leibhéal an phobail de, áitítear go bhfuil féidearthachtaí as cuimse ag eagraíocht fearacht CLG, a bhfuil fochumainn aige i ngach paróiste in Éirinn, chun tionchar dearfach a imirt ar fheiceálacht agus ar úsáid na teanga agus ar dhearcthaí ina leith. Ina fhianaise sin, agus i bhfianaise áiteamh CLG gurb í an Ghaeilge ceann dá bhunchlocha cultúrtha, (CLG, 2018: 2, 4) is fiú a fhiosrú an bhfuil CLG i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael ag teacht i dtír ar an deis agus ar an gcumhacht atá acu na féidearthachtaí sin a chur i gcrích.  D’fhonn an cheist seo a chíoradh, cuireadh agallaimh leathstruchtúrtha cháilíochtúla ar Oifigeach Gaeilge CLG, Jamie Ó Tuama, agus ar bhainisteoir thogra FSMD i nGlór na nGael, Caitríona Nic Seoin, ar mhaithe le léargas a fháil ar bheartas oifigiúil teanga CLG agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le FSMD, dar leo.

San alt seo, féachfar ar chúlra cultúrtha CLG ón am a bunaíodh é le linn na hAthbheochana Cultúrtha ag deireadh an 19ú haois agus ar áit na teanga san eagraíocht chomhaimseartha. Úsáidfear lionsa anailíse an nuachainteora, chomh maith le coincheap an spáis ghaoil, san alt seo chun meabhair a bhaint as an méid a dúradh sna hagallaimh agus as gníomhaíochtaí FSMD le féachaint an dtagann an cleachtas iarbhír le beartas follasach CLG.

Cúlra Cultúrtha CLG

Maítear in Straitéis Chumann Lúthchleas Gael don Ghaeilge gurb é ‘CLG an eagraíocht is mó ball in Éirinn agus, dá bhrí sin, go bhfuil tarraingt nádúrtha agus sheanbhunaithe ag an gCumann i measc an mhórphobail’ (CLG, 2018).  Mar sin féin, ní gnáthchumann spóirt é CLG, agus leagtar amach bunaidhm na heagraíochta in An Treoir Oifigiúil (T.O.) mar ‘an Fhéiniúlacht Náisiúnta a neartú in Éirinn … trí Chluichí Gaelacha agus caithimh aimisire Gaelacha a chaomhnú agus a chur chun cinn’ (CLG, 2019: 7).  Cé gurb iad na cluichí is mó a shamhlaítear leis an gcumann, ní nach ionadh, feictear gur eagraíocht chultúrtha, náisiúnach í ina bhfuil na cluichí féin ina croílár. Sainmhínítear misean CLG mar ‘The GAA is a community based volunteer organisation promoting Gaelic Games, culture and lifelong participation’ (CLG, 2021: 1). Luaitear in Aidhmeanna Eile an Chumainn sa T.O. (CLG, 2019) go dtacóidh ‘an Cumann go gníomhach leis an nGaeilge, [agus le] damhsa, ceol, amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann’ (2019: 7) agus déantar tagairt don Ghaeilge mar ‘cheann de bhunchlocha’ an Chumainn faoi dhó i Straitéis CLG don Ghaeilge (2021: 2, 4).

Ba thréimhse chorraitheach é deireadh an 19ú haois ar fud na hEorpa, agus samhlaítear an náisiúnachas cultúrtha leis an tréimhse sin in Éirinn. Tugtar an Athbheochan Chultúrtha ar an tréimhse seo idir 1891 agus 1922 (Kiberd & Matthews, 2015). Maíonn Ó Conchubhair gur féidir an Athbheochan ‘a shuíomh i gcomhthéacs idirnáisiúnta Eorpach…’ agus ‘go léirítear í mar aisfhreagra na hÉireann ar an fin de siecle a bhí go mór faoi chomaoin ag gluaiseachtaí smaointe agus intleachtúla na hEorpa’ (2009: 9). Ag tagairt dó don cheangal idir teanga, cultúir agus náisiúnachas, áitíonn sé ‘Dá mb’fhíor go raibh saoldearcadh éagsúil á iompar ag gach teanga, níorbh fholáir teanga a bheith ag aon dream ar theastaigh uatha stádas an náisiúin neamhspleách a bhaint amach…’ (2009: 14). Ó thaobh an chultúir de, bhí feachtas ar bun, trí bhíthin na gcumann léinn, chun scéalta, litríocht agus iarsmaí den teanga a bhailiú agus a chaomhnú sula gcaillfí iad (Kilberd & Matthews, 2015); lena linn sin musclaíodh suim i gcultúr, teanga, amhránaíocht agus caitheamh aimsire ársa na tíre, in ainneoin an Ghaeilge a bheith ag meath ar luas mire mar theanga phobail sa 19ú haois (féach: Denvir, 1997). 

 

Bunaíodh leithéidí The Society for the Preservation of the Irish Language (SPIL nó Cumann Buanchosanta na Gaeilge) sa bhliain 1876 agus Aontacht na Gaeilge (Gaelic Union) sa bhliain 1880, (Mac Aonghusa, 1993), eagraíochtaí a raibh duine de bhunaitheoirí CLG, Mícheál Cíosóg, gníomhach iontu ó 1882 i leith (Ó Conchubhair, 2009; Ó Caithnia, 1982). Spéisiúil go leor, ba í ‘athbheochan’ na teanga, murab ionann agus ‘caomhnú’, an aidhm a chuir an dá chumann seo rompu féin (Denvir, 1997). Níorbh leor le Cíosóg féin caomhnú na teanga, ach bhí sé tiomanta do chothú na Gaeilge mar theanga labhartha (Ó Caithnia, 1982). De réir Billings (2017), ba chúis ionsparáide í Aontacht na Gaedhilge do Mhicheál Cíosóg chun an Gaelic Athletic Association for the Preservation and Cultivation of National Pastimes a bhunú ag cruinniú in Óstan Uí Aodha i nDúrlas Éile ar an 1ú Samhain 1884 (Billings, 2017; Kiberd & Matthews, 2015):

Cusack acknowledged that it was the Irish language revival, specifically the publication of the Gaelic Journal in 1882 that inspired him to revive the native pastimes; he wished to do for Gaelic games what the Gaelic Union was doing for the Irish language. (Billings, 2017: 27).

Maíonn Billings (2017b) go raibh idéal Gaelach ag Cíosóg maidir leis an teanga a bheith ina dlúthchuid den CLG agus den saol náisiúnta. Ní léir, áfach, go raibh an chuid is mó de bhaill CLG chomh dílis don teanga is a bhí Cíosóg féin, agus áitíonn Billings go ndearna ‘cuid mhór ball agus oifigeach de chuid CLG neamhaird de chúraimí cultúrtha an chumainn spóirt’ (2017b).  I dtuairim Billings, bhain baill áirithe ‘úsáid as an nGaeilge ar mhaithe le siombalachas agus le dindiúirí náisiúnacha an CLG a chruthú’ (Billings, 2017c: 32). Cé gurbh í an Ghaeilge teanga oifigiúil na heagraíochta, ní raibh sí riamh ina teanga oibre ná chumarsáide ag na leibhéil ab airde i riaradh na gcluichí agus i ngnáthimeachtaí na heagraíochta (Billings, 2013). Mar sin féin, bhí clubanna ar leith ann a bhí tugtha go hiomlán don Ghaeilge a chothú, mar shampla Keatings, O’Tooles agus Crokes i mBaile Átha Cliath (Nolan, 2005). Bhí an teanga agus an cultúir lárnach i bhfealsúnacht na heagraíochta ó bunaíodh í, agus sa chéad alt eile, féachfar ar chur chuige comhaimseartha CLG ina taobh.

Beartas Teanga Comhaimseartha CLG

Maíonn Ó Conchubhar i dtaobh CLG  ‘No language group rivals it in terms of membership, resources, infrastructure, contacts or capital’ (2009:147). Áitíonn Fishman (1991), mar aon le Mac Giolla Chríost (2005) gur mó go mór an tionchar atá ag eagraíochtaí pobalbhunaithe, leithéid CLG sa chás seo, ar chleachtais agus creidimh teanga an phobail ná mar atá ag idirghníomhaíocht ar an macraleibhéal: ‘…local voluntary efforts are often in a better position to achieve breakthroughs than are ponderous, costly, centrally controlled, nationwide efforts’ (1991: 142) agus ‘…the diffuse geography of the Irish language suggests that local, community-based language planning activities would be more effective than a regional, macro approach to intervention in the field’ (2005: 203). Foilsíodh plean straitéiseach 2022–2026 CLG ‘Aontas 2026: i dTreo CLG Amháin do Chách’ go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla anuraidh (2022), agus i measc na spriocanna, tá ‘Ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar ghníomhaíochtaí cultúrtha trí sheirbhísí leanúnacha tacaíochta agus oideachais a chur ar fáil do bhaill’ (CLG, 2022). Feictear go bhfuil an toil, an bhallraíocht agus an córas riaracháin ag CLG chun tionchar nach beag a imirt ar chreidimh, ar cleachtais agus ar bhainistíocht teanga na mball ag an leibhéal logánta, ach an beartas atá leagtha amach in An Treoir Oifigiúil (CLG, 2019) a chur i bhfeidhm ar bhealach córasach, tomhaiste trí bhíthin an FSMD.

Cérbh é Seosamh Mac Donncha?

B’iar-Uachtarán de chuid CLG (1997–2000) é Seosamh Mac Donncha (1953–2016) agus anuas air sin, b’iománaí idirchontae é a bhain craobh uile-Éireannn amach le Gaillimh in 1980 agus a bhuaigh gradam All-Star sa bhliain 1976 (Ó Ciardha, 2022). Chomh maith leis sin, aithnítear go raibh sé ‘mar phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí oideachais, culturtha agus cumarsáide na tíre’ (Glór na nGael, 2019: 6). Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó 2002 go 2006 agus ina chathaoirleach ar TG4 ó 2000 go 2004. De réir Uí Thuama (2022), Oifigeach Náisiúnta Gaeilge CLG, ‘bhí Cumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge fite fuaite ina shaol agus go smior ann’ (2022:1). Mar sin is feiliúnach gur ainmníodh an Fhondúireacht ina onóir.

Gníomhaíocht Teanga CLG

Deir Ó Tuama (2022), gur reáchtáladh comórtas idirchontae bliantúil – Comórtas Iomána an Oireachtais – ar feadh na mblianta fada, comórtas a mheallfadh sluaite móra agus bhronntaí brabús an chomórtais ar Oireachtas na Gaeilge. Cé nach bhfuil Comórtas Iomána an Oireachtais á reáchtáil a thuilleadh, tugann CLG deontas bliantúil d’Oireachtas na Gaeilge agus do Chonradh na Gaeilge. Anuas air sin, ó 1969 i leith, tá Comórtas Peile na Gaeltachta aitheanta mar cheann de chomórtais oifigiúla an Chumainn, agus cuireann siad maoiniú agus deontas flaithiúil ar fáil lena aghaidh bliain i ndiaidh bliana.  Reáchtáiltear campaí samhraidh trí Ghaeilge agus cuirtear deontais ar fáil do bhaill óga an chumainn atá ag freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht, cleachtas atá i bhfeidhm ó na 1920idí agus na 1930idí i leith. De réir Uí Thuama (2022), nach féidir freastal ar chluiche idirchontae in áit ar bith sa tír gan an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil, agus go bhfuil an cumann ag cur le stádas agus le feiceálacht na teanga i measc na mball ag an leibhéal náisiúnta sa chaoi sin.

Cúrsaí Eagrúcháin

In 1978, beartaíodh ar Oifigigh Ghaeilge a cheapadh i ngach contae a mbeadh sé ‘mar chúram orthu an Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna aitheantais don Ghaeilge a chur chun cinn’ (Ó Tuama, 2022), agus cuireadh oiliúnt orthu faoi conas úsáid na teanga a spreagadh san eagraíocht. Faoi réimeas Mhic Dhonncha, cuireadh grúpa le chéile chun Plean na Mílaoise a a cheapadh a raibh i measc a aidhmeanna ‘creatlach a mhíneodh agus a bhéarfadh Ardchomhairle Chumann Lúthchleas Gael leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcomhar leis na heagrais eile’ (2022: 3). Is féidir a áiteamh go bhfuil an aidhm sin á cur i gcrích trí bhíthin na comhghuaillíochta idir CLG agus Glór na nGael agus iad ag obair le chéile chun tionscnamh FSMD a chur i bhfeidhm. Cruthaíodh ról an Oifigigh Náisiúnta Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh in 2018, agus earcaíodh Jamie Ó Tuama sa ról sin. In agallamh a rinneadh le Caitríona Nic Seoin, atá ina bainisteoir náisiúnta ar an bhFondúireacht, nochtann sí an tuairim ‘nuair a cruthaíodh ról lánaimseartha d’Oifigeach Gaeilge ag leibhéal náisiúnta CLG, sílim gur céim mhór chun tosaigh a bhí ansin’ (Nic Seoin, 2022). Tá Coiste Náisiúnta na Gaeilge ag feidhmiú i bPáirc an Chrocaigh, agus tá Oifigeach na Gaeilge agus an Chultúir (OGC) mar bhall de gach Coiste Contae fud fad na tíre. De réir an bhunreachta atá leagtha amach do chlubanna, is gá Oifigeach Gaeilge agus Cultúir a bheith ar an gCoiste Feidhmiúcháin i ngach club sa tír. Luann Caitríona Nic Seoin chomh maith go bhfuil Oifigeach lánaimseartha Gaeilge i gCúige Uladh agus go ‘láidríonn sé sin an nasc idir muidne [Glór na nGael] agus an struchtúr Cúige agus idirChontae’ (Nic Seoin, 2022). Ó tharla Oifigeach Gaeilge a bheith ag CLG go náisiúnta, chomh maith le hOifigeach Gaeilge agus Cultúir (OGC) ag leibhéal an chontae agus an chlub araon, tá treoir ag teacht ón mbarr anuas agus ón mbun aníos chomh maith céanna. Agus an ionadaíocht sin ann ag an dá leibhéal, fágann sé go bhféadfaí an beartas náisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhealach a fheileann do na meonta, cleachtais agus mianta áitiúla. 

Is léir don Tuamach gurb iad na cluichí is tábhachtaí in CLG agus mar sin gurb í an phríomhthosaíocht atá ag CLG na cluichí féin a chur chun cinn. Feictear dó (Ó Tuama: 2022) ‘nach eagraíocht chur chun cinn na Gaeilge muid, ach caithimid freastal a dhéanamh ar ár gcuid ball a bhfuil Gaeilge acu, agus caithimid an tionchar atá againn a úsáid leis na cluichí a chur chun cinn trí Ghaeilge.’  Luann sé dhá aidhm (i) freastal a dhéanamh ar bhaill a bhfuil Gaeilge acu agus ‘nasc a chruthú go nádúrtha idir na cluichí agus an Ghaeilge’ agus (ii) daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil agus a d’fhág slán léi a mhealladh ar ais ina treo (Ó Tuama, 2022). Díreach cosúil leis na hoifigigh Ghaeilge ag leibhéal an chontae, bíonn éagsúlacht chumais, díograise agus suime i measc OGC na gclubanna agus torthaí neamh-chomhsheasmhacha ar a gcuid oibre dá bharr. Maíonn Ó Tuama (2022) gurb í an chloch is mó ar a pháidrín struchtúir, riarachán agus cumarsáid a fheabhsú i measc na nOCG ag leibhéal an chontae agus an chlub araon. Cuireann tionscnamh FSMD struchtúr córasach i bhfeidm chun an aidhm sin a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach.

An Fhondúireacht

In 2022, bhí 210 club as iomlán 1,650 club sa tír cláraithe leis an bhFondúireacht agus iad ag obair ar son chur chun cinn na teanga ina ndúiche féin. B’in an chéad uair riamh a bhí níos mó ná 200 club cláraithe, agus is léir d’Ó Tuama (2022) nach bhfuil eagraíocht ar bith eile sa tír leis an méid sin ball ag obair chun an teanga a chur chun cinn. Feictear d’Oifigeach Gaeilge club mór amháin i mBaile Átha Cliath go mbuaileann togra FSMD struchtúr ar na gníomhaíochtaí ar son na teanga atá ar bun sna clubanna. Tugann 70 sprioc an FSMD creatlach shonrach d’iarrachtaí comhfhiosacha na n-oifigeach an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub, dar leis (2022). Is samplaí de spriocanna FSMD iad seo a leanas: (Stádas teanga) comharthaíocht Ghaeilge sna seomraí feistis, sna leithris agus i seomra an réiteora; póstaeir do chluichí agus d’ócáidí sóisialta a bheith i nGaeilge nó dátheangach; bean nó fear an tí le Gaeilge a bheith ag aon ócáid bhronnta duaiseanna / bonn agus ag aon ócáidí sóisialta eile. (Foghlaim teanga) ócáidí foghlama neamhfhoirmiúla a reáchtáil go rialta .m.s. ciorcal cómhrá; oiliúnt / deiseanna a chur ar fáil do thraenálaithe le go mbeidh siad ábalta traenáil a chur ar fáil trí Ghaeilge. (Úsáid teanga) oíche shóisialta Ghaelach a chur ar bhun; seisiún traenála trí Ghaeilge a chur ar fáil (Glór na nGael, 2019). Is spriocanna agus moltaí sonracha iad sin lenar féidir le clubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach tomhaiste, córasach ina ndúiche féin.

Bronnadh an líon bonn is mó riamh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh, mí na Nollag 2022, rud a tharla go díreach mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an rannpháirtíocht sa scéim go náisiúnta de réir Nic Seoin (Glór na nGael, 2022).   ‘Sé bhonn cré-umha agus tríocha a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid déag agus trí bhonn óir’ (ibid). San iomlán, ó bunaíodh an Fhondúireacht in 2017, bronnadh 171 bonn cré-umha, 65 bonn airgid agus 16 bonn óir.

Áitíonn Nic Seoin, ‘go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an scéim le bliain anuas agus go bhfuil béim ar leith á cur ar an ngluaiseacht náisiúnta agus ar an gcomhpháirtíocht idir clubanna’ (ibid). Roimhe sin, bhíodh clubanna ag feidhmiú leo féin faoi threoir an Oifigigh Forbartha, ach gan teagmháil chórasach, rialta idir clubanna nó le pobal na teanga ina gceantar féin. Baintear an chomhpháirtíocht idir clubanna seo amach ‘trí fhóraim rialta idir clubanna, comhimeachtaí le comhairlí áitiúla, agus Blitzchomórtas Náisiúnta na Fondúireachta, atá tosaithe i mbliana’ (Glór na nGael, 2022). 

De réir Uí Thuama (2022), tá tacaíocht ghníomhach an Choiste Fheidhmeannaigh sa chlub ag teastáil chun bonn airgid nó bonn óir de chuid FSMD a bhaint amach, agus léirítear a ghníomhaí is atá na clubanna ó thaobh na teanga de nuair a thugtar faoi deara líon na gclubanna a d’aimsigh boinn airgid (65) agus boinn óir (16). Dá fheabhas an méid sin, is féidir léamh eile a dhéanamh ar an scéal chomh maith; is é sin go bhfuil 1,440 club, 87% de na clubanna sa tír, nach bhfuil páirteach in FSMD. Mar sin, tá obair mhór le déanamh agus acmhainní le cur ar fáil chun líon na gclubanna atá páirteach sa scéim a mhéadú agus beartas teanga CLG a chur i bhfeidhm ar bhealach níos forleithne.

Nuachainteoirí

Ní cainteoirí dúchais iad formhór mór de bhaill CLG taobh amuigh de na críocha traidisiúnta Gaeltachta, ach is Béarlóirí, foghlaimeoirí agus nuachainteoirí iad. Is éard atá sa nuachainteoir ná duine a d’fhoghlaim an Ghaeilge sa chóras oideachais, go hiondúil, agus a fhógraíonn go n-úsáidtear an teanga go rialta agus le dúthracht sa saol, bíodh is nach cainteoir dúchais traidisiúnta é nó í (O’Rourke & Walsh, 2020).  Anuas air sin, maíonn Walsh et al. (2015) gurb ann do suas is anuas le 200,000 nuachainteoir ar oileán na hÉireann agus meastar go bhfuil thart ar dhá thrian de na cainteoirí laethúla (lasmuigh den chóras oideachais) ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht de réir An Phríomhoifigh Staidreamh / Daonáireamh 2016 (2012: 40–1; Seoighe, 2018). Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil beartas teanga an Chumainn – atá á chur i bhfeidhm trí FSMD, agus mar a bhaineann sé le baill nach as an nGaeltacht dóibh – ­dírithe ar fhoghlaimeoirí nó ar dhaoine a shealbhaigh an teanga go hinstitiúideach sa chóras oideachais. Áitíonn Smith-Christmas et al (2017),  ‘…the contribution of new speakers to the maintenance of minority languages has the potential to be a significant force in halting the decline of individual languages’ (9). Tá dearcadh O’Rourke & Walsh (2020) níos coimeádaí ó thaobh éifeacht an nuachaointeora de, nuair a deir siad: ‘there is no real evidence of the transformative power of the new speaker, there is evidence of its incrementality’ (28). Níltear ar aon intinn mar gheall ar thábhacht na nuachainteoirí ar inmharthanacht teanga, áfach, agus ag tagairt dóibh don Stráitéis Fiche Bliain agus d’Acht na Gaeltachta 2012, áitíonn Ó Giollagáin & Péterváry (2016) go bhfuil ‘tuiscintí na gcáipéisí  seo fréamhaithe i bhfealsúnacht nua-liobrálach a bhfuil an t-indibhidiúlachas ina gcroílár … ní thaobhaíonn aidhmeanna agus moltaí na gcáipéisí seo le cultur comónta na nGael’ (51). Tagraíonn Ó Giollagáin (2020) do ‘Irish for the sympathetic middle classes’ in alt a scríobh sé ar an Irish Times. Tá sé le tuiscint, mar sin, nach leor, dar leo, ‘na gréasáin sainspéise mar bhonn sóisialta d’inmharthanacht teanga’ (2016: 27). Áitítear go ndaingníonn Acht na Gaeltachta (2012) ‘…forlámhas na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar dhíoscúrsa na Gaeilge ina n-áirítear dioscúrsa na Gaeltachta freisin’ (33) agus go bhfuil neamhaird á tabhairt ar ‘riachtanais orgánacha an phobail dúchais’ (47). Is léir, ó tharla gurb ann do na Líonraí Gaeilge in Acht na Gaeltachta (2012), ar nuachainteoirí iad formhór a mball, in athneartú na teanga lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta ach nach bhfuiltear ar aon intinn mar gheall ar éifeacht an fhoráis sin ar inmharthacht na teanga mar theanga bheo labhartha phobail. Feictear, áfach, go bhfuil féidearthachtaí ag nuachainteoirí tionchar a imirt ar thírdhreach na teanga agus go bhfuil tionscnamh FSMD ag freastal ar riachtannais na nuachainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí in CLG trí thimpeallacht agus tacaíochtaí teanga a chur ar fáil dóibh ina gclubanna áitiúla. Áitítear chomh maith go mbíonn nuachainteoirí sa tóir ar phobal cleachtais agus suíomhanna ábhartha lena bhféiniúlacht mar nuachainteoirí a chur i ngníomh (Walsh et al., 2015;  Smith-Christmas et al., 2017; Seoighe, 2018; O’Rourke & Pujolar, 2019; O’Rourke & Walsh, 2020). Feictear d’Ó Tuama go bhfuil an cumas agus an deis ag cumainn áitiúla CLG gnáthóg a chruthú inar féidir le nuachainteoirí agus foghlaimeoirí a bhféiniúlacht a chothú go nádúrtha.

Os rud é go mbíonn nuachainteoirí agus foghlaimeoirí ag dul sa tóir ar spásanna agus deiseanna inar féidir leo an teanga a chleachtadh i suíomh neamhfhoirmeálta (Walsh et al., 2015; Ní Dhúda, 2014, 2017; O’Rourke & Pujolar, 2019; O’Rourke & Walsh, 2020) is fiú na tearmainn sin a chíoradh sa chéad rannóg eile.

Tearmann Teanga

De réir Ní Dhuda (2014), is ionann tearmann teanga agus ‘ionad aitheanta ina bhfuil fáilte fhollasach roimh an nGaeilge agus cúis shoiléir í a úsáid’ (41).  Tagann O’Rourke & Pujolar (2019: 7) leis an méid sin nuair a mhaíonn siad ‘…new speakers encounter many social and political barriers to language learning … we have identified the need for specific social spaces to be created so as to provide access to different types of speakers’. Áitíonn siad go mbíonn nuachainteoirí imníoch faoina gcumas agus a mbarantúlacht mar chainteoirí, agus go bhfuil géarghá le spásanna sóisialta sábháilte a chruthú inar féidir le nuachainteoirí a gcumas agus a bhféinmhuinín a chothú tríd an teanga a úsáid má tá siad le cur le haischothú na teanga. Is saintréith é sin a bhaineann le nuachainteoirí uile, is é sin go mbíonn siad sa tóir ar phobail chleachtais agus deiseanna labhartha na mionteanga chun borradh a chur lena bhféiniúlacht mar nuachainteoirí. Ar ndóigh, tá na tearmainn sin de dhíth ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí T1 chomh maith. Ag caint dó faoi nuachainteoirí na Gaeilge, scríobhann Walsh et al. (2015) ‘faoina dheacra agus a éiríonn sé a gcumas sa Ghaeilge a chosaint mura mbíonn dóthain deiseanna acu an teanga a chleachtadh’ (33) agus moltar ‘Spásanna sábháilte’ a chruthú ina bhféadfaí an Ghaeilge a labhairt go sóisialta (Walsh & O’Rourke, 2015: 61). Ar an ábhar céanna, maíonn Mac Póilín (2019: 91) an méid seo:

the creation of social domains in which the language is dominant, but in which the language movement is not itself the focus, is the most important element in the creation of new, organic language communities.  It is, however, remarkably difficult to create a new social environment in which speaking Irish is felt to be the natural thing to do. 

Trí bhíthin tionscnamh FSMD, is féidir le clubanna CLG a bheith ina ‘social domains’ ina bhfuil forlámhas, nó fiú áit shofheicithe agus inchloiste, ag an nGaeilge ach ina bhfuil na cluichí féin mar phríomhimeachtaí ach an toil, an bhainistíocht agus an ghníomhaíocht chuí a bheith ann. Is iad bainisteoirí teanga an chumainn iad siúd a dhéanann iarracht chomhfhiosach dul i bhfeidhm ar chreidimh agus ar chleachtais na mball sna clubanna; is iad sin na OGC agus coiste na Gaeilge sa chlub go hiondúil. Dar le Nic Seoin agus Ó Tuama (2022), déanann bainisteoirí teanga na gclubanna CLG gníomhaíocht, faoi scath FSMD, chun spás sábháilte ina bhfuil fáilte roimh an nGaeilge a chruthú sna clubthithe agus ar na páirceanna traenála agus imeartha. Is iad comharthaíocht Ghaeilge, a cuireann le stádas agus feiceálacht na teanga, agus cleachtas na mbainisteoirí teanga i ngnáthimeachtaí laethúla an chlub agus ar mheáin shóisialta an chumainn na gníomhaíochtaí is mó a chuireann le tearmann teanga, nó spás sábháilte, a chruthú. Tugann OGC chlub i mBaile Átha Cliath sampla de Mheitheal Oibre na Gaeilge ina chlub féin a thagann le chéile uair sa mhí chun gnáthimeachtaí an chlub a chur i gcrích (m.sh. glanadh na bhfuinneog) ach pé Gaeilge atá acu a úsáid le linn na hoibre. Ag tabhairt comhairle di ó thaobh chur chun cinn na teanga i gclubanna, deir Oifigeach Gaeilge Uladh, Tricia Ní Chearra ‘Déan í a normalú! Bíodh an Ghaeilge ar na meáin shóisialta agaibh, sa chomhfhreagras, taobh istigh den chlubtheach féin. Déan í feiceálach, eascraíonn rudaí iontacha as an phróiseas sin’ (CLG, 2021). Cuireann FSMD struchtúir ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna clubanna an teanga a normalú, agus is mór an cúnamh agus an treoir do na hOifigigh Ghaeilge agus na bainisteoirí teanga na 70 sprioc shonrach atá leagtha amach san Fhondúireacht.

Spás Gaoil

Ar deireadh, breathnaítear ar a scaipthe is atá pobal na Gaeilge san 21ú haois, agus baintear úsáid as coincheap an spáis ghaoil (Walsh, 2019; Lewis & McLeod, 2021) chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le FSMD dul i bhfeidhm ar an bpobal comhaimseartha sin. Faoin gcoincheap úd, aithnítear soghluaisteacht an phobail, rud a fhágann nach bhfanann pobal ar bith ina stad laistigh de chríocha dochta tíreolaíocha.

I bhfianiase nádúr scaipthe phobal na Gaeilge taobh amuigh de na críocha traidisiúnta Gaeltachta, molann Lewis & McLeod (2021: 110) cur chuige i leith an athneartaithe teanga a bheadh ní ba thuisciní ar nádúr gréasánaithe agus soghluaiste an tsaoil chomhaimseartha. Maíonn siad: ‘significant increases in levels of personal mobility, combined with the influence of new technologies, have meant that everyday social practices are now being stretched across ever-wider geographic areas’ (17) agus déantar tagairt do ‘spatially dispersed lifestyles’ (18) chun dúshlán a thabhairt do choincheap traidisiúnta tíreolaíoch an spáis. Tugtar dúshlán chomh maith don tuiscint theorannaithe ar an bpobal teanga, a bhfuil ‘intergenerationally proximate, face-to-face interaction’ (1991: 398) mar bhunús leis, a bhí mar shoiscéal ag Fishman san am a caitheadh. Déanann Lewis & McLeod (2021) forbairt ar choincheap Fishman (1991) i leith ‘breathing spaces’ mar thearmainn teanga chun an coincheap ‘digital breathing spaces’ (2021: 82) a chruthú agus áitíonn siad an méid thíos, ó thaobh an athneartaithe teanga sa saol comhaimseartha:

it is the insights afforded by the communities of interest perspective, as opposed to those associated with the community of locality perspective, that are likely to be more useful. (Lewis & McLeod, 2021:  108).

Is pobal sainspéise a bhfuil gné logánta láidir ag baint leis é pobal CLG, agus feictear gur cur chuige fóntach é an spás gaoil chun tuiscint a fháil ar riachtanais agus ar chomhdhéanamh an phobail sin. Ní foláir mar sin do thionscnamh FSDM dul i ngleic le nádúr scaipthe an tsaoil chomhaimseartha má tá torthaí fóntacha le baint amach.

Déanann Jones & Lewis (2018: 4)  tagairt do ‘spatial distribution of languages’ agus áitítear go bhfuil líonraí nua ina n-úsáidtear mionteangacha á gcruthú ag domhain fhíorúla, úsáid na meán sóisialta agus teicneolaíochtaí gaolmhara (50). Mar sin féin, molann Lewis & McLeod (2021) agus Walsh (2019) cur chuige an spáis ghaoil a chuimsíonn idir spásanna líonraithe agus ‘chríocha tíreolaíocha’ (2019: 205) ina labhraítear an sprioctheanga chun athneartú mionteangacha a chur i bhfeidhm i ‘ndomhan comhaimseartha, luaineach, ilsrathach’ (2019: 206) an lae inniu. Feictear mar sin go bhfuil gníomhaíocht sna domhain réadúla agus fíorúla araon ag teastáil chun pobal, lena n-áirítear pobal teanga chomh maith, a chruthú i saol soghluaiste an lae inniu. Ag tagairt dó do na meáin shóisialta, leithéidí Facebook, Twitter agus Instagram, deir Ó Tuama (2022) go bhfuil ‘os cionn milliún leantóirí againn ar na rudaí sin, agus tá sé fíorthábhachtach go n-úsáideadh muid é sin leis an nGaeilge a chur chin cinn’.  Anuas air sin, áitíonn sé go mbíonn idir 600 agus 4,000 ag éisteacht go rialta leis ‘An Spota Dubh’, podchraoladh de chuid CLG atá dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge. Níl ach dhá sprioc de chuid na Fondúireachta a bhaineann leis na meáin shóisialta nó le suíomh idirlín an chlub, agus meastar gur chóir díriú níos grinne ar na gnéithe sin, agus tábhacht na meán digiteach i gcur i bhfeidhm iarbhír bheartas teanga CLG ag leibhéal an chlub a aithint.

Conclúid

Feictear gur cumann spóirt agus cultúir é CLG, atá fréamhaithe i dtréimhse na hAthbheochana san 19ú haois. Léirítear go bhfuil réim, cumas agus struchtúr eagrúcháin ag CLG go náisiúnta chun tionchar dearfach a imirt ar stádas, ar shealbhú agus ar úsáid na Gaeilge ar bhonn áitiúil trí bhíthin gníomhaíochtaí an FSMD a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi sin, breathnaítear ar an mbeartas oifigiúil teanga in CLG, agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le FSMD an beartas sin a chur i bhfeidhm.

Léirítear gurb iad na cluichí agus cur chun cinn na gcluichí is tábhachtaí i gCLG ag leibhéal an cheannárais agus ag leibhéal an chlub araon; ach de réir Uí Thuama (2022), tagann sé féin faoi anáil mhana Chíosóig, go mbeadh ‘an ghluaiseacht teanga agus gluaiseacht na gcluichí, ag oibriú as lámha a chéile’ (Ó Tuama, 2022). Gné eile is ea go bhfuil bainistíocht teanga (Spolsky, 2009; Ní Dhúda, 2014) á déanamh sna 210 clubanna atá páirteach in FSMD, agus buaileann togra FSMD struchtúr ar na gníomhaíochtaí ar son na teanga atá ar bun sna clubanna sin. Tugann 70 sprioc an FSMD creatlach shonrach d’iarrachtaí comhfhiosacha na n-oifigeach an Ghaeilge a chur chun cinn sna chlubanna atá páirteach sa tionscnamh.

Feictear a fheiliúnaí is atá lionsa anailíse an nuachainteora agus an fhoghlaimeora chun staidéar a dhéanamh ar an ngníomhaíocht teanga i gclubanna CLG taobh amuigh de na críocha Gaeltachta sa 21ú aois. Léirítear go bhfuil gníomhaíochtaí FSMD dírithe ar thimpeallacht nó comhtéacs a chruthú ina mbeadh idir nuachainteoirí agus foghlaimeoirí ar a gcompord úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu.  Cé go bhfuil dul chun cinn déanta sa réimse seo, dealraítear go bhfuil gníomhaíocht leanúnach ag teastáil chun tearmann teanga, nó ‘breathing space’ (Fishman, 1991) a chothú, agus ag an am céanna a bheith fáilteach roimh na baill nach bhfuil suim acu sa teanga. 

Conclúid eile is ea a fheiliúnaí is atá an spás gaoil, a chuimsíonn idir chríocha tíreolaíocha agus líonraí teangeolaíocha (Walsh, 2019; Lewis & McLeod, 2021) mar lionsa ábharach chun tírdhreach teanga an ‘domhain chomhaimseartha, luainigh, ilsrathaigh … a thuiscint’ (Walsh, 2019: 206). Ciallaíonn an méid sin go mbíonn pobal na teanga ag idirghníomhú ar an iliomad spásanna sóisialta sa lá atá inniu ann, spásanna fisiciúla agus spásanna teibí ar-líne chomh maith céanna.  Moltar go ndéanfaí athchóiriú ar 70 Sprioc an FSMD le níos mó béime a chur ar na meáin dhigiteacha nua-aimseartha mar shampla WhatsApp, Twitter, Instagram agus Facebook.  D’fhéadfaí sprioc a chruthú, mar shampla, méid áirithe teachtaireachtaí Gaeilge nó dátheangacha a sheoladh leis an haischlib #GAAgaeilge nó #FSMD iontu in aghaidh na míosa. D’fhéadfaí chomh maith grúpa WhatsApp a chruthú chun míreanna suimiúla i nGaeilge a scaipeadh i measc bhaill an chlub, agus pobal beag fíorúil a chruthú.

Feictear go bhfuil obair shármhaith á déanamh faoi scáth FSMD chun beartas teanga CLG a chur i bhfeidhm i measc na 210 club atá páirteach sa scéim, ach is mionlach iad sin den 1,650 club atá ag feidhmiú sa tír. Mar sin, tá obair leanúnach le déanamh chun breis clubanna a mhealladh isteach i dtionscnamh FSMD agus timpeallacht a chruthú iontu ina bhfuil fáilte fhollasach roimh úsáid na Gaeilge nuair atá gnáthimeachtaí an chlub á gcur i gcrích. Feictear go bhfuil treoir agus acmhainní breise ag teastáil le teacht i dtír ar an deis atá ann beartas teanga CLG a chur i bhfeidhm ar bhealach níos leithne, ach fós aitheantas a thabhairt d’fhorlámhas na gcluichí sa Chumann.

Leabhairliosta

Billings, C. (2013) ‘The First Minutes: An Analysis of the Irish Language within the Official Structures of the Gaelic Athletic Association, 1884–1934.’ Éire-Ireland 48(1), 32–53. doi:10.1353/eir.2013.0013.

Billings, C. (2017a) ‘Cosc ar chluichí gallda: uirlis náisiúntachta ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935).’  ComharTaighde. Ar fáil ag:  https://comhartaighde.ie/eagrain/3/billings/.

Billings, C. (2017b) ‘Micheál Cíosóg agus an Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael.’ An Reiviú.  Ar fáil ag: http://leannteangaanreiviu.com/node/398.

Billings, C. (2017c) ‘Speaking Irish with hurley sticks: Gaelic sports, the Irish language and national identity in revival Ireland.’ Sport in History. 37:1. 25–50. http://dx.doi.org/10.1080/17460263.2016.1244702

Cumann Lúthchleas Gael (2019) An Treoir Oifigiúl 2019 – Cuid 1. Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael. Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/api/pdfs/image/upload/gmrtznzh7d7bvub6ppzr.pdf.

Cumann Lúthchleas Gael (2018) Straitéis Chumann Lúthchleas Gael don Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael. Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/api/pdfs/image/upload/gqzjdruarwpafxrhvbvt.pdf.

Cumann Lúthchleas Gael (2021) Cultúr agus Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael.  Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/the-gaa/cultur-agus-gaeilge/cultur-agus-gaeilge.

Cumann Lúthchleas Gael (2021) GAA Mission, Vision and Values.  Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael.  Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/the-gaa/administration/.

Cumann Lúthchleas Gael (2022) Oidhreacht Sheosaimh Mhic Dhonncha fós le brath trí GAAgaeilge [ar líne]. Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael.  Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/news/oidhreacht-sheosaimh-mhic-dhonncha-fos-le-brath-tri-gaagaeilge/.

Cumann Lúthcheas Gael (2022) Aontas 2026: I dtreo CLG Amháin do Chách. Plean Straitéiseach CLG 2022–2026. Baile Átha Cliath: Cumann Lúthchleas Gael. Ar fáil ag: https://www.gaa.ie/api/pdfs/image/upload/p7hi4g6xekjmcc9wu6sk.pdf.

Cusack, M. (1884) ‘A Word About Irish Athletics.’  Kiberd, D., & Matthews, P.J. (eag.) (2015) Handbook of the Irish Revival. Baile Átha Cliath: Abbey Theatre Press. 85–6.

Denvir, G. (1997) Litríocht agus Pobal. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Fishman, J.A. (1991) Reversing Language Shift. Cleveon: Multilingual Matters.

Glór na nGael, (2019)  Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha: ag cur chun cinn na Gaeilge i gclubanna CLG. Rath Chairn: Glór na nGael. Ar fáil ag: https://www.glornangael.ie/wp-content/uploads/2019/01/IrisFSMD19.pdf.

Glór na nGael, (2018) Plean Stráitéiseach 2018–2022 [ar líne]. Rath Chairn: Glór na nGael. Ar fáil ag: https://www.glornangael.ie/wp-content/uploads/2018/02/Plean-Straitéiseach-2018-2022.pdf.

Grin, F. (2003) Language policy evaluation and the European Charter for Regional or Minority Languages. New York: Palgrave Macmillan.

Jones, R. & Lewis, H. (2018) New Geographies of Language : Language, Culture and Politics in Wales. An Ríocht Aontaithe: Palgrave Macmillan.

Kiberd, D. & Matthews, P.J. (eag.) (2015) Handbook of the irish Revival: An Anthology of Irish Cultural and Political Writings 1891–1922. Baile Átha Cliath: Abbey Theatre Press.

Lewis, H. & McLeod, W. (eag.) (2021) Language Revitalisation and Social Transformation. Palgrave Macmillan.

Lewis, H. & McLeod, W. (2021) ‘Communities, Networks and Contemporary Language Revitalisation.’ Lewis, H. & McLeod, W. (eag.) Language Revitalisation and Social Transformation. 99–116.

Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1993. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Mac Giolla Chríost, D. (2005) The Irish Language in Ireland: From Goídel to globalisation. Oxon: Routledge.

Mac Póilin, A. (2019) ‘Language Maintenance, language revival.’ Ní Bhaoill, R. (eag.) Our Tangled Speech: Essays on language and culture. Béal Feirste: Ultach Trust.

Nolan, W. (2005) The Gaelic Athletic Association in Dublin 1884–2000. Baile Átha Cliath: Geogaphy Publications.

Ní Dhúda, L. (2014) Roghanna: Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga. An Mhí: Glór na nGael.

Ní Dhúda, L. (2017) ‘Language management and language managers: who are the Irish language managers in Breacbhaile?’ International Journal of the Sociology of Language. Iml.2017 (eag.245). 217–43. https://doi.org/10.1515/ijsl-2017-0009.

Ó Caithnia, L.P. (1982) Micheál Cíosóg. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Ciardha, M. (2022) ‘Mac Donncha, Seosamh (1953–2016).’ Ainm.ie, An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5017.

Ó Conchubhar, B. (2009) Fin de Siecle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Indreabhán: An Clóchomhar.

Ó Conchubhair, B. (2009) ‘The GAA and the Irish Language.’ Cronin, M., Murphy, W., Rouse, P., (eag.) The Gaelic Athletic Association: 1884–2009.  Baile Átha Cliath: Irish Academic Press, 137–55.

Ó Giollagáin, C. (2020) ‘Irish is a language of the symapthetic middle class: Post-Gaeltacht native community tongue neglected for symbolic “Staged Irish”.’ Irish Times,  17 Lúnasa, 2020 [ar líne]. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/opinion/irish-is-a-language-of-the-sympathetic-middle-class-1.4331515.

Ó Giollagáin, C. & Péterváry, T. (2016) ‘An Pobal Gaelach sa Stát Éireannach: Forbairt agus Éigeandáil.’ Ó Giollagáin, C. & Ó Curnáin, B. (eag.) Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas. Indreabhán: Leabhar Breac. 15–58.

O’Rourke, B & Pujolar, J. (eag.) (2019) ‘From New Speaker to Speaker: Outcomes, reflections and policy recommentations.’ COST Action IS1306 on New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges. IAITH: Welsh Centre for Language Planning.

O’Rourke, B. & Walsh, J. (2020) New Speakers of Irish in the Global Context: New Revival?  New York: Routledge Critical Studies in Multilingualism.

Seoighe, S.  (2018) ‘“Is libhse an chathair” – Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoiri na Gaeilge.’   ComharTaighde eag.4. Samhain.  Ar fáil ag:  https://comhartaighde.ie/eagrain/4/seoighe/

Smith-Christmas, C., Ó Murchadha, N.P., Hornsby, M. & Moriarty, M. (2017) New Speakers of Minority Languages. London: Palgrave Macmillan UK.

Spolsky, B. (2004) Language Policy: Key Topics in Sociolinguistics. Cambridge: Cambridge University Press.

Spolsky, B. (2009) Language Management. Cambridge: Cambridge University Press.

Walsh, J., O’Rourke, B. & Rowland, H. (2015) Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge arna hullmhú do Foras na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Walsh, J. & O’Rourke, B. (2015) ‘Mudes Teangeolaíochta agus nuachainteoirí na Gaeilge.’ ComharTaighde (eag.1). Ar fáil ag: https://comhartaighde.ie/eagrain/1/walsh-orourke/.