‘Ag tógáil don todhchaí’ is teideal d’aiste san eagrán seo de Léann Teanga: An Reiviú, ach braithim gur achoimre thar a bheith oiriúnach é ar an obair iontach atá ar siúl ag foireann na hirise seo, mic léinn MA atá ag tús a gconaire scolártha, faoi stiúir fhoireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá saothar ardchaighdeáin curtha ar fáil arís eile i mbliana, ina bhfuil meascán iontach de théamaí agus d’ábhair ag meascán iontach scríbhneoirí, idir óg agus eile.
Aon mhír déag atá sa cheathrú heagrán déag seo, cuid acu ag plé le cúrsaí sochtheangeolaíochta, cuid eile le téama an dúchais, tuilleadh arís ag plé le teagasc teangacha, mar aon le trí cinn de léirmheasanna. Is iad Turas na Bliana: Sleachta Machnaimh le Ciarán Mac Murchaidh (2025), Éigse na Bruiséile in eager ag Aogán Ó hIarlaithe (2025), agus Ceallach: Cín Lae Fíréin AD 590–620 le Diarmuid Johnson (2023) na téacsanna a ndéantar iad a mheas. Faoi mar a deir Dónall Ó Braonáin linn agus é ag scríobh faoi leabhar Mhic Mhurchaidh, ‘is léasacha machnaimh iad’ míreanna an tsaothair seo ‘ar an duine agus ar an daonnacht’ agus is saothar thar a bheith tráthúil é agus an domhan ina mairimid ag dul in aduaine in aghaidh an lae. Imeachtaí Éigse na Bruiséile atá i saothar Aogáin Uí Iarlaithe, aiste an duine ag Mícheál Mac Craith, Liam Mac Cóil, Rua Breathnach, Seán Ó Riain, Pádraig Ó Laighin agus Ó hIarlaithe féin. An Ghaeilge ar Mhór-Roinn na hEorpa is ea príomhthéama an leabhair seo, agus maíonn Lorna Johnson gurb í an deoraíocht a fhíonn na haistí éagsúla le chéile. Ceiliúradh is ea an saothar seo ar stair choiteann, ar chaidreamh doimhin idir tír bheag seo na hÉireann agus tíortha na Mór-Roinne, saothar ar arm é i gcoinne mheon cúng deighilteach contúirteach na ndaoine sin a áitíonn nach ann don chomhphobal daonna. Díríonn Marie Whelton, ina léirmheas siúd ar Ceallach, ar an nguth atá á thabhairt ag Diarmuid Johnson do ‘Luath-Naomh suntasach’, Naomh Gallus. ’Séard a fhaighimid sa saothar seo, a deir sí, ‘léiriú suaithineach ar an turas fisiceach agus ar an turas spioradálta a rinne na manaigh’ agus breathnaíonn sí ar úsáid na dialainne ficsin chuige sin.
Tá níos mó spéise ná riamh ag scoláirí i ngort na sochtheangeolaíochta, agus tá sin le haithint ar líon na n-aistí sa bhailiúchán seo atá ag plé leis. Tá trasnaíl iontach deas idir péire acu – ceann acu ag díriú ar dhaoine óga, iad ag breathnú rompu sa saol (‘Saol trí Ghaeilge?: Meon Gaeilgeoirí óga i nGaeltacht Bhéal Feirste i leith forbairt inniúlachta agus gairme’), an ceann eile ag díriú ar dhaoine agus iad ag druidim le deireadh a saoil (‘An Ghaeilge agus an sainchúram maolaitheach’). Is spéisiúil an ní é gur aithníodh na bearnaí céanna sa dá staidéar – easpa cumais teanga i dtaca le cúrsaí oibre. Faightear léargas thar a bheith spéisiúil, leis, in aiste Ní Uigín et al. ar mheon na n-othar féin, agus ar an méadú a thagann ar an mórtas cine agus duine ag druidim le deireadh a shaoil.
Ag plé le staid agus stair na Gaeilge in Uíbh Fhailí agus i dTír Eoghain araon atá an dá aiste sochtheangeolaíochta eile, ‘An chanúint Ghaeilge a chleachtaí i gContae Uíbh Fhailí le fianaise ón Lucerna Fidelium’, le Margarita Neothallaigh, agus ‘Ar thóir Ghobán Chill Scíre: reabhlóid agus frithréabhlóid i dTír Eoghain, 1914–24’ le Fergal Mac Bhloscaidh. Cuireann Neothallaigh i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhain le leithéidí chlóphreas Lováin agus an Sacra Congregatio de Propaganda Fide sa 17ú haois agus glór á thabhairt acu don Ghaeilge, agus do shaothair chrábhaidh go háirithe. Nuair a scríobhadh na saothair seo ar fad is dócha nár shamhlaigh éinne an luach a bhainfeadh leo dúinne ó thaobh na teanga de, iad anois ina dtoibreacha saibhre canúineolaíochta agus teangeolaíochta. Duine, seachas téacs, a spreag Mac Bhloscaidh, é ag díriú ar thionchar an Athar Maitiú Mag Uidhir ar an réabhlóid teanga i gCill Scíre. Faoi mar a deir sé linn ag tús na haiste, iniúchadh atá inti ar ‘an claochlú polaitiúil, sóisialta, teangeolaíoch a tháinig ar Chill Scíre agus Mag Uidhir ar thús cadhnaíochta le linn Athbheochan na Gaeilge agus réabhlóid na hÉireann’. Dóchas a chloistear ag tús na haiste, ach is ar nóta dólásach a chríochnaíonn sí, deireadh tagtha le ré órga Chonradh Chill Scíre, an Ghaeilge díbeartha as Tír Eoghain.
Le sliocht as Saoghal Corrach le Máire a thosaíonn aiste Mhic Bhloscaidh, agus tá an saothar céanna ina fhoinse luachmhar ag Seán Mac Corraidh, é ag breathnú ina aiste siúd ar ‘Amhráin na ndaoine agus amhráin a chum Máire a ndéantar tagairt dóibh ina shaothar’. Toradh tionscadail taighde atá anseo, tionscadal a rinneadh ar ‘stíl dhíreach, éasca, bheoga agus ar theanga fhiliúnta, dhúchasach, úrshnoite Shéamuis Uí Ghrianna’. Tá obair mhór déanta ag Mac Corraidh thar na blianta ar shaothair Mháire, solas á chaitheamh as an nua aige ar a chuid scríbhneoireachta, agus is ar ghné na hamhránaíochta a dhíríonn sé an uair seo. Cuireann sé i láthair an léitheora an tionchar a bhí ag na hamhráin ar tógadh Máire leo air, mar aon leis na hamhráin a chum sé féin. Tá luach ar leith, creidim, ag baint leis na haguisíní ag deireadh na haiste, agus liosta curtha le chéile aige de na hamhráin éagsúla a luaitear sna leabhair, mar aon le liricí na n-amhrán a chum sé.
Cúrsaí ceoil agus amhránaíochta is ábhar d’aiste Aoidh Uí Choileáin, leis, agus léargas á thabhairt aige ar ionad Johnny Chóil Mhaidhc i dtraidisiún cumadóireachta na Gaeilge. Cuireann sé inár láthair léirmheastóireacht atá déanta ar a shaothar, ach, níos luachmhaire fós, roinneann an t-údar ábhar neamhfhoilsithe linn ó agallaimh a thaifead sé le cairde Sheáin Uí Choisdealbha.
An bhean sí agus an leasmháthair is ábhar d’aiste Eva Ní Mhealláin, í ag breathnú ar an léiriú a dhéantar ar na mná i scéalta béaloidis Ghaobh Dobhair, Bailiúchán na Scol ina phríomhfhoinse aici. Is iontach an obair atá ar siúl na laethanta seo ar na seanscéalta agus athléamh iomlán á dhéanamh orthu trí lionsaí nua-aimseartha, lionsaí na hinscne, an fheimineachais agus na haiteachta ina measc.
I dtaca le teagasc teangacha, cuirtear taighde tráthúil inár láthair a dhíríonn ar mhúineadh na Nua-Theangacha Iasachta i mbunscoileanna lán-Ghaeilge (Julia Collins agus T.J. Ó Ceallaigh). Ar aon dul le taighde ar áit na Gaeilge i measc an phobail trí chéile, tá borradh, le tamall anuas, faoin taighde a dhéantar ar an scolaíocht, agus ar an ngaelscolaíocht go háirithe. Tugtar léiriú spéisiúil dúinn, in aiste seo Collins agus Uí Cheallaigh, ar mheon na múinteoirí i leith theagasc na nuatheangacha iasachta, ar na himpleachtaí don ualach oibre agus don bhrú a chuirfear ar pháistí, páistí ó thíortha eile go háirithe, a mbeidh trí theanga le foghlaim ar an mbunscoil acu.
Léiriú is ea an t-eagrán seo den Reiviú ar bhisiúlacht agus ar chrógacht léann na Gaeilge. Sa bhliain 1949, é ocht mbliana déag d’aois, scríobh Breandán Ó Doibhlin an iontráil dialainne seo a leanas:
Beirfidh mé iarraidh ar Ghaeilge a chur ar chuid de; má éireoidh liom go measartha maith, b’fhéidir go mbeinn deimhneach i m’aigne gur teanga í mar Ghaeilge a dtig léi coinneáil céim ar chéim le teangacha móra an domhain.
Ag labhairt faoi chuid de scríbhneoireacht Bossuet na Fraince a aistriú go Gaeilge a bhí sé, ach creidim go mbaineann an teachtaireacht bhunaidh aige go dlúth le hábhar an tsaothair seo – go léirítear ann gur teanga í an Ghaeilge atá gach pioc chomh maith le teangacha móra an domhain, gur teanga nua-aimseartha í, a bhfuil fréamhacha ársa doimhne aici, gur teanga chróga í atá go maith in ann na ceisteanna deacra a chur, agus gur teanga shaibhir í a gcaomhnaítear inti saíocht agus traidisiúin. Tá dualgas orainne, an ghlúin bheo, í a chaomhnú, í a chosaint, agus níos tábhachtaí fós, í a chothú sna glúinte scolártha atá ag teacht agus atá le teacht inár ndiaidh.