Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin

(Stiúrthóir: Colm Bairéad, 2022)

Léirmheas le Padaí de Bléine

 ‘Ní raibh de dhíth uirthi ach giota peataireachta’, a dúirt Eibhlín, an mháthair altrama, sa scannán An Cailín Ciúin agus í ag labhairt ar Cháit a bhí ag stopadh aici agus ag a fear Seán ar feadh míosa. Is iad Carrie Crowley agus Andrew Bennet a ghlac ról na dtuismitheoirí altrama agus tá moladh mór tuillte acu as an aisteoireacht shéimh nádúrtha.  Tháinig an scannán amach sa bhliain 2022, ach tá an scéal féin suite sa bhliain 1981.  Tá an scannán bunaithe ar an leabhar Foster (2010) le Claire Keegan agus is é Colm Bairéad a scríobh agus a stiúir.  Dúirt Bairéad le Cathy Clarke in alt in The Guardian (2022) gur thit sé i ngrá leis an leabhar láithreach, agus go raibh sé ag sileadh na ndeor agus é á léamh. Bhí sé cinnte go mbeadh na cearta ag duine éigin eile le scannán a dhéanamh de ach, ar an dea-uair dósan, ní raibh.  Cuireann Bairéad ábhar sa scannán nach bhfuil i scéal an bhunleabhair, saol Cháit sa bhaile, cuir i gcás, an claonadh atá inti an leaba a fhliuchadh agus an claonadh atá inti dul ar strae. Is í Cáit an príomhcharachtar agus is í Catherine Clinch a ghlac an ról sin. Is é seo an chéad ról a bhí aici agus fóireann a stíl aisteoireachta go hiontach maith don ról céanna. Go deimhin, ainmníodh an scannán do Ghradam Oscar don Scannán Idirnáisiúnta Lánfhada is Fearr.

Insítear an scannán trí shúile an chailín óig.  Mar a léirítear i dteideal an scannáin, is duine ciúin í Cáit. Go dearfa, bíonn sí an-chiúin sa bhaile, cé go bhfuil an teach féin an-challánach agus neart deirfiúracha agus deartháir aici, agus leanbh eile ar an bhealach.  Tá Cáit dúnta isteach inti féin mar gheall ar chúrsaí sa bhaile agus is duine seachantach uaigneach í.  Dála Cháit, tá an scannán féin ciúin, ach is é a chiúnas a chumhacht agus a thugann lánléiriú dúinn ar an tsaol sna 1980í i mbeagán focal. Is sreamaide agus banaí é a hathair nach bhfuil mórán ama aige do Cháit ná do dhuine ar bith eile sa teach.  Ní dhéanann sé turn láimhe sa teach ach é i gcónaí ag tochras ar a cheirtlín féin; is é an cearrbhachas an chloch is mó ar a phaidrín agus déanann sé neamart ina bhean agus ina chlann. Ní thugann sé cothabháil coirp ná intinne dá chuid páistí.

Leanann téama an chiúnais síos fríd an scannán.  Is meafar é an ciúnas don Ghaeilge féin, atá ciúin in áiteanna sa tír, ach a dtiocfaidh bláth uirthi má thugtar aire di.  Go dearfa, labhraíonn bunús na gcarachtar i nGaeilge i rith an scannáin, ach amháin athair Cháit.  Thug an scannán guth agus ardán don Ghaeilge agus tharraing sé aird an phobail uirthi go díreach mar a thug Eibhlín agus Seán guth do Cháit.  Impíonn Ó Searcaigh (1993: 208) ina dhán ‘Caoineadh’ ar an Ghaeilge liú amháin gaile agus liú catha a ligean aisti chun anáil úr a chur inti féin.  Tá an scannán ag freagairt na himpí seo agus é ag cur beocht úr sa teanga.  Tá lucht féachana an scannáin ag impí ar Cháit liú a ligean aisti fosta agus cuidiú a iarraidh.

Tugtar leideanna don lucht féachana go bhfuil an-íde á tabhairt do Cháit sa bhaile agus gurb é sin an fáth a bhfuil sí chomh ciúin sin, agus an fáth a bhfliuchann sí an leaba chomh minic sin. Is follasach go bhfuil Cáit imníoch, go bhfuil sé deacair uirthi dul a chodladh, go bhfuil sé deacair uirthi labhairt le daoine eile agus go bhfuil coimpléacs ísleachta ag cur as di.  Is comharthaí iad seo go bhfuil foréigean tís ag dul ar aghaidh.  Is cosúil go bhfuil Cáit ciúin imeallaithe ar scoil fosta gan cara ar bith aici, comharthaí eile go bhfuil saol deacair sa bhaile aici.  Cuireann sé crua uirthi léamh amach os ard os comhair an ranga agus is cinnte nach raibh an t-am ag a máthair ná an tsuim ag a hathair grá na léitheoireachta a chothú inti.  Bíonn na cailíní eile, a deirfiúr ina measc, ag magadh fúithi nuair a dhoirteann sí a cupán tae.  Tugann siad ‘weirdo’ uirthi.  Ritheann sí ar shiúl agus tugann a hathair ‘the wanderer’ uirthi.  Cionn is go bhfuil an teach sa bhaile chomh gnóthach sin agus de bhrí go bhfuil a máthair ag iompar clainne, déantar cinneadh Cáit a chur ar shiúl chuig daoine muinteartha lena máthar a chónaíonn trí uair an chloig ar shiúl sa charr.  Cuirtear le téama an chiúnais sa charr agus Cáit agus a hathair le chéile ann.  Feictear an t-athair ag stánadh uirthi i scáthán an chairr, radharc a chuireann an lucht féachana ar a míshuaimhneas.  Cuireann a hathair geall ar fhoireann Phort Láirge de bhrí go bhfuil sé ag tabhairt Cháit ansin agus nuair a theipeann ar an gheall, bíonn sé ag gearradh na mionnaí móra os a comhair a léiríonn gur duine dímheasúil é.  Léiríonn Michael Patric ról an athar go héifeachtach agus is léir go bhfuil Cáit míshuaimhneach ina chuideachta chomh maith leis an lucht féachana féin.  Fágann athair Cháit í le Seán agus le hEibhlín, ar strainséirí iad, agus imíonn sé gan fiú barróg ná póg a thabhairt di.  Go deimhin, imíonn sé agus éadaí Cháit sa charr aige go fóill, rud a léiríonn arís eile go bhfuil sé ar nós cuma liom faoina iníon.

Tá an teach nua seo geal soicheallach murab ionann agus a teach sa bhaile.  Tá an teach sa bhaile dúr dorcha agus is léir nach dtugann athair Cháit aire dó.  Is cinnte nach bhfuil mórán airgid ag máthair Cháit le caitheamh ar an teach agus an t-athair ina fhear mór gealltóireachta.  Tá an teach sa bhaile ina mheafar don dorchadas agus do na rudaí dorcha atá ag tarlú ann.  Is dócha gurb é sin an fáth a n-éalaíonn Cáit uaidh ag tús an scannáin agus í i bhfolach i bhfuaimeanna an nádúir.  Cluintear fuaimeanna na feirme thart ar an teach nua seachas béicíl na bpáistí thart ar a teach féin sa bhaile.

Den chéad uair ina saol, caitear go lách cineálta le Cáit agus déanann Eibhlín neart peataireachta uirthi ina teach te teolaí.  Tá an teach nua ina chógas leighis aici agus faigheann sí faoiseamh ann. Caitheann Eibhlín go ceanúil le Cáit agus í ag tabhairt folcadh di agus caitheann sí go tuisceanach léi nuair a fhliuchann sí an leaba.  Tugann sí ‘a stór’ uirthi murab ionann agus na leasainmneacha maslacha a thugtar uirthi sa bhaile agus ar scoil.  Ullmhaítear bia baile folláin di agus cothaítear í idir cholainn agus shamhlaíocht.  Diaidh ar ndiaidh, tagann bláth ar Cháit agus is faoiseamh mór é don lucht féachana nuair nach bhfliuchann sí an leaba agus fios againn go bhfuil sí ar a suaimhneas sa teach nua.

Tugtar leideanna dúinn go raibh gasúr ag an lánúin nuair a fheiceann muid na traenacha ar an pháipéar balla agus nuair a ghléastar Cáit in éadaí gasúir nuair a imíonn a hathair lena cuid éadaigh féin.  Nuair a imíonn Cáit ar strae sa bhóitheach, tugann Seán íde béil di.  Níos moille anonn sa scannán tuigimid an fáth a ndearna sé amhlaidh.  Bádh a mhac féin san umar sciodair agus tá eagla a chraicinn air gur tharla an rud céanna do Cháit.  Déanann sé iarracht é a chúiteamh léi, agus tá radharc galánta ann nuair a fhágann sé briosca beag ar an bhinse di agus é ag dul ar obair.  Comhartha cumhachtach cineáltais agus ceana atá ann.  Tugann Eibhlín Cáit léi chuig an tobar agus míníonn sí di a ghlaine atá an t-uisce as an tobar agus go bhfuil cumhacht rúnda aige.  Ardaítear ár n-aird agus ár bhfiosracht nuair a deir Eibhlín nach bhfuil rún ar bith ina teach féin agus smaoiníonn muid láithreach gur féidir go bhfuil rúin i dteach Cháit.  Mar a tharla, bhí rún i dteach Eibhlín, ach rún a bhí ann a ghoill an oiread sin uirthi agus ar Sheán, nach dtiocfadh leo labhairt air agus rún nach raibh mailís ar bith ann.  

Le himeacht ama, osclaíonn Cáit ar an dóigh chéanna a n-osclaíonn bláth chun na gréine, agus is iad Eibhlín agus Seán an ghrian ina saol.  Caitheann siad solas ar a saol dorcha agus coinníonn te teolaí í, murab ionann agus an fuacht agus an doicheall ina teach féin sa bhaile. Caitheann Seán am léi ag taispeáint obair na feirme di agus caitheann Eibhlín am léi sa bhaile ag taispeáint obair tí di.  Deir Eibhlín suantraí léi, ‘is tú mo stór is mo ghrá geal’ agus í ag scuabadh a cuid gruaige, a léiríonn a chineálta atá sí léi.  Chí muid aoibh an gháire ar aghaidh Cháit den chéad uair sa scannán agus na fir istigh sa teach ag imirt cártaí, imeacht sóisialta nach bhfuil sí cleachta leis sa bhaile.  Léiríonn an scannán a thábhachtaí atá sé labhairt le páistí agus am a chaitheamh leo.  Bíonn spórt agus spraoi ag Seán agus Cáit agus é ag coinneáil taifead den am a ghlacann sé uirthi rith chuig an bhosca poist agus ar ais.  De réir mar a théann na seachtainí ar aghaidh, is i ngaiste atá sí ag rith agus is i láidre atá an caidreamh idir an bheirt acu ag an am chéanna.  Tuigeann Seán a thábhachtaí atá sé seans a thabhairt do Cháit léamh amach os ard agus is iontach an rud é go dtagann feabhas mór ar a cuid scileanna léitheoireachta in achar gairid ama agus an tacaíocht cheart aici.  Ní comhtharlú ar bith é gur roghnaigh Seán an t-úrscéal Heidi do Cháit, úrscéal a scríobh Johanna Spyri do pháistí agus dóibh siúd a bhfuil grá acu do pháistí.  Éiríonn Cáit níos caintí agus níos compordaí inti féin agus is cinnte gur chuidigh an giota peataireachta ina teach nua go mór léi.  Go díreach agus Seán agus Cáit ar a suaimhneas lena chéile, tagann litir ón bhaile ag insint do Cháit go gcaithfidh sí pilleadh ar a teach féin le déanamh réidh don scoil.  Bhí a fhios acu triúr go raibh an lá seo ar na bacáin, agus go raibh sé ag dul a theacht, ach choinnigh siad ar an mhéar fhada í.  Casann Eibhlín as an raidió nuair a chluineann sí fógraí air faoi fhilleadh ar scoil.  Bíonn an fhírinne searbh agus tuigeann sí, ina hainneoin féin, go bhfuil an lá ag teacht.

 Téann Cáit chun an tobair léi féin cúpla lá sula n-imíonn sí abhaile agus í ag iarraidh cuidiú le hEibhlín leis an obair tí.  Titeann sí isteach sa tobar agus tagann slaghdán uirthi dá dheasca.  Goilleann sé ar Eibhlín go bhfuil Cáit ag dul a philleadh abhaile agus slaghdán uirthi agus í ag déanamh go mbeidh a tuismitheoirí ag smaoineamh nár thug sí aire mar is ceart di.  A mhalairt iomlán atá fíor, ar ndóigh, agus togha na haire tugtha aici di.  Agus iad triúr ar a mbealach chuig teach Cháit sa charr, cuimhníonn Cáit ar na tréimhsí dearfacha a bhí aici le hEibhlín agus le Seán.  Baintear úsáid éifeachtach as an cheol shuaimhneach ar an turas abhaile a bheas i gcodarsnacht leis an challán a bheas roimpi.  Cé go leanannn an turas ar aghaidh sa charr, is ag dul siar ina hintinn atá Cáit ar na cuimhní dearfacha a bhí aici le hEibhlín agus le Seán. Nuair a bhaineann sí a teach féin amach is ar éigean a bheannaíonn a máthair di agus í ag obair agus ag luain leis an leanbh úr. Tá codarsnacht iomlán idir an dá theach; fuacht agus teas, dorchadas agus gile, míshlacht agus slacht, neamart agus grá agus callán agus ciúnas.  Feictear duine de na deirfiúracha agus plástar ar a haghaidh.  Ritheann sé chuig an lucht féachana láithreach gur féidir gur bhuail an t-athair í agus gurb é seo an saol atá i ndán do Cháit ar fhilleadh abhaile di.  Nuair a chluineann máthair Cháit í ag sraothartach agus slaghdán ag teacht uirthi, tugann sí amach di, amhail is go bhfuil an locht ar Cháit féin.  Tagann an t-athair ar ais ó ‘pé áit a raibh sé’.  Shílfeá nuair nach bhfaca sé Cáit le tamall fada go dtabharfadh sé póg nó croí isteach di.  Ní thugann sé ceachtar acu di ach ‘the prodigal child’ a thabhairt uirthi.  Nuair a deir Seán go bhfuil slaghdán beag ar Cháit tagann focail chruálacha as béal an athar agus é ag rá, ‘sure you couldn’t mind them, you know yourself’.  Is cinnte go mothaíonn Seán ciontach gach lá ina shaol gur cailleadh a mhac féin ar an fheirm agus is cinnte go bhfuil an méid sin ar eolas ag athair Cháit nuair a deir sé na focail sin.  Feoil agus iasc atá sa bheirt fhear agus is léir gur imir Seán dea-thionchar ar shaol Cháit murab ionann agus a hathair atá borb agus tobann i bhfeirg.  Cuireann Seán dúil sa leanbh beag nua a rugadh nuair a bhí Cáit ag stopadh aige agus é a rá, ‘tá sé téagartha, nach bhfuil?’  Is dócha go bhfuil sé ag smaoineamh ar a mhac féin nach maireann ag an bhomaite sin.  Is féidir an grá atá ag borradh aníos i gCáit a mhothú nuair a imíonn Eibhlín agus Seán.  Brúchtann na mothúcháin inti mar a bheadh laibhe ag brúchtadh agus ag borradh aníos as bolcán.  Tarlaíonn an t-athrú i gCáit ar an taobh istigh ar an dóigh chéanna agus a dtarlaíonn sé i mbolcán agus feiceann an lucht féachana uair na cinniúna ag deireadh an scannáin.  Ritheann sí i ndiaidh Eibhlín agus Sheáin agus is léir go bhfuil neart cleachta déanta aici ar an reathaíocht nuair a thagann sí a fhad le Seán agus é ag druidim an gheata.  Leanann athair Cháit í agus nuair a fheiceann sí é deir sí ‘daidí’ agus í snaidmithe i lámha Sheáin.  Teannann sí a greim ar Sheán agus tugann sí ‘daidí’ airsean.  Is radharc cumhachtach é seo a choscródh na clocha glasa.  Tagann an radharc seo ar an lucht féachana go fáilí agus tugann sé neart ábhar smaointe dóibh. Buaicphointe an scannáin.  Nuair a thagann an crú ar an tairne, léirítear go soiléir ag an phointe seo nach i gcónaí a bhíonn an gaol fola ar an ghaol is láidre ach gur láidre an grá ná é.  Fágtar an lucht féachana ag deireadh an scannáin ag machnamh ar an rud a tharlóidh do Cháit.  Ní thiocfadh linn a shamhlú go dtabharfadh athair agus máthair Cháit an cúram céanna di agus a thug na tuismitheoirí altrama.  Bímid ag guí go bhfanfaidh sí le Seán agus le hEibhlín agus iad ann i gcáil tuismitheoirí in áit fanacht sa bhaile.  Cuireann sé imní orainn, áfach, agus fios againn go bhfuil gach seans ann go bhfanfaidh sí lena tuismitheoirí féin ach áthas orainn ag an am chéanna gur bhlais sí sonas agus saoirse ina saol seal beag gairid.  Scannán den scoth atá ann a léiríonn an dóigh ar tháinig Cáit in aois. Tá an scannán ina ábhar machnaimh ag gach tuismitheoir agus ag gach múinteoir. Tugtar an teachtaireacht dúinn go ndéanann giota peataireachta difear mór i saol gach duine agus gurb iad na rudaí beaga i dteannta a chéile a athraíonn an saol.

Leabhairliosta

Tagairtí

An Cailín Ciúin (2022).  Stiúrthóir: Colm Bairéad.

Keegan, C. (2010) Foster.  London: Faber & Faber Ltd.

Ó Searcaigh, C. (1993) An Bealach chun ’na Bhaile.  Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Clarke, C. (2022) ‘“I fell in love with it in a profound way”: how The Quiet Girl’s fostering story captured its director’s heart’. The Guardian.  Ar fáil ag: https://www.theguardian.com/film/2022/may/12/quiet-girl-irish-language-film-colm-bairead-foster-claire-keegan.  (Léite: 12 Bealtaine, 2022).