Réamhrá
Tá an t-alt seo fréamhaithe i dtaighde dochtúireachta ar iriseoireacht na Gaeilge agus ar mhná na hÉireann sa tréimhse iar-athbheochana Gaeilge, idir bunú Shaorstát Éireann, 1922 agus tús chraoladh Raidió Éireann, 1962. Sa togra leathan, leagtar béim san obair seo ar phíosaí atá scríofa ag mná, do mhná agus faoi mhná, idir shaothair iriseoireachta agus litríochta. Déantar iniúchadh ar ábhar pinn na mban agus iad ag tagairt d’imeachtaí móra sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla na tréimhse, chomh maith le topaicí laethúla, le léargas a fháil ar ghuth na mban sna meáin chlóite ag an am. Is cás-staidéar amháin í Déirdre: Iris na mBan (Déirdre as seo amach) ón taighde sin agus is ar an bhfoilseachán sin a bheidh ábhar an ailt seo bunaithe.
Cé go raibh scríbhneoirí fireanna ann a chuir peann le pár ar bhonn rialta do Déirdre, is iad ailt shuntasacha na mbaniriseoirí agus fógraí na hirise a díríodh ar an tomhaltóir baineann a bheidh faoi chaibidil anseo. Féachfar ar stair agus ar chur chuige na hirise féin; ansin déanfar anailís ar ábhar na n-alt agus na bhfógraí agus bunaithe ar an iniúchadh seo taispeánfar ionchur Déirdre i bhforbairt ghuth na mban in iriseoireacht na Gaeilge sna 1950í, tús shaolré na hirise. Déanfar an anailís seo i gcomhthéacs tar éis John Horgan go n-éiríonn leis na meáin athruithe sóisialta agus polaitíochta a chur i bhfeidhm, mar aon le scáthántacht a dhéanamh ar na hathruithe céanna (Horgan, 2001: 2). Tabharfaidh an t-alt seo na saothair seo ó pheann baniriseora chun solais. Is minic a bhíodh aoi-scríbhneoirí a scríobh don iris agus i measc bhaniriseoirí rialta Déirdre bhí Siobhán Nic Chionnaith, Máire Ní Chinnéide, Síle Ní hAoileáin agus Cáit Ní Mhathúna, gan ach a bheagán a lua. Is í ceist lárnach an ailt seo, agus an taighde dochtúireachta i gcoitinne, ná an ndearna na meáin Ghaeilge, Déirdre: Iris na mBan go háirithe, scáthánú ar thuairimí agus réamhchlaontaí an phobail i dtaca le ról na mban, nó an raibh an iris freagrach as teacht chun cinn dearfach na mban i sochaí Éire na hiar-athbheochana?
Déirdre: Iris na mBan, Cúlra Béimeanna agus Sainiúlachtaí
Ráitheachán lán-Ghaeilge ab ea Déirdre a foilsíodh idir 1954 agus 1986 agus a tharraing caint agus cáineadh le linn a shaolré (Ó hUiginn, 1998: 136). Díreofar san alt seo ar ábhar Déirdre i mblianta luatha an fhoilseacháin, sna 1950í go háirithe, a thagann leis an tréimhse taighde dochtúireachta as a eascraíonn sé. Ba é Gearóid Ó Cuinneagáin (1910–1991) a bhunaigh Déirdre, agus a bhí mar eagarthóir na hirise trína saolré ar fad, idir 1954 agus 1986. As Béal Feirste ó dhúchas, chuir sé tús leis an iriseoireacht sa pháipéar sóisialach Gaeltachta An t-Éireannach, a mhair idir 1934–1937. Taobh amuigh den iriseoireacht, bhí Ó Cuinneagáin an-ghníomhach go polaitiúil agus ‘Craobh na hAiséirighe’, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge bunaithe aige in 1940. Tá cur síos déanta ar an gcraobh seo mar an chraobh ‘ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta airneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu’. (Ainm.ie, 2024). De réir aiste a scríobh an craoltóir agus colúnaí Proinsias Mac Aonghusa ar a chuid ama sa chraobh, dúirt sé faoi Ó Cuinneagáin ‘fear a bhí tráth ar an té ba chonspóidí, ba chantalaí agus ba mhó díograis polaitíochta agus creidimh dá raibh sa saol’ (Mac Aonghusa, 2000: 282). Ba mhinic a raibh tuairimíocht láidir Uí Chuinneagáin le brath in ábhar léitheoireachta na hirise, go háirithe, mar a mbeifeá ag súil leis, san eagarfhocal. Cé go raibh Ó Cuinneagáin coimeádach ina chuid tuairimí féin, bhí sé timpeallaithe ag mná ceannródaíocha Sorcha Ní Ghuairim, aisteoir, scríbhneoir agus iriseoir, cuir i gcás, a bhí ina ball gníomhach de Chraobh na hAiséirí, agus a bhí ina heagarthóir ar An t-Éireannach.
Bhíodh plé san iris ar chúrsaí polaitíochta, ar ról na mban, ar chúrsaí teanga, agus ar an teaghlach. Bhí éagsúlacht iriseoireachta le fáil ar leathanaigh na hirise freisin agus colúin, gearrscéalta, litreacha, leathanaigh d’fhoghlaimeoirí, aistí, agallaimh agus grianghraif mar chuid de gach eagrán. Ina halt chritice ar an bhfoilseachán, maíonn Dorothy Ní Uigín in ainneoin go raibh tréithe áirithe de ‘iris ban’ le fáil in Déirdre (gearrscéalta grá, dánta, ailt ar chócaireacht, ar chniotáil), bhí easpaí ann chomh maith (leathanach fadhbanna mar shampla, agus easpa comhfhreagrais rialta). Ar an ábhar seo, molann Ní Uigín gur ‘iris í Déirdre, mar sin, a bhí dírithe, ní ar bhantracht na Gaeilge i gcoitinne, ach ar Ghaeilgeoirí – idir fhir agus mhná – na Galltachta – agus ar Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath go háirithe’ (Ní Uigín, 1992: 37).
An ghné a scar Déirdre óna hiomaitheoirí i rannóg na hiriseoireachta Gaeilge ag an am, na hirisí Comhar (1942–) agus Feasta (1948–2023) mar shampla, ná go raibh íomhá agus guth na mban fite fuaite trí eagráin uile na hirise. Bhí Déirdre le freastal ar an mbean nua Éireannach a tháinig ar an bhfód le bunú Shaorstát Éireann in 1922, agus roghnaíodh ábhar na n-alt leis an spriocléitheoir seo san áireamh. D’aithin Kevin O’Higgins, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle ar an mBunreacht Dréachtaithe an bhean nua Éireannach seo. Dúirt sé go raibh an bhean seo sa tóir ar stádas ní b’údarásaí di féin sa réimse poiblí, sheas bean na hiar-athbheochana ar an stáitse poiblí go fonnmhar: ‘An extremely able woman, an extremely strong-minded woman, a woman of highly developed public spirit and civic sense’. (Dáil Debates, Vol. 1, Col. 1678, 18.10.1922). Bhí íomhá agus ról nua poiblí á múnlú ag an mbean iar-athbheochana di féin mar shaoránach rannpháirteach. Bhí foilsiú Déirdre mar uirlis chuí don bhean seo le féiniúlacht phoiblí a chruthú agus a dhaingniú i réimse poiblí na hÉireann. In ainneoin an dul chun cinn seo sa tsochaí i gcoitinne, nuair a léadh Déirdre ba mhinic a raibh meon coimeádach i leith na mban san ábhar, ag teacht, b’fhéidir, ó thionchar an eagarthóra. Cé gur féidir beag is fiú a dhéanamh den mheon seo sa lá atá inniu ann, agus de na hailt éagsúla bunaithe ar ghnéithe traidisiúnta de shaol na mban (forbairtí leictreachais, oidis chócaireachta) chuidigh a leithéid le húdarás a thabhairt do na mná de réir a chéile, agus a bhí mar ‘fheimineachas réalaíoch’ ar bhealach.
Ní hamháin gur fhreastail Déirdre ar léitheoir faoi leith, ba í sin an bhean Éireannach, Ghaelach, ach sholáthraigh foilsiú na hirise fóram do mhná a raibh spéis acu in iriseoireacht na Gaeilge agus sa dioscúrsa poiblí i gcoitinne. D’éirigh leis an iris roinnt ratha a bhaint amach i measc lucht liteartha na Gaeilge, cé nach bhfuil faisnéis ar fáil ar phriontáil na hirise. Léiríodh rath Déirdre i mblianta luatha na hirise le heagráin earraigh, samhraidh agus geimhridh á bhfoilsiú ar bhonn rialta. In eagrán shamhradh 1958, áfach, gan ach 4 bliana ó bunaíodh an iris, d’fhógair eagarthóirí na hirise go mbeadh an chéad eagrán fómhair ann an bhliain sin le freastal ar an éileamh a bhí ann ó bhí ‘ag éirí comh maith le DEIRDRE’ (Samhradh, 1958: 15), a chiallaigh go raibh ceithre eagrán á bhfoilsiú gach bliain. Tá sé tábhachtach a lua gur ráitheachán a bhí in Déirdre agus mar sin, bhíodh deis níos mó ag lucht leanta na hirise tacú leis an bhfoilseachán ó nach raibh ach trí eagrán ann, agus tar éis 1958 ceithre eagrán, le ceannach in aghaidh na bliana.
Thapaigh baniriseoirí Gaeilge na linne an deis le leathanaigh Déirdre a líonadh le saothar iriseoireachta a rinne scáthánú ar shaol na mná Éireannaí in Éirinn sa dara leath den 20ú haois. Agus cé go raibh éagothroime in inscne scríbhneoirí na hirise (‘as an 50–60 file a scríobh don iris idir 1954-1985, ní raibh ach 22 banfhile’ [Ní Uigín, 1992: 35]), caithfear é seo a chur i gcomhthéacs na linne, agus a admháil gur mhór an gaisce é seo sa tréimhse úd. Ní raibh drogall ar scríbhneoirí baineanna na n-alt dul i ngleic le ceisteanna móra tromchúiseacha an lae, mar aon le nithe leamha an tsaoil, le fonn agus le flosc.
Íomhá Déirdre agus cur i láthair poiblí na mná
Is féidir a áiteamh gur ghlac Peig seilbh ar íomhá na mná Gaelaí ag tús an 20ú haois, seanchaí agus bean Ghaeltachta ab ea í a raibh tionchar mór ag a dírbheathaisnéis, Peig (1936) ar an litríocht agus ar an tsochaí i gcoitinne. De réir thaighde Ríona Nic Congáil ar an ábhar (Nic Congáil, 2011: 11), d’eascair íomhá idéalach na mná Gaelaí ó eiseamláir Peig: ‘Eascraíonn íomhá na mná idéalaí agus údaraí Gaelaí óna beathaisnéis siúd: bean bhocht, neamhliteartha, dhíograiseach agus Chaitliceach, a bhfuil tréithe an mháithreachais agus chultúr na nGael go smior inti’. Dearbhaíonn comhthéacs cultúrtha na linne i dtreo na mná go raibh íomhá phoiblí nua, réabhlóideach ag teastáil do chúis na mban. Nuair a tháinig Déirdre ar an bhfód in 1954 bhí 18 mbliana caite ó foilsíodh leabhar beathaisnéise Peig Sayers (Nic Eoin, 1998: 173). Bhí an páirtí polaitíochta Fianna Fáil ag dul ó neart go neart sa tréimhse freisin, mar pháirtí an fhreasúra sa 15ú Dáil (Meitheamh 1954–Nollaig 1956) agus ansin mar phríomhpháirtí an rialtais idir Márta 1957 agus Meán Fómhair 1961. Ní haon chomhtharlú é gur tháinig rath Fhianna Fáil ag an am céanna le teacht in inmhe íomhá Pheig. D’áitigh Máirín Nic Eoin agus Ríona Nic Congáil (2018: 339) gurbh í Peig bean idéalach Fhianna Fáil, agus Éamon de Valera go háirithe, de bharr a tréithe a thacaigh le seantraidisiún na mná mar bhean tí agus chaomhnóir clainne: ‘Peig Sayers was exactly the type of Irishwoman that De Valera wished to promote: she was a Catholic, Irish-speaking, hard-working and subservient mother, who was not sufficiently schooled to engage in public affairs’. Ar an ábhar sin, bhí tábhacht faoi leith ag Déirdre agus íomhá ailtéarnach den bhean Éireannach á soláthar do phobal coimeádach na tíre. Chuir sé le feasacht shóisialta na mban agus plé á dhéanamh ag iriseoirí an fhoilseacháin ar thopaicí éagsúla a bhain leis an saol poiblí, agus saol na mban go háirithe. Bhí dlúthnasc le haithint idir an bhean agus an creideamh san iris ar fad, agus ba scáthánú é seo ar chreideamh Caitliceach agus claonadh coimeádach eagarthóir na hirise, Gearóid Ó Cuinneagáin.
I gcodarsnacht leis an gclaonadh caomhach sin, áfach, tharraing teideal agus íomhá Déirdre inspioráid ó fhigiúr iomráiteach thraidisiún béil na hÉireann. Roghnaíodh an banlaoch tragóideach aitheanta ‘Deirdre’ a fheictear i scéalta Rúraíochta nGael, go háirithe sa scéal ‘Oidheadh Chloinne Uisneach’ ón 8ú haois, mar theideal na hirise. Deir Michael Ballin (2008: 14) nach féidir tionchar chuma fhisiciúil an tréimhseacháin ar an léitheoir ionchasach a shéanadh agus is eiseamláir í Déirdre den chleachtas sin. Le híomhá agus ainm mná le feiceáil go soiléir ag an léitheoir sula n-osclófaí leathanaigh na hirise, thaispeáin Déirdre go raibh cumhacht ag an íomhá agus ag an nguth baineann agus go raibh suíomh faoi leith aici sa réimse poiblí: ‘Even before the reader has considered the opening sentence of written text, the physical feel and appearance of a periodical can signify something about its unique identity.’
Níor luadh foinse an teidil go follasach i gcéad eagrán na hirise i samhradh 1954 ach is féidir linn a thuiscint ó fhógra Ghael Linn ‘Ionad na mBan’ a bhí ar leathanach 3 de chéad eagrán na hirise, gurbh í figiúr stairiúil sin Deirdre a bhí mar spreagadh don iris: ‘Ó aimsir Dheirdre i leith tá ionad fé leith agus ionad tábhachtach ag na mná i stair na hÉireann. Bítear á rá, áfach, nach bhfuil an ghlún seo ar aon dul leis an gceann a d’imigh rómpu ach dar ndóigh tá caighdeán árd le sroisint acu’. (Geimhreadh, 1954: 3)
De réir an tseanscéil, ba bhean dhathúil í Deirdre a mbeadh ríthe agus taoisigh na talún sa tóir uirthi, agus bheadh cogaí agus doirteadh fola ann dá barr. Rinneadh iarracht deireadh a chur lena scéal grá le Naoise agus dá bharr sin chuir Deirdre lámh ina bás féin, ní hamháin le héalú ón gcoimhlint ach mar ghníomh frithbheartaíochta amháin eile in aghaidh a gabhálaithe. Is féidir a mhaíomh mar sin gur spreag ceannaireacht Dheirdre in aghaidh na patrarcachta eagarthóir na hirise seo agus é ag lorg bean Ghaelach le bheith mar íomhá phoiblí agus ainm an ráitheacháin. Is féidir a áiteamh mar sin gur le hiarracht stádas na mban a ardú a roghnaíodh Déirdre mar ainm na hirise. Thuigtí go raibh an t-eagarthóir ag iarraidh ar a léitheoirí a bheith gníomhach, ní hamháin sa ‘bhfeachtas náisiúnta’ teanga ach i ngluaiseacht na mban freisin, agus lorg buan a fhágáil le go mbeadh ‘trácht feasta ar mhná na haoise seo mar chomharbaí fiúntacha” (Geimhreadh, 1954: 3) agus b’eiseamláir iontach í Déirdre de bhean ghníomhach, láidir a chuaigh in aghaidh íomhá thraidisiúnta na mná Gaelaí, mar a chonacthas i gcás Pheig. D’fhreastail an iris ar na mná agus ar na cúraim thraidisiúnta a bhíodh orthu sa bhaile mar shampla, ach ní raibh siad faoi shrian ag íomhá ‘na mná idéalaí agus údaraí Gaelaí’ (Nic Congáil, 2011: 11) agus bhí sé seo le feiceáil i dteideal agus íomhá an ráitheacháin. In ainneoin mheafar fadradharcach na hirise, tháinig an cur chuige seo salach ar ábhar an fhoilseacháin féin in amanna.
Cé go raibh bean thionscantach, mhachnamhach mar inspreagadh do theideal na hirise, agus gur mhinic a foilsíodh íomhánna de mhná láidre, gairmiúla san iris, ba mhinic a bhí figiúir chráifeacha, choimeádacha le feiceáil ar leathanaigh na hirise go fóill. Is fianaise iad na figiúir seo ar thionchar na hEaglaise agus an chreidimh Chaitlicigh i gcoitinne fós ar eagarthóir an ráitheacháin sna 1950í in ainneoin chur chuige neamhspleách ildánach na hirise ina hiomláine. Bhí íomhá Mhuire na nGael a foilsíodh i gcéad eagrán Déirdre i samhradh, 1954 ina codarsnacht shuntasach le ghrianghraf an bhanaisteora Éireannaigh Siobhán Nic Chionnaith agus í ina cailín clúdaigh ar an eagrán céanna, mar shampla. Dealraítear anseo an chodarsnacht idir léargas reiligiúnach agus íomhá cheannródaíoch na mban. Tá sé tábhachtach freisin go raibh an t-alt a foilsíodh in éineacht le híomhá Mhuire na nGael scríofa sa seanchló Gaeilge, arís ag leagan béim ar íomhá stairiúil, thraidisiúnta na mná agus an ceangal dá réir le tuiscintí seanbhunaithe an chreidimh Chaitlicigh in Éirinn agus an tsaoil Ghaelaigh ag an am.
Móitíf chomónta sna meáin chlóite Ghaeilge ag an fin-de-siecle agus i luathbhlianta an chéid ab ea íomhá na mná. Tagraítear go sonrach d’íomhá chorraitheach na mná ar chlúdach réamhtheachtaí Déirdre, an iris Bhéarla mhíosúil Bean na hÉireann a foilsíodh idir 1908–1911 a léirigh bean óg, agus í ina seasamh os comhair éirí na gréine ag iompar comhartha agus ag fógairt ré nua do bhantracht na hÉireann (Ó Conchubhair, 2009: 33). Cé gurbh é an Béarla teanga thromlach ábhar Bean na hÉireann, foilsíodh filíocht Ghaeilge, léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge agus corr-alt Gaeilge ann freisin. (Tá tábhacht faoi leith i gcomhthéacs an taighde seo ag baint le halt Chaitlín Nic Gabhann ‘Dúiseacht na mBan’ i eagrán Eanáir, 1909 de Bean na hÉireann.) Is luachmhaire focal amháin i nGaeilge ná 1000 focal molta don Ghaeilge i mBéarla, ach is éifeachtaí fós an íomhá, go háirithe íomhá a tharraingíonn ar sheantraidisiún Gaelach na tíre.
Go stairiúil bhíodh an íomhá seo, a chonacthas ar chlúdach na hirise athbheochana Bean na hÉireann, ina comhartha don léitheoir agus don phobal liteartha i gcoitinne go dtiocfadh claochlú ar an tír agus go mbeadh Éire mar a bheadh bean óg álainn sa todhchaí. An dá léiriú ba choitianta a tugadh d’Éirinn sna meáin chlóite ag casadh an chéid ná íomhá na mná óige a raibh dóchas agus misneach ag baint léi ag breacadh an lae nua i stair na hÉireann. Ar an láimh eile an tseanbhean bhocht, a bhí tréigthe ag a mic agus ag a fear céile d’fhórsaí Gallda. Ba é an dara léiriú ar an mbean a foilsíodh in iris mhíosúil faoi theideal Shan Van Vocht idir 1896–1899. Arís, bhí an Béarla mar theanga chumarsáide na hirise, ach foilsíodh ailt Ghaeilge agus léiríodh tacaíocht rialta do chúis na Gaeilge ann. Trí ráitheachán lán-Ghaeilge a fhoilsiú a raibh íomhá dhearfach, Ghaelach, mhealltach na mná óige ar chlúdach na hirise, a fheictear i gcás Déirdre, bhíothas ag cur le fógairt na ré nua don bhean Éireannach sa tréimhse iar- athbheochana. Ré a mbeadh luach ard ar pheirspictíocht na mná arís inti agus stádas ard aici sa réimse poiblí, mar a bhíodh in aimsir an fhigiúir mhiotaseolaíoch, Deirdre.
Saothair ó phinn na mbaniriseoirí
Mar a luadh cheana bhí saothair iriseoireachta éagsúla ar fáil ar leathanaigh Déirdre agus cé gurbh iomaí scríbhneoir fireann a scríobh don iris, is é an léargas a tugadh ar ghnéithe áirithe de shaol na mban san aimsir seo i stair na hÉireann an ghné is tábhachtaí i gcomhthéacs an ailt seo. I gcéad eagrán na hirise, samhradh, 1954, scríobh an t-aisteoir aitheanta, agus pearsa clúdaigh an eagráin, Siobhán Nic Chionnaith, alt dar teideal ‘Ban-Aisteoirí na hÉireann’ ar thug sí léargas ar shaol an aisteora bhaininn in Éirinn ann. Léirigh Nic Chionnaith tuairimí láidre ina cuid scríbhneoireachta faoin aisteoireacht agus chuir sí aisteoireacht na hÉireann i gcomparáid leis an gceird ealaíne ar bhonn idirnáisiúnta, a rá gur mhaith léi dá dtabharfaí róil ní ba cheannródaíche do bhanaisteoirí an oileáin le dul san iomaíocht le ban-aisteoirí na mór-roinne ionas go bhféadfaí cur leis an ‘cháil atá orthu-san a mhair ins na blianta atá caithte’ (Samhradh, 1954: 11). D’impigh sí ar dhrámadóirí agus ar scríbhneoirí na Gaeilge domhan na drámaíochta a leathnú do bhanaisteoirí agus fáilte a chur rompu mar aisteoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí. Rinne sí iarracht suíomh na mná sa tsochaí a mhúnlú agus ról ní b’fheiceálaí a thabhairt dóibh ar ardán an tsaoil, sa tslí go bhfágfadh ‘drámadóirí an lae inniu slán go fóill ag an gcistin agus ag an nádúrthacht agus páirteanna níos idir-náisiúnta a chumadh do bhan-aisteoirí na h-Éireann’ (Samhradh, 1954: 11). Bhí beart de réir a briathair á dhéanamh ag Nic Chionnaith lena haghaidh ar chlúdach chéad eagrán na hirise, agus í ag feidhmiú freisin mar urlabhraí na mban i réimse na n-ealaíon don léitheoir agus don scríbhneoir, idir fhireann agus bhaineann. Le heiseamláir Déirdre agus baniriseoirí an fhoilseacháin, cruthaíodh go raibh sé de chumas ag mná ábhar iriseoireachta a scríobh, agus mar bharr air sin go raibh fonn orthu é a dhéanamh. Is fíor go raibh íomhá na mná á cur chun cinn ag Déirdre ach ar bhealach úrnua, nár chuir mná faoi shrian mar ábhar scríbhneoireachta amháin.
Bhí sraith colún cócaireachta ag Síle Ní hAoileáin i gcuid mhór d’eagráin Déirdre, go háirithe ag aimsir na Nollag. Trí mheán an cholúin sin, thapaigh Ní hAoileáin an deis ról na mban sa réimse poiblí a chur chun cinn mar aon le tábhacht na mban i suíomh an bhaile a chur chun cinn. Tháinig an tuairim seo leis an meon a cuireadh chun cinn in eagarfhocal eagrán an earraigh, 1985, nuair a maíodh gurbh é an baile suíomh ceart na mban: ‘Caithfidh mná na hÉireann bheith ana-aireach anois agus gan príomhchuspóir na mban a fuaireadar ó Dhia a leigint i ndearmadh.’ (Earrach, 1985: 5)
I gcomhthéacs anailís a dhéanamh ar ghuth na mban san iriseoireacht, is foinse thábhachtach é alt Ní hAoileáin ó eagrán an gheimhridh, 1956, nuair a labhair sí ar thraidisiún Nollaig na mBan. Dhírigh an t-alt ar an ngá a bhí ann faoiseamh a thabhairt do bhean an tí tar éis di tréimhse na Nollag a chaitheamh i mbun oibre agus ullmhúcháin sa teach, agus an t-am saor a thabhairt di le ham a chaitheamh i dteannta mná eile. Leis seo a bhaint amach, thug an t-iriseoir oidis shimplí do na léitheoirí a mbeadh fir nó gasúir an tí in ann a réiteach. Is iad na hoidis a moladh ná ‘toradh finneamhna úr, muiceoil fhuar, follacht soilire is préataí agus gleothán tortha’ (Geimhreadh, 1956: 20). Faoi oideas an ‘toradh fineamhna’ luadh go sonrach ‘ní gá cócaireacht’, ar mhaithe le freastal ar na léitheoirí nach raibh mórán taithí nó cumas cócaireachta acu (Geimhreadh, 1956: 20).
Scríobhadh an talt seo i gcóir an ama saoir a bhéas agaibh i ndiaidh na Nollag, an uair amháin sa bhliain a dtig le bean-a-‘tí a scríste a ligean sa bhaile agus iarraidh a thabhairt léightheoireacht is araoile a dhéanamh mar theastaigh uaithe le fada an lá mar sin… bhal tá na molta seo a leanas ann le cinntiú go mbeidh am saor i mbliana aice.
Bhí an colún áirithe sin ina eiseamláir den chodarsnacht sin idir íomhá thraidisiúnta na mban lena ról sriantach sa bhaile, agus tonn an fheimineachais ag teacht chun cinn. Arís, cé go raibh ról seanaimseartha na mná Éireannaí mar chaomhnóir an tí mar ábhar an ailt, tá léamh nua tugtha ann freisin a chuireann an bhean go lár stáitse agus a thugann luach úrnua dá hionchur sa saol taobh istigh de thairseach an tí agus suíomh na cistine go háirithe.
Bhíodh léirmheasanna leabhair, ar shaothar Gaeilge agus Béarla, mar ghné rialta de Déirdre freisin agus ba mhinic a scríobh Cáit Ní Mhathúna iad idir 1953 agus 1960. I gcás alt dá cuid ‘Fíorfhile eile’ ó eagrán an earraigh, 1957, thug sí léirmheas cuimsitheach ar Margadh na Saoire, bailiúchán filíochta fhathach na litríochta Gaeilge agus litríocht na mban, Máire Mhac an tSaoi. Cé go raibh an t-alt dírithe ar an saothar filíochta agus ar na teicnící filíochta a d’úsáid Mac an tSaoi sa chnuasach áirithe sin, bhí teachtaireacht níos leithne ag údar an ailt. Labhair an scríbhneoir ar léargas mhná na hÉireann i gcoitinne a rá go dtarraingeofaí ‘thuilleas cliú de bharraíocht do bhantracht na hÉireann’ (Earrach, 1957: 11) de dheasca fhoilsiú an leabhair agus scríbhneoireacht chruthaitheach Mhic an tSaoi. Léiriú is ea an léirmheas sin freisin ar thábhacht na litríochta Gaeilge sa tréimhse úd. In éineacht le hiriseoireacht na Gaeilge, bhí ról faoi leith ag litríocht na teanga sa ré iar-athbheochana maidir le normalú teanga agus scileanna cumarsáide agus machnaimh a fhorbairt i measc na nGael.
I bhfianaise na samplaí sin ó scríbhneoirí baineanna, is follas nuair a bhí píosaí scríbhneoireachta ó fhir san fhoilseachán, go raibh idé-eolaíocht láidir fheimineach fós le braistint iontu agus ba léir gur chloígh siad le meon agus le misean na hirise trí chéile. In alt dar teideal ‘Polaiteoirí Domhanda Sibh’ le Pádraig Ó Fiannusa in eagrán an tsamhraidh, 1958, mar shampla, d’impigh sé ar mhná óga na hÉireann a dtionchar ar an saol poiblí a thuiscint. Léiríonn meon forásach an ailt sin go raibh fir chomhaimseartha na linne eolach ar chumhacht agus ar thionchar na mban, agus go mbeadh córas polaitíochta na hÉireann níos fearr as le hionchar na mban ann: ‘An lámh a luascann an cliabhán a rialaíonn an domhan – adeir an seanrá sa mBéarla. Siad na mná a dhéanann leas nó aimhleas na bhfear a deir an seanrá sa Ghaeilge. Is trua ná tuigeann mná óga na hÉireann an neart atá acu ar na fir agus i bhfad níos mó ar a sliocht’. (Samhradh, 1958: 6).
Fógraí na hirise
Tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar fhógraí na hirise chun tuiscint ar leith a fháil ar mheon ginearálta na linne i dtreo na mná agus an chaoi ar éirigh leis na meáin chlóite tionchar a imirt ar léiriú na mban. D’fhreastail Déirdre go sainiúil ar an lucht léitheoireachta baineann, ag tagairt do díreach dóibh go minic, agus léirítear seo i bhfoclaíocht na bhfógraí.
Rinneadh an-chuid poiblíochta ar Ghael Linn ón tús san fhoilseacháin agus chonacthas i bhfógra na heagraíochta in eagrán shamhradh 1955 go raibh ‘dea-scéal dos na mná’ ann agus an deis acu a bheith ina mball de Ghael Linn (Samhradh, 1955: 3). Úsáideadh caint dhíreach san fhógra leis an léitheoir a mhealladh agus an eagraíocht ag maíomh go raibh ‘a fhios againn go bhfuil fonn ort cuidiú linn’. Tharraing an fógra ar chlaonadh na mná le cabhair a thabhairt agus le tacú le cúis na Gaeilge. Luadh san alt freisin go mbeadh an ‘scéim laghdú luacha’ ann ‘ar bhealach beag ag cuidiú leatsa’. Faoin scéim seo, bheadh na mná ag tabhairt maoiniú do Ghael Linn agus ag cur le seirbhísí na heagraíochta ó thaobh ranganna Gaeilge a sholáthar, ábhar Gaeilge a chruthú agus imeachtaí teanga a reáchtáil. Bhí tairbhe á baint ag Gael Linn as fóram poiblí na hirise chun caidreamh seasta a bhunú le mná na hÉireann agus iad a spreagadh le iad féin, agus a gcuid airgid ‘£300 sa tseachtain’ a thabhairt ar son na cúise. In éineacht le hachainí Ghael Linn ar mhná na hÉireann, foilsíodh grianghraf den cheoltóir cumasach Máire Ní Eaghra. Moladh Ní Eaghra as a cuid buanna ceoil agus an rath a bhí bainte amach aici ar chláir raidió éagsúla thall i Sasana. Is féidir a thuiscint ó úsáid an ghrianghraif úd go raibh sé d’aidhm ag muintir Ghael Linn eiseamláir de bhean Ghaelach a chur ar fáil dá léitheoirí, agus a thaispeáint dóibh cad is bean mhaith ann, a thacaíonn leis an teanga.
Luadh cláir raidió Gaeilge i bhfógraí eile freisin mar a fheicimid i gcás fhógra an chomhlachta, Bord Soláthair Leictreachais ó eagrán an gheimhridh, 1955. Bhí an fógra sin, agus dá bharr Déirdre mar fhoilseachán iomlán, ar thús cadhnaíochta ó thaobh na meán craolta de. Rinneadh an cinneadh ag cruinniú na Comh-Aireachta faoi stiúir an Taoisigh Seán Lemass in 1959, le seirbhís chraolacháin a bhunú. Tháinig an tAcht um Údarás Craolacháin 1960 mar thoradh ar an bplé sin (Morash, 2010: 170): ‘Establish and maintain a national television service and sound broadcasting service’. Le teacht i bhfeidhm an Achta sin, bheadh ardán nua poiblí ar fáil don bhean Éireannach agus tá sé suntasach go raibh an raidió luaite i bhfógraíocht Déirdre. Ó ba chéim chun tosaigh ab ea seirbhís náisiúnta craolacháin dá cuid féin a bhunú don tír, agus an deis féiniúlacht neamhspleách na hÉireann a fhorbairt, mar aon le staid na mban mar chuid den fhéiniúlacht sin. Is léir gur thacaigh Déirdre leis an bhforbairt teicneolaíochta seo, agus gur tuigeadh ról na meán craolta i ngluaiseacht na teanga.
Bhí sí mar aidhm ag an bhfógra BSL fearas cócaireachta a dhíol leis an léitheoir, agus feictear ó fhriotal an fhógra go raibh mná tí mar spriocghrúpa aige. Cáineadh an ‘obair mhaslach’ a bhíodh le déanamh ag bean an tí roimh an Nollaig agus maíodh má bhí ‘bruthaire leictreach aice agus suaiteoir leictreach sin deire le cuid mhór dá hábhar buartha’ (Geimhreadh, 1955: 2). Dar ndóigh, ba theicníc mhargaíochta a bhí ansin, ag iarraidh ionannas a dhéanamh leis an léitheoir agus mothúchán a mhúscailt iontu le go mbeadh an dóchúlacht níos láidre ann go gceannófaí an earra. Anuas ar bhean an tí a lua go sonrach san alt, ag barr an leathanaigh tá íomhá na mná le feiceáil agus ceist lárnach an ailt á cur, ‘An bhfuil tú ag smaoineamh anois ar chócaireacht na Nollag?’ (Samhradh, 1955: 2). Is léir gurbh í bean an tí cuspóir na ceiste, níor samhlaíodh go mbeadh fear freagrach as an ullmhúchán Nollag sa teach. Mar a luadh ní ba thúisce, is follasach beag is fiú a dhéanamh dá leithéid d’fhógra agus é dírithe ar na mná, ach is féidir a mhaíomh gur ‘feimineachas réalaíoch’ a bhí san fhógra seo. Bhí sé ceannródaíoch ag an am agus é á chur ar chumas na mban an obair a chur díobh níos éasca agus tabhairt faoi rudaí eile seachas a ndualgais bhaile.
Conclúid
Ba chasphointe cinniúnach i gcomhthéacs scéal na mban in iriseoireacht na Gaeilge í Déirdre. De réir an taighde is nua-aimseartha ar iriseoireacht Ghaeilge na tréimhse seo, 1952–1959, tá an chosúlacht air go bhfuil Déirdre ar na ráitheachán ba thúisce a dhírigh go hiomlán ar an scríbhneoir agus ar an léitheoir baineann trí mheán na Gaeilge amháin in Éirinn. Tháinig Déirdre sna sála ar fhoilseacháin iriseoireachta a raibh an bhean lonnaithe ina lár, na hirisí An Shan Van Vocht (1896–1899) agus Bean na hÉireann (1909–1911). Cé go raibh réamhtheachtaithe sin na hirise ní ba radacaí ná Déirdre ó thaobh íomhá phoiblí na mban de, bhí luach ag Déirdre fós in insint scéal na mban. Nuair a rinneadh anailís ar bhlianta luatha Déirdre amháin sa chás-staidéar seo, ba mhór an gaisce go raibh an iris i gcló ar bhonn rialta idir 1954 agus 1986 ar dhá chúis: go raibh sí dírithe ar thaithí na mná i saol comhaimseartha na hÉireann; agus go raibh sí i nGaeilge amháin. Bhí sé ar a gcumas ag scríbhneoirí gach ní faoin spéir a phlé as Gaeilge ar leathanaigh Déirdre gan tiontú ar an mBéarla lena dtuairimí a chur in iúl. Tagann an cleachtas seo le ráiteas Regina Uí Chollatáin gur chóir go mbeadh iriseoireacht teanga in ann feidhmiú go hiomlán trí mheán na sprioctheanga gan gá a bheith ann filleadh ar theanga iasachta: ‘Speakers of the language if they so choose, can live their life in and through the language without having to resort to other languages, at least within the confines of everyday matters in their community’. (Uí Chollatáin, 2010: 53)
Anuas ar chúis na mban, i gcás ghluaiseacht na Gaeilge, tá ról faoi leith ag an iriseoireacht i bhfás agus i bhforbairt na teanga. Ní tríd an gcóras oideachais ná tríd an reachtaíocht amháin a bhaintear amach seachadadh teanga ó ghlúin go glúin, ach trí theanga a fhorbairt mar ghléas cumarsáide beo, sóisialta agus ba í seo an scéal le Déirdre. Rinneadh scéal an mhionlaigh (na mná) a insint i dteanga mhionlaigh (an Ghaeilge) ar bhealach cumasach, cuimsitheach agus spreagúil. Tugadh an stór focal do léitheoirí, na mná go háirithe le feidhmiú trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla a bhain lena saol laethúil. Is léir nach féidir scéal na mban i meáin chlóite Ghaeilge an 20ú haois a insint gan lorg Déirdre ar bhantracht na hÉireann agus ar ghluaiseacht na teanga a mheas. Sholáthraigh leathanaigh na hirise an tsaoirse do bhaniriseoirí cur agus cúiteamh a dhéanamh, agus páirt a ghlacadh sa dioscúrsa poiblí. Is léir freisin, gur thuig eagarthóir na hirise tionchar a foilsithe fiú le linn shaolré Déirdre. In eagrán an tsamhraidh, 1958, mhaígh eagarthóir na hirise go raibh tírdhreach na hiriseoireachta Gaeilge múnlaithe go hiomlán ag an iris agus go raibh sí ar thús cadhnaíochta:
Tá DEIRDRE i bhfíorthoiseach na nirisí Gaeilge uilig… Tá sí scoite amach ón scaifte go follasach. Mar sin féin chan rud ar bith dá dtáinig i gcoimhmheas lena dtiocfaidh! Moltar do scríobhnóirí a saothar a chur isteach go breá luath (Samhradh, 1958: 15).
Thar aon rud eile is é seo an bua a bhí ag Déirdre agus an bua do mhná na Gaeilge, rud a d’aithin na mná seo go láidir sa ráiteas neamhbhalbh sin faoi thionchar ceannródaíoch iris na mban. D’aithin Máirín Nic Eoin (1992) ‘what is emerging is less a distinctive “woman’s voice” and more a whole chorus of voices, each distinctive, individual and recognisable’. Bhí de ghuthanna agus de scríbhneoireacht na mban ag teacht in inmhe agus chruthaigh Déirdre ardán cuí dó seo.
In ainneoin fhlúirse na bhfóram éagsúil iriseoireachta ag an am, léiríonn an iris seo gur lean traidisiún lárnach na dtréimhseachán Gaeilge ar aghaidh agus gur ghné thábhachtach d’fhorás agus de chleachtaí pinn na Gaeilge i gcónaí í. Chloígh na tréimhseacháin agus na hirisí le coincheap ar leith a phoibliú agus ba iad mná na hÉireann a bhain an tairbhe ba mhó as an gclaonadh agus as an traidisiún fada seo in iriseoireacht na Gaeilge trí fhoilsiú Déirdre i rith na tréimhse 1954–1959. Bhí tábhacht nach beag leis an iris agus leis an ardán sin do mhná na hÉireann agus do mhná na Gaeilge go háirithe, i rith na tréimhse sin a raibh suaitheantas an choimeádachais go smior ar shaol na mná Éireannaí agus í faoi bhannaí chóras polaitíochta agus creidimh a raibh ionadaíocht na mban tearc ann. Cuireadh an cheist níos túisce an ndearna Déirdre scáthánú ar thuairimí agus réamhchlaontaí an phobail i dtaca le ról na mban, nó an raibh an iris freagrach as teacht chun cinn dearfach na mban i sochaí Éire na hiar-athbheochana? Is dócha go bhfuil an dá rud i gceist anseo, is cinnte go raibh an iris ardaidhmeannach agus íomhá agus meafar láidir roghnaithe mar aghaidh na hirise, ach ag an am céanna ba mhinic a bhí tionchar coimeádach an eagarthóra, agus na sochaí i gcoitinne, le brath ar ábhar na leathanach. In ainneoin na n-alt spreagúil, ceannródaíoch, cosúil leis na hailt taistil agus na píosaí ar mhná eiseamláireacha thar lear, ar an iomlán, ní dhearna Déirdre ach macalla a dhéanamh ar ghuth srianta na mban – cé gur féidir a aithint go raibh bua áirithe ann le bean mar íomhá na hirise, agus ardán curtha ar fáil do bhaniriseoirí lena bunú.
[1] Gabhaim buíochas ó chroí leis an Dr Aoife Whelan, leis an Ollamh Regina Uí Chollatáin agus leis an Ollamh Margaret Kelleher as a dtacaíocht leanúnach agus an taighde dochtúireachta seo ar bun agam. Gabhaim buíochas freisin leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn a thug maoiniú don togra seo faoi Scoláireacht Iarchéime Rialtas na hÉireann.