One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022

(John Walsh, 2022)

 

Léirmheas le Alexandra Philbin

Tugann John Walsh faoi anailís ar pholasaí rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge ó bunaíodh an Stát in 1922 sa leabhar seo. Ón tús, léirítear gur ábhar casta é seo toisc go bhfuil polasaí teanga in Éirinn lán de ghnéithe a thagann salach ar a chéile le céad bliain anuas.  In ainneoin na castachta seo, éiríonn le Walsh anailís shoiléir agus áititheach a chur os comhair an léitheora.  Bhain sé leas as cáipéisí staire ó chartlanna éagsúla, agus chuir agallaimh, fócas-ghrúpaí agus breathnóireacht rannpháirteach a rinne Walsh leis an anailís chomh maith. In ionad díriú ar gach gné den scéal le céad bliain, roghnaíonn Walsh cúig théama faoi leith: cainteoirí na Gaeilge, an Ghaeltacht, an córas oideachais, reachtaíocht agus an chraoltóireacht agus tá caibidil amháin sa leabhar ar gach ceann acu. Le críoch a chur leis an leabhar, déanann Walsh achoimre ar an anailís atá déanta aige sa chaibidil dheireanach agus tugann sé roinnt moltaí don todhchaí.  Tá leagan amach an leabhair agus roghnú na n-ábhar, atá thar a bheith fairsing, le moladh.  Ligeann cás-staidéar spéisiúil i ngach caibidil don údar anailís níos doimhne a dhéanamh ar chásanna agus ar thréimhsí faoi leith agus ligeann sé don léitheoir dul ar turas trí chéad bliain ar iomaí cor agus casadh atá iontu.

Sa chéad chaibidil, ar chainteoirí na Gaeilge, pléann Walsh ceisteanna déimeagrafaice ar dtús: cé mhéad cainteoirí Gaeilge atá ann agus cá bhfuil siad?  Déanann sé próifíliú ar na cainteoirí seo agus na pobail ina maireann siad, idir phobail na Gaeltachta agus líonraí Gaeilge.  Tá castacht lárnach sna próifílí seo agus ceistíonn Walsh an deighilt dhaingean a chruthaítear idir grúpaí cainteoirí.  Leagtar béim air sin sa phlé i gcás-staidéar na caibidle a dhíríonn ar an éagsúlacht a bhí le fáil ó thaobh na Gaeilge de sna ceantair Bhreac-Ghaeltachta i nGaeltacht na nDéise sna tríochaidí.  Tar éis roinnt dúshlán atá roimh phobal Ghaeltacht na nDéise anois a leagan amach ag deireadh na caibidle seo, téitear ar aghaidh chuig stair na Gaeltachta mar choincheap i bpolasaí teanga an Stáit sa dara caibidil, go háirithe Coimisiún na Gaeltachta 1925–1926 agus an neamhaird a thug an rialtas in 1927 ar mholtaí an Choimisiúin den chuid is mó.  Aithníonn Walsh gur cailleadh an deis córas rialachais láidir a fhorbairt sa Ghaeltacht ón tús dá dheasca sin.

Míníonn Walsh sa tríú caibidil, ina bpléitear an t-oideachas, gur bunchloch pholasaí teanga an Stáit é an t-oideachas toisc gur áit í an scoil ina bhfaigheann gach páiste i bPoblacht na hÉireann blaiseadh den Ghaeilge ar a laghad.  Ba bhunchloch é ón tús ach is léir go bhfuil thuas seal agus thíos seal ag baint le stair an pholasaí teanga i leith an oideachais le céad bliain anuas.  D’fhás an t-oideachas lán-Ghaeilge idir 1928 agus 1938 ach thug athruithe polaitíochta dúshláin leo.  I gcás-staidéar na caibidle seo, dírítear ar an bpolasaí teanga a bhain leis an oideachas sa tréimhse 1965–1975 agus ar Chomhairle na Gaeilge. Bhain Comhairle na Gaeilge (1969–1974) leas as an tsochtheangeolaíocht agus as an bpolasaí teanga mar ábhair acadúla chun moltaí a fhorbairt leis an oideachas Gaeilge a fheabhsú, bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta agus náisiúnta.  Is le linn na tréimhse seo a tháinig polasaí an rialtais agus taighde sochtheangeolaíochta i dteagmháil le chéile agus taispeántar sa chaibidil seo go n-eascraíonn teannas as an teagmháil seo. 

Mar a dhéanann sé sa tríú caibidil, léiríonn Walsh nach mbaineann polasaí teanga Gaeilge leis an rialtas amháin.  Mar aon leis an obair acadúil a chuir straitéisí éagsúla chun cinn, tá stocaireacht á déanamh ag eagraíochtaí agus cainteoirí ar pholaiteoirí le blianta anuas le tacaíocht a fháil don teanga.  Dírítear sa cheathrú caibidil ar an reachtaíocht agus sa chuigiú caibidil ar an gcraoltóireacht, agus an téama a cheanglaíonn na caibidlí seo le chéile ná iarrachtaí na ngníomhaithe agus na gcainteoirí teanga cúram a ghlacadh ar chur chun cinn na teanga nuair nach raibh réiteach le fáil ó roinnt polaiteoirí sa rialtas.  Is údar misnigh é an plé ar an bhfeachtas le hAcht Gaeilge a fháil idir na seachtóidí agus na nóchaidí i bPoblacht na hÉireann agus tá sé an-ábhartha freisin go raibh feachtas mór ar siúl le blianta le hAcht Gaeilge a fháil sa Tuaisceart.  Tugann an cás-staidéar deireanach ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste léargas ar ghluaiseachtaí na bpobal uirbeach chomh maith. 

Le hachoimre a thabhairt ar an anailís a rinne sé sa leabhar, cuireann Walsh in iúl sa chonclúid nach bhfuil ag éirí go seoigh leis an bpolasaí teanga sa Stát le céad bliain anuas ach nár theip go hiomlán air ach an oiread.  Tá Walsh ionraic sa leabhar seo agus tugann a leabhar deis na laigí stairiúla a rinne dochar do chur chun cinn na teanga a thuiscint níos fearr.  Mar sin féin, tá dóchas sa leabhar nach bhfuil an cath caillte fós agus cuireann an t-údar féin roinnt moltaí ar fáil a thugann comhairle a leasa dóibh siúd a phléann leis an bpolasaí teanga sa chaibidil dheireanach.  Leagtar béim ar infheistíocht airgid agus ama sa phróiseas pleanála teanga nua, cabhair do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge, deiseanna eacnamaíochta do chainteoirí Gaeilge agus ar thábhacht na Gaeilge sa pholasaí i gcoitinne, ní hamháin an polasaí teanga. 

Cuirtear tús leis an leabhar agus léargas á thabhairt don léitheoir ar an gcastacht a bhaineann leis an bpolasaí teanga Gaeilge in Éirinn agus feictear sin ó thús go deireadh.  Cé go bhfuil castacht ag baint le gach cuid den leabhar, idir an méid eachtraí agus athruithe a thit amach agus na gníomhaithe éagsúla a ghlac páirt iontu, déanann Walsh cur síos ar gach téama agus cás go soiléir.  Cuireann leagan amach an leabhair agus an bhéim ar chás-staidéir faoi leith go mór leis sin.  Tugadh cothrom na Féinne do thréimhsí, chainteoirí agus d’áiteanna éagsúla agus tá meascán deas ann. Tá an leabhar an-oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh léargas ginearálta a fháil ar an bpolasaí teanga Gaeilge in Éirinn mar sin, ach tá taisce le haimsiú ag daoine a bhfuil spéis faoi leith acu i dtéama nó i gcás-staidéar chomh maith. Is é an rud is suntasaí sa leabhar, áfach, ná go dtugann sé deis tuiscint níos fearr a fháil ar na heagraíochtaí agus ar na daoine, idir ghníomhaithe teanga, dhaoine anaithnide agus pholaiteoirí ní ba bháúla don teanga, a tháinig romhainn agus a throid ar son na teanga.  Is a bhuí leo atá tionscnaimh i bhfeidhm fós a mbainimid taitneamh agus tairbhe astu mar chainteoirí Gaeilge sa lá atá inniu ann, idir stáisiúin raidió agus teilifíse agus athruithe reachtaíochta.  Tugann Walsh aird ar na daoine seo, aird atá tuillte go maith acu.