Staidéar Samplach ar Fheidhm an Logainm i Nualitríocht na Gaeilge

Cúlra stairiúil

Is sa Ghaeilge atá a bhfréamhacha agus a mbunús ag an chuid is mó de na hainmneacha atá againn sa tír seo ar áiteanna, ar lonnaíochtaí, ar áitribh chónaithe agus ar ghnéithe den tírdhreach agus den mhuirdhreach, ó thaobh na tíreolaíochta agus na seandálaíochta de. Ar na logainmneacha sin, áirítear, i measc mórán eile, cnoic, clocha agus carraigeacha, gleannta agus machairí, oileáin agus insí mara agus locha, tógálacha cosanta, lárionaid Phágántachta agus suíomhanna eaglasta Críostaí (Flanagan, 1975: 1–6; Hughes, 1991: 116–37). Ina n-ainneoin seo uile go léir: creachadóireacht, scrios agus trádáil na Lochlannach, ionradh agus concas na Normannach, concais na dTúdarach agus díshealbhú tailte fairsinge a bhí i seilbh Gael le linn plandálacha suntasacha a thionscain an rialtas sa 16ú céad agus sa 17ú céad (Ó Mainnín, 2017), maireann bunbhrí na n-eilimintí Gaeilge seo, chomh maith lena leaganacha Béarlaithe amhail sliabh mar atá san ainm Sliabh Mis (Slemish, Contae Aontroma); cnoc: Cnoc na gCoiníní (Knocknagoney, Contae an Dúin); gleann: Gleann an Iolair (Glenullen, Contae Dhoire); dún: Dún na nGall (Donegal, Contae Dhún na nGall); cill: An tSeanchill (Shankill, Contae Aontroma), etc.

Tá roinnt logainmneacha in Éirinn a bhfuil a bhfréamhacha sa Laidin, sa Lochlainnis, sa Fhraincis agus sa Bhéarla. Lena gcois sin, tá logainmneacha eile a dhíorthaigh ó theanga nó ó theangacha eile sa tréimhse roimh theacht na nGael a thug an Ghaeilge go hÉirinn dhá mhíle bliain ó shin, ar a laghad (Hughes, 1991: 132; Mallory, 2017: 258–61; Stitfer, 2020: 857–58). Tá ainmneacha sléibhte agus aibhneacha i measc na logainmneach is sine agus tá scoláirí ann a déarfadh gur dhíorthaigh roinnt acu ó theangacha eile seachas an Ghaeilge (Ó Murchadha & Murray, 2000: 146). Gach seans gurb amhlaidh fosta don logainm An Bhlarna (Contae Chorcaí). Ní hiontas ar bith é, mar gheall ar an ársacht a bhaineann leis, mar sin, go bhfuil áit lárnach ag seanchas na logainmníochta i bhforbairt litríocht na Gaeilge: ‘Dindshenchas’ (Stokes, 1892, 1893); Acallam na Senórach san Fhiannaíocht (Fitzpatrick, 2012) agus oiliúint na mBard idir 1200 AD agus 1650 AD (Ó Cuív, 1973).

Sa lá atá inniu ann, táthar ag leanúint den fhiosrú agus den taighde ar bhunús na logainmneacha ar oileán na hÉireann, sa dá dhlínse ar chaoi chomhthreomhar (Kane et al., 2022). Tá an obair seo ar siúl i bPoblacht na hÉireann ó na 1920í ar aghaidh, ag forbairt shaothar na scoláirí seo a leanas: John O’Donovan, William Reeves, Eugene O’Curry, Patrick Weston Joyce, M.A. O’Brien agus Edmund Hogan, a n-aithnítear a dtiomantas don obair seo agus a ‘valiant efforts’ go forleathan (Hughes, 1991: 146). Ón bhliain 1987 anall, tá scoláirí na logainmníochta i ndiaidh diantaighde a dhéanamh agus torthaí dá réir a fhoilsiú in imleabhair ardcháilíochta mar chuid den Northern Ireland Place-name Project. Tá pobail áitiúla an-tábhachtach san obair seo sa mhéid is go dtig leo cuidiú le fuaimniú na logainmneacha le ciall a bhaint astu chun an bhrí a dhearbhú. Is minic na pobail chéanna sásta a bheith páirteach san fhiosrú seo le go gcoinneofaí cuimhne ar na hainmneacha áite agus go ndaingneofaí a bhféiniúlacht chultúrtha (Flanagan, 1978). Tá an daingniú seo le sonrú go láidir ar an méid sin de litríocht na Nua-Ghaeilge a bhfuil a bunús sa Ghaeltacht, mar a léireofar san aiste seo.

Logainmneacha agus nualitríocht na Gaeilge

Is ar chúiseanna difriúla agus ar mhaithe le feidhmeanna éagsúla a bhain agus a bhaineann údair na Nua-Ghaeilge úsáid as logainmneacha ina saothar. Ciallaíonn na háitainmneacha seo cuid mhór, go háirithe do scríbhneoirí na Gaeltachta, agus dá bhféiniúlacht mar údair Ghaeilge. Cuireann na logainmneacha brí sna háiteanna agus sna bailte beaga a mbíonn siad ag cur síos orthu agus ina mbíonn eachtraí a saothair ag titim amach. Neartaíonn siad ceangal na n-údar leis an talamh agus lena dhreach, atá siúlta acu, atá oibrithe acu nó ar a laghad atá breathnaithe acu chuile lá dá saol. Ionaid iad a bhfuil gean acu orthu agus dáimh acu leo agus a luann siad a n-ainmneacha le bród, agus le mothú láidir croí. Is fiú ag an phointe seo, mar léiriú air sin, údar bisiúil amháin as Gaeltacht Thír Chonaill a lua agus sin é Séamus Ó Grianna nó ‘Máire’. Bhí sé thar a bheith dílis dá áit bhreithe, dá bhaile dúchais, Rann na Feirste, cé gur iomaí ainm a thug sé ar an áit ina shaothar, lena n-áirítear, mar shampla: Ceann Dubhrann (Ó Grianna, 1942b: 1) agus Rinn na bhFaoileann (Ó Grianna, 1959: 156–7). Chreid sé go gcaithfí ‘cliú an bhaile’ sin a chosaint i gcónaí ina chuid scríbhneoireachta (Ó Grianna, 1942a). Chum sé áitainmneacha as an úire ina scéalta ach cuid den am bunaithe ar fhíorainmneacha na n-áiteanna ach casadh beag sa scéal, mar shampla de sin féach an scéal ‘Bromach Inis Beannach’ sa chnuasach An Clár is An Fhoireann (Ó Grianna, 1955: 14–20). Bheadh a fhios ag léitheoir a mbeadh eolas aige/aici ar Thoraigh ón chur síos ar an áit sa scéal agus ar na bailte fearainn ar an chósta i gCloich Cheannfhaola gur sin atá i gceist leo seo: Inis Beannach (Toraigh), Machaire Lárach (Mín Lárach) agus Gort a’ tSeagail (Gort an Choirce). Ó thaobh na stíle liteartha ag Ó Grianna, tá feidhm ag baint le hainmneacha áiteanna leis na fuaimeanna agus claochluithe gramadaí iontu a aibhsiú i súile agus i gcluasa an léitheora m.sh.: Sruthán an Mhadaidh Uisce (Ó Grianna, 1956: 119) ina ndéantar /w/ den /m/ i dtús an fhocail agus /i:/ den /u:/ ina dheireadh, agus an focal ‘madadh’ /madu:/ á chur sa tuiseal ginideach ‘mhadaidh’ /wadi:/. Baineann ceist seo na logainmneacha le saothair litríochta na Nua-Ghaeilge, leis an Ghaeltacht ó thuaidh mar a chonaic muid, agus ó dheas mar a phléifear anois.

Údair na mBlascaodaí

Is leis na Blascaodaí, oileáin amach ó chósta iardheisceart Chiarraí, a bhaineann na húdair ghradamacha Ghaeilge Tomás Ó Criomhthain, Seán Ó Criomhthain, Micheál Ó Gaoithín, agus Muiris Ó Súilleabháin. Cé gur i mBaile an Bhiocáire, lámh le Dún Chaoin ar leithinis an Daingin, a rugadh Peig Sayers, a d’aithris Peig agus Machnamh Seanmhná, chaith sí bunús a saoil ar an Bhlascaod Mór.

Ba é Tomás Ó Criomhthain an duine b’iontaí de na scríbhneoirí seo de réir an léirmheasa scolártha agus na critice ar litríocht na mBlascaodaí (Ó hAnluain, 1973: 398). Scoláire Ceiltise, ar Shasanach é, Robin Flower, a chuaigh go dtí an Blascaod Mór ag foghlaim Gaeilge, a mhol do Thomás an chéad lá riamh scéal a bheatha, ar a tugadh An tOileánach (1929), a ríomh. Thiontaigh ‘Bláithín’, an t-ainm ceana a bhí ag mac Uí Chriomhthain ar Flower, an leabhar go Béarla agus foilsíodh sa bhliain 1937 é. Mhol Máire Cruise O’Brien (1977: 26) an ‘mhaith’ atá i gcuntas Uí Chriomhthain  á chur i gcomparáid  le harán úr nó le húll milis,  á rá go gcuirtear tírdhreach agus muirdhreach agus spéirdhreach chósta an Atlantaigh i láthair an léitheora agus iad ag síorathrú leo. Mhol sí go hard fosta cáilíocht agus áilleacht na Gaeilge a fabhraíodh as mórthraidisiún liteartha na Mumhan. Mhaígh sí gur don éisteoir oilte a chum Ó Criomhthain a scéal i nGaeilge shonda, shoiléir, shnasta gan a bheith foclach. Bhain sí feidhm as meafar an ghléis cheoil agus í den bharúil gur sheinn Ó Criomhthain é go máistriúil ina shaothar (Cruise O’Brien, 1977: 38). Ní bhíonn aon mhothú maoithneachais le haireachtáil ag an léitheoir agus áitainmneacha á lua. Níl sna háiteanna seo ar an oileán ach ionaid ina mbailíodh daoine le chéile, pointí amhairc, calaí cuain óna bhféadfaí naomhóg a chur chun farraige, nó áiteanna a raibh baol ag baint leo agus Ó Criomhthain i mbun a shaoil laethúil mar iascaire agus mar fheirmeoir beag ar an oileán. Ní chuirtear luach teangeolaíoch na n-áitainmneacha san áireamh, ní chuirtear síos go mion orthu agus ní mholtar iad.

Ar ndóigh, leanann Ó Criomhthain leis an mhodh neamhthuairisciúil seo maidir le háiteanna agus lena gcuid ainmneacha taobh amuigh den Bhlascaod Mhór. Níl sna hainmneacha ach lipéid, cheapfá, ar áiteanna ina ndéantar rudaí difriúla. Áiteanna amhail Daingean Uí Chúis ina bhfaigheadh na hoileánaigh bia agus salann riamh anall: ‘An uair a shroich an bád caladh an oileáin, lán de shalann agus de bhia ó Dhaingean Uí Chúise…’ (Ó Criomhthain, 1980: 52); Dún Chaoin ina lorgaítí céile saoil: ‘Phós mo dheartháir Paidí an bhliain i ndiaidh Cháit, cailín ó Dhún Chaoin, iníon fíodóra…’ (Ó Criomhthain, 1980: 72) agus Inis Mhic Fhaoláin, áit a raibh teaghlach aoire ádhúil agus rathúil ag iascaireacht gliomach: ‘Bhíodh aoire in Inis Mhic Fhaoláin an uair úd…ach tháinig an-ghlaoc ar an sórt éisc a dtugtar gliomaigh orthu: bhí glaoch mór ó Shasana an uair úd orthu, agus bhí clann an aoire suas lena linn agus bád acu féin’ (Ó Criomhthain, 1980: 108).

Is oiriúnach comhthéacs agus brí an tseanfhocail ‘Uireasa a mhéadaíonn cumha’, le ceann a chur ar phlé ar scríbhneoir eile de chuid an Bhlascaoid Mhóir, mar atá, Muiris Ó Súilleabháin agus ar a dhírbheathaisnéis Fiche Bliain ag Fás (1933). Is mór idir an chaoi atá le sonrú ina shaothar, ina láimhseálann seisean áit, ciall d’áit agus tírdhreach, i gcomórtas le cur chuige Thomáis Uí Chriomhthain mar a pléadh roimhe seo. I dtaca le mac Uí Chriomhthain, chloiseadh seisean ainmneacha na n-áiteanna seo gach uile lá dá shaol, ón lá a rugadh é go dtí uair a bháis. A mhalairt ar fad a bhí i gceist leis an tSúilleabhánach. Chuaigh seisean isteach chuig oileán an Bhlascaoid Mhóir ina pháiste agus d’fhág an áit ina fhear óg. Is léir don léitheoir an leannán a bhí air, go raibh dáimh aige le hionaid a luathóige agus is léir fosta nach ionann a ghaol maoithneach leis an oileán agus gaol Uí Chriomhthain le hionad a bhreithe agus leis an áit ar chaith sé a shaol. Is geall cur chuige Uí Shúilleabháin leis an spiorad atá le mothú sa dinnseanchas agus i mórchúrsa na hÉireann a rinne Caoilte, Oisín agus Pádraig de chuid na Fiannaíochta, Acallam na Senórach ina soláthraítear ainmneacha ar áiteanna tábhachtacha agus ina dtugtar cuntas ar a sanasaíocht agus a mbunús. Is minic athair agus athair mór Uí Shúilleabháin ag cur síos go mion ar áiteanna agus ag smaoineamh siar orthu. Bhrisfeadh cuntas Uí Shúilleabháin ar a imeacht ón Bhlascaoid Mhór croí duine a oiread is a bhainfeadh na línte seo a leanas ar a chéad amharc ar a oileán dúchais, a anáil de dhuine: ‘Anois a Mhuiris, arsa m’athair, féach t’áit dhúchais, ag síneadh a mhéire siar ó thuaidh i dtreo oileáinín beag a bhí scriosta amach ón míntír. Níor labhras, do tháinig cnap im scornaigh nuair a chonac an t-oileán.’ (Ó Súilleabháin, 2011 [1933]: 24).

Cathal Ó Searcaigh, file

Ní sa phróslitríocht amháin a áirítear an t-ómós d’áiteanna agus dá n-ainmneacha. Níl aon amhras ach gur file bisiúil de chuid an 20ú agus 21ú céad é Cathal Ó Searcaigh maidir le filíocht na Nua-Ghaeilge. Breathnaímis anois ar roinnt samplaí óna shaothar siúd ina dtagraíonn sé d’áitainmneacha.

Tá Cathal Ó Searcaigh ar dhuine de na filí is cumasaí sa Nua-Ghaeilge (Ó Dúill, 1993; Sewell, 1998). Rugadh agus tógadh i mbaile Gaeltachta Mhín an Leá é, ceantar sléibhtiúil taobh thuas de shráidbhaile Ghort an Choirce, i bparóiste Chloich Cheannfhaola, agus cnoc maorga na hEaragaile ar a chúl, Kilimanjaro Uí Shearcaigh. Amach ón chósta sin ar a suíonn Gort an Choirce, a luíonn Toraigh agus Inis Bó Finne.

Ceann de na téamaí ina luathshaothar, baineann sé le bheith ag pilleadh ar an bhaile. An Bealach ’na Bhaile (Ó Searcaigh, 1991) teideal cheann dá dhuanairí ina bhfuil dánta as na leabhair Súile Shuibhne (Ó Searcaigh, 1983), SS feasta, agus Suibhne (Ó Searcaigh, 1987), S feasta. Ocht ndán ar fad atá in SS agus luaitear logainmneacha áitiúla ina dteidil, m.sh. ‘Loch na mBreac Beadaí’, ‘If you’re going to San Falcarragh’ agus áiteanna a ndeachaigh sé iontu ag obair: ‘Londain’, ‘Gladstone Park’ agus ‘High Street Kensington, 6pm’. Dán grá atá in ‘Níl aon ní’ (SS: 16) as a sileann suaimhneas agus áilleacht logainmneacha a áite dúchais, ‘Níl aon ní, aon ní, a stór, / níos suaimhní ná clapsholas smólaigh / i gCaiseal na gCorr’. Is é atá againn anseo, ársacht an fhocail ‘caiseal’ – foirgneamh cloiche – agus an dúlra istigh ann i bhfoirm na gcorr. Déantar dhá thagairt do dhomhan an nádúir ag teacht go díreach roimh logainmneacha, i bhfoirmeacha na siolastraí agus na coille: ‘is dá dtiocfá liom, a ghrá, / bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha / mar shiolastrach Ghleann an Átha. / is chluinfeá geantraí sí / i gclingireacht na gcloigíní gorma i gcoillidh Fhána Bhuí…’ Mar a bheadh sé go hiomlán i gcomórtas leis an chumann tuaithe seo agus le háilleacht an nádúir, mar sin féin, léimid sa chúigiú véarsa, tagairt do Bhaile Átha Cliath mar ‘brúchtbhaile balscóideach’. Ní sondacha ach garbh atá na fuaimeanna sa dá fhocal sin. (Dála an scéil, bhain an sáraistritheoir Seosamh Mac Grianna (1933: 9) úsáid as an fhocal ‘balscóideach’ agus an chiall ‘tattooed’ leis.)

I ndán eile dá chuid, dar teideal ‘Scuaine’ (SS: 19), baineann ó Searcaigh úsáid as áitainmneacha an cheantair agus é ag cur in iúl go mbeidh ‘taiscéalaithe’ ag baint na háite amach agus iad ar lorg na háilleachta órbhuí agus an taitnimh ghréine: ‘…ó Mhín na Craoibhe go Gort an Choirce, / tá an gleann seo órnite tar éis maidin de sciúradh gréine. / Ar ball, le gach aon séideog chráite, beidh scuaine de thaiscéalaithe saoire chugainn ar lorg órghréine’. Is go glinn a léirítear téamaí seo thír fhiáin dhúchais a mhuintire agus í i gcomórtas leis na daoine cráite úd a chónaíonn sna cathracha agus sna bailte móra sna codanna éagsúla dá shaothar in Suibhne: Crá na Cathrach, Garbhchríocha mo Chineáil agus Bunadh na gCnoc.

Tá logainmneacha lárnach sna híomhánna filiúnta a chruthaíonn sé. Baineann sé úsáid go feidhmiúil as na heilimintí sna logainmneacha a dhíorthaigh ó ainmneacha na mball coirp, mar atá in ‘Cor Úr’ (S: 29–30) le ‘droim’, ‘uillinn’, ‘malaidh’, ‘ucht’, ‘…ionas go bhfeicim anois ina n-iomláine críocha ionúine do cholainne ó Log Dhroim na Gréine go hAlt na hUillinne, ón Mhalaidh Rua go Mín na hUchta…’

Le linn dúinn a bheith ag meas luathshaothar Uí Shearcaigh, is riachtanach an ní é tuiscint a fháil ar an úsáid chliste a bhain sé as áitainmneacha ina chuid filíochta chun smaointe faoin bhaile agus faoin chiall laistiar d’ainm na háite a chur i bhfriotal. Lena chois sin, leis an chrá, leis an díláithriú agus leis an uaigneas mar atá in ‘Londain’ (SS: 10) agus ‘An tAonarán’ (S: 21) a léiriú. Amuigh ag bun na spéire, naoi míle i bhfarraige ach taobh istigh de limistéar pharóiste dhúchais Chathail Uí Shearcaigh, a luíonn Toraigh. Tá úsáid logainmneacha ag an tSearcach le sonrú fosta ar sheanamhráin de chuid na háite sin nó is iontu a dhéantar tagairt do shean-logainmneacha:

Nach iomaí dainséar mór a rith mé is tú féin riamh ó bharr an Phointe go dtí an Bhoilg Mhór
Sruth Phort an Deilg is an Camas Mór, Béal Phort Challa agus Droim an Bhotha?

Is trua nach bhfuil mé ag Ulaí Mhóraid nó ar Mhearnaid, Ruaimh nó ar Chnoc an Dúin.
ar bharr Ard Lártháin, nó ag bun an Chloigthí, bheadh an óige ar ais agam go buan.

(Ó Colm, 1995 [1971]: 143 & 158)

Focal scoir

Sa staidéar samplach seo, fiosraíodh feidhm, tábhacht, luach liteartha agus ábharthacht úsáid logainmneacha i roinnt samplaí de phrós agus d’fhilíocht na Nua-Ghaeilge. Cuireadh i gcomórtas agus i gcosúlacht litríocht scríbhneoirí as an taobh thuaidh agus theas d’oileán na hÉireann agus feidhm an logainm á fiosrú.  Orthu sin bhí scríbhneoirí próis amhail Séamus Ó Grianna, Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin.  I dtaca le feidhm an logainm san fhilíocht, breathnaíodh ar shaothar Chathail Uí Shearcaigh, a luathshaothar go háirithe. Rinneadh tagairt fosta don traidisiún láidir béil atá i dToraigh, raidisiún béil a théann siar go dtí aimsir na réamh-Chríostaíochta, Balor na Súile Nimhe, an eaglais luath agus Naomh Colm Cille. Chonacthas gur minic áitainmneacha luaite i seanamhráin as Toraigh. Is é atá i gcomhar le chéile ag na scríbhneoirí seo agus ag an tsórt seo litríochta ó na ceantair imeallacha a ndearnadh machnamh uirthi, ná an áit lárnach atá ag logainmneacha ina bhféiniúlacht agus ina bhfréamhacha. Maíodh fosta gur minic dírithe ar chluais an léitheora a bhíonn logainmneacha sa phrós, sa nuafhilíocht agus i seanamhráin, agus na fuaimeanna gleoite iontu á nochtadh i bhfoirm scríofa nó ráite. Bhí eolas ar dhíorthú áitainmneacha lárnach sa léann dúchasach sna meánaoiseanna in Éirinn (Ó Cuív, 1973). Táthar i ndiaidh leanúint den éileamh sin i nualitríocht na Gaeilge agus in amhráin na ndaoine mar a luadh anseo.

 

Leabhairliosta

Tagairtí

Almqvist, B. & Ó Héalaí, P. (eag.) (2009) Peig Sayers: Labharfad le Cách, I will speak to you all. Baile Átha Cliath: New Island.

Cruise O’Brien, M. (1977) ‘An tOileánach, Tomás Ó Criomhthain.’ Jordan, J. (ed.) The Pleasures of Gaelic Literature. Cork & Dublin: Mercier Press. 25–38.

Denvir, G. (2005) ‘From Inis Fraoigh to Innisfree...and Back Again? Sense of Place in Poetry in Irish since 1950.’ The Yearbook of English Studies. 35. 107–30.

Denvir, G. (eag.) (2008) [2000] Duanaire an Chéid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Fitzpatrick, E. (2012) ‘Formaoil na Fiann: Hunting Preserves and Assembly Places in Gaelic Ireland.’  Proceedings of the Harvard of the Harvard Celtic Colloquium. Iml.32. 95–118.

Flanagan, D. (1975) ‘Place-Names as Historical Source Material.’ Ulster Local Studies. Iml.1, uimh.1. 8–16.

Flanagan, D. (1978) ‘Place-names: a matter of identity.’ Bulletin of the Ulster Place-names Society. Sraith 2, iml.1. 1–6.

Friel, B. (1981) Translations. London: Faber & Faber.

Hughes, A.J. (1991) ‘Irish Place-names: Some Perspectives, Pitfalls, Procedures and Potential.’ Seanchas Ard Mhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society. Iml.14, uimh.2. 116–48.

Hughes, A.J. (ed.) (1996) Cathal Ó Searcaigh: Le Chemin du Retour, Pilleadh an Deoraí. Bonaguil: La Barbacane.

Hughes, A.J. (2001) When I Was Young. Baile Átha Cliath: A. & A. Falmar.

Kane, F., Bhreathnach, U. & Ó Gliasáin, J. (2022) ‘North and South of the Border: Parallel place-name research in Ireland.’ Proceedings of The International Congress of Onomastic Sciences.

Mac Gabhann, M. (1959) Rotha Mór an tSaoil. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Mac Grianna, S. (1933) An Mairnéalach Dubh. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mallory, J.P. (2017) The Origins of the Irish. London: Thames & Hudson.

Ó Criomhthain, S. (1991) [1969] Lá Dár Saol. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Criomhthain, T. (1980) [1929] An tOileánach. Baile Átha Cliath: An Comhlacht Oideachais.

Ó Criomhthain, T. (1977) [1928] Allagar na hInse in eagar ag P. Ua Maoileoin. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Cuív, B. (1973) ‘The linguistic training of the mediaeval Irish poet.’ Celtica 10. 114–40.

Ó Direáin, M. (1984) Máirtín Ó Direáin: Selected Poems, Tacar Dánta. The Goldsmith Press.

Ó Domhnaill, C. (1999) Mairfidh na Filí má mhaireann ár gCuimhne. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Dúill, G. (1993) ‘Filíocht Chathail Uí Shearcaigh: I dtreo anailís théamúil.’ Comhar. Nollaig. 35.

Ó Grianna, S. (1942a) Rann na Feirsde, Baile Átha Cliath: An Preas Náisiúnta.

Ó Grianna, S. (1942b) Mo Dhá Róisín. Baile Átha Cliath: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal.

Ó Grianna, S. (1955) An Clár is an Fhoireann. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Grianna, S. (1956) Fallaing Shíoda. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Grianna, S. (1959) An Draoidín. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Mainnín, M. (2017) ‘Annexing Irish Names to the English Tongue: Language Contact and the Anglicisation of Irish Place-Names.’ School of Celtic Studies, Maynooth University. (Paul Walsh Memorial Lecture. Iml.2).

Ó Muirí, P. (1992) Dinnseanachas. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Murchadha, D. & Murray, K. 2000: ‘Place-names.’ Buttimer et al. The Heritage of Ireland. Corcaigh: The Collins Press. 146–55.

Ó Searcaigh, C. (1983) Súile Shuibhne. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Searcaigh, C. (1987) Suibhne. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Searcaigh, C. (1991) An Bealach na Bhaile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Súilleabháin, M. (1989) [1933] Fiche Bliain ag Fás in eagar ag Mac Tomáis, S. & Ó Fiannachta, P. An Daingean: An Sagart.

O’Sullivan, M. (1983) [1953] Twenty Years A-Growin’. Oxford: Oxford University Press.

Ó Tuama, S. (1992) ‘Ómós Áite: a rian ar scríbhneoirí in Éirinn.’ Comhar. 51(5). 176–85.

Prút, L. (1982) Máirtín Ó Direáin, an file tréadúil. Maigh Nuad: An Sagart.

Sayers, P. (1970) [1936] Peig: tuairisc a thug Peig Sayers ar imeachtaí a beatha féin in eagar ag Ní Chinnéide, M. Baile Átha Cliath: Comhlucht Oideachais na hÉireann.

Sayers, P. (1980) [1939] Machnamh Seanmhná in eagar ag Ua Maoileoin, P. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Sewell, F. (1998) Extending the Alhambra: Four Modern Irish poets. University of Ulster.

Stitfer, D. (2020) ‘Insular Celtic: Ogam.’ Palaeohispanica. 857–58.  

Ua Maoileoin, P. (1960) Na hAird Ó Thuaidh. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ua Maoileoin, P. (1978) Ár Leithéidí Arís. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta.