Is mar mhíreanna ócáideacha a foilsíodh bunábhar an chnuasaigh seo i dtús aimsire. Ar iris atá imithe as – An tUltach – agus tugann an fotheideal ciúta áirithe dúinn maidir le mianach an tsaothair. Creatlach an fhéilire a úsáidtear leis an ábhar a ríomh agus socrú fóinteach é a chinntíonn cothromaíocht áirithe idir na míreanna agus a chuireann bealú faoin bhforbairt théamúil go tráthúil. Tuigtear struchtúr cultúrtha an timthrialla le fada agus tá a gcuid féin déanta ag scoláirí miotaseolaíochta agus béaloidis den ábhar. Bhí an-reic ar leabhar Chaoimhín Uí Dhanachair – The Year in Ireland (1972) – nuair a chuir Cló Mercier athchló amach tamall beag blianta siar. Ba chéadach an léargas a thug Conchúr Mag Eacháin ar chultúr na ndaoine ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina shaothar siúd – Ó Cheann Ceann na Bliana: Nósanna an Fhéilire in Éirinn (2022) – ach is ceart a thuiscint go saothraítear an béaloideas mar thaca don áiteamh seachas mar chuspóir ann féin in Turas na Bliana.
Cén sprioc atá leis na haistí? Píosaí gairide próis iad a shaothraíonn téamaí spioradáltachta, fealsúnachta agus creidimh. Lonnaítear cuid mhór den dioscúrsa i dtraidisiún intleachtúil na hEaglaise Caitlicí. Is mar phriocadh chun marana a beartaíodh na míreanna. Ní théitear i bhfad le téad smaointeoireachta ar bith i gceann ar bith de na haistí ach ní sheachnaítear doimhne ábhair ná géire anailíse ina dhiaidh sin féin. Tá bior ar réimsí spéisiúla den tráchtaireacht. Is iomaí uair a luaitear an ‘saol corrach’ mar shampla agus an furú seasta a bhíonn fúinn. Filltear ó am go chéile ar an teicneolaíocht agus an chaoi a bhfuil seilbh glactha ag na hardáin mhóra ar aird, am agus acmhainní an phobail. Déantar scagadh an-chumasach ar cheist na príobháide i ré an idirlín gan teorainneacha (‘Deireadh na Príobháide’, 44–6).
Ceistíonn Mac Murchaidh cé mar a fhéachann comhlachtaí móra fearacht Meta le noirm shóisialta a leasú chun a dtairbhe féin. Tá múnla tagtha chun cinn ina ndéantar ídiú faoi cheilt ar chearta an duine ainneoin na suáilcí a bhaineann le deiseanna idirghníomhaíochta ar na hardáin chéanna. Bunsprioc an líonraithe shóisialta i súile na n-ardán ná gnóthú airgeadais ar an rannpháirtíocht. Tagann téama an tomhaltachais chun cinn agus measann Mac Murchaidh ‘go dtitfidh an tóin as ‘creideamh an tomhaltachais’ agus ‘go bhfágfar toradh iarmharach míthaitneamhach ina dhiaidh’ (81). In alt maidir le ‘Sólás na Fealsúnachta’ cuirtear i gcuimhne dúinn cén mheabhair a bhain an fealsamh Gréagach Eipiciúras (341–270RC) as cúinsí an tsonais. Bhí an cairdeas, an tsaoirse agus saol an mhachnaimh bunriachtanach le sásamh a bheith againn ar an saol. Dá mbeifí ar bheagán airgid ní mba fál go haer é, dar leis. ‘Éiríonn muid gafa le trealamh an tsaoil seo go furasta’ (48) an ceangal a bhaintear as an scagadh. Seo é go díreach an téama a shaothraíonn Sonya Kelly ina dráma sise, Furniture, (léirithe ag Druid, 2018).
Luaitear an ‘gáifeachas’ agus an ‘róchaiteachas’ a bhí go mór i dtreis le linn bhlianta an rachmais i mír thaistil (‘Saol na Briotáine’, 115–7) agus moltar teacht aniar agus béasa grástúla phobal na Briotáine agus nós na bPardún á chleachtadh acu. Tugtar siar go Stát na mBuachaillí Bó i Meiriceá muid freisin – Wyoming – ceantar spéiriúil ach áit a bhfuil tóir mhíchuibheasach ar charranna a bhfuil innill san ainmhéid acu chomh maith céanna. Baineann an scéal go díreach agus go dlúth le ceartas aeráide ach ‘baineann an cheist ar fad le flaithiúlacht nó le leithleachas agus an tuiscint atá againn don duine’ (120) ar deireadh. Is minic le lucht cumhachta a bheith ‘ag díol féir agus ag ceannach cocháin’ (131) a deirtear in aiste eile faoin bhfírinne sa bhfearann poiblí. Má tá faobhar ar an tuairimíocht, is léir go bhfuil an córas argóna sna haistí uile bunaithe ar fhís fhorbartha den eitic. Tá ‘malairt bhisigh’ á samhlú, mar a scríobh file mór Fhear Manach tráth:
‘…an dílseacht, an oscailteacht, an t-ionracas, an mhuinín agus an tiomantas…’ (37)
‘…an tsláinte, an cineáltas, an tacaíocht, an fhéile agus an machnamh.’ (49)
‘Beathaíonn an litríocht, an ealaín, an ceol agus an spórt an duine…’ (89)
‘Ní bhíonn am ag go leor daoine don teaghlach, don chaitheamh aimsire, don mhachnamh gormspéire nó don anam féin.’ (113)
Is cinnte go luíonn codanna móra den anailís leis an traidisiún léinn Caitliceach. Baintear earraíocht shuimiúil as beathaí na naomh – Uinseann de Pól, San Irenaeus de Lyon, Aodh de Grenoble, mar shampla. Tá an úsáid a bhaintear as na scrioptúir an-tomhaiste agus beacht don chomhthéacs cainte, cuir i gcás an plé a dhéantar ar Íseáia fáidh (‘An Aidbhint’, 157–9). Tá leithne sa léargas ar an léann eaglasta mar is léir ón anailís ar stór cultúrtha na deabhóide Gaelaí (‘Taisce Chríostaíocht na hÉireann’, 127–9) agus traidisiún na seanmóireachta i nGàidhlig san 18ú haois (‘Saol Corrach’, 124–6). Díol spéise ó thaobh na hantraipeolaíochta creidimh is ea an t-alt maidir le fíor na croise (‘Comhartha na Críostaíochta’, 136–8), meabhrú ar an gcaoi a ndearnadh gnéithe suntasacha den chreideamh a sheachadadh a bhuíochas de thraidisiún dinimiciúil béil.
Tá scannal na mí-úsáide tar éis tionchar as cuimse a imirt ar na heaglaisí institiúideacha go léir ach tá a shliocht ar an Eaglais Chaitliceach go háirithe. Ina fhianaise sin, chuir mé spéis i roinnt topaicí inspéise sna hailt – ceist na ceannaireachta eaglasta agus riail na haontumha san Eaglais Chaitliceach. Seoltar i dtreo cheist an phósta muid toisc leabhar iar-Easpag Dhoire, Edward Daly – A Troubled See (2011) – a bheith faoi chaibidil (‘An tEaspag agus an Aontumha’, 133–5). Ba é seo an dara leabhar cuimhní cinn de chuid an iar-Easpaig agus tugadh aird mhór ar a raibh le rá aige faoi chead pósta na sagart. Déanann Mac Murchaidh idirdhealú críonna idir an t-ábhar seo agus géarchéim na hearcaíochta. Ní leigheasfadh sagairt phósta an fhadhb úd óir sainghairm is ea an mhinistreacht sna heaglaisí Críostaí go léir. Pléitear múnla na hEaglaise Ceartchreidmhí go sonrach agus déantar áiteamh láidir ar son plé macánta agus díospóireacht oscailte. Ní léir go bhfuil forbairt mhór ar an gceist áirithe sin ó shin.
Siar sa mbliain 2013 a toghadh an Cairdinéal Jorge Bergoglio le bheith ina Phápa agus roghnaíodh an Ró-Urramach Justin Welby mar cheannaire domhanda na hEaglaise Anglacánaí. Déantar comparáid pholaitiúil agus phearsanta idir an bheirt cheannairí nua (‘Ceannairí Nua i Ré Nua’, 62–4). Tá ardmheas ag Mac Murchaidh ar thréith na humhlaíochta sa gceannaireacht. Ábhar misnigh a bhí ann dó cuid de na comharthaí sóirt a shonrú sa mbeirt úd cé go bhfuil an Pápa Proinsias tar éis bháis ó shin agus sheas Justin Welby siar in 2024 i ngeall ar scannal mí-úsáide in Eaglais Shasana. Moltar an té a bhí ann roimhe – an diagaire agus fealsamh Rowan Williams – mar cheannaire spioradálta in aiste eile (‘Dúshlán na Ceannaireachta’, 59–61). Chuaigh ráiteas dá chuid i bhfeidhm ar Mhac Murchaidh in agallamh nuachtáin: ‘go bhfuil an tuairim ann go coitianta anois gur rud coimhthíoch, rúndiamhrach, cumhachtach an reiligiún, a fhágann go dtig le daoine droch-chinnidh a chosaint faoi chlúdach an chreidimh.’ Baineann an urchóid leis an aimhleas a bhaintear as cumhacht agus/nó creideamh i gcomhthéacs na ceannaireachta.
Alt thar a bheith tráthúil ar an aimsir seo é an plé ar leabhar de chuid an scríbhneora Kader Abdolah, The House of the Mosque (2005). Úrscéal é a insíonn scéal na hIaráine ó díbríodh an Shah agus ó cuireadh tús leis an dianréimeas Ioslamach in 1979. Tá an saothar molta go hard ag Mac Murchaidh agus is liosta le háireamh iad na húdair idirnáisiúnta eile a luaitear i gcaitheamh na n-aistí: Pablo Nerudo, Paulo Coelho, Umberto Eco gan ach triúr a lua. Déantar seo de ghrá an ábhair i gcónaí agus sa gcaoi is go mbeadh fonn ort dul i dtreo na dtéacsanna ina dhiaidh. Tá leabharliosta i ndeireadh an chnuasaigh mar áis don léitheoir freisin.
Déantar saothrú ar ghort an bhaile chomh maith. Mar is dual do scoláire litríochta Gaeilge roinntear gaois an traidisiúin orainn nuair is iomchuí. Bíonn Seosamh Mac Grianna, Cathal Ó Searcaigh, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Raiftearaí agus Amhlaoibh Ó Súilleabháin faoi chaibidil mar fhianaise léirmhínithe ar uairibh. Is é barr buaice chineál na scríbhneoireachta seo ná an aiste dheireanach ar fad atá luaite le tráth na Nollag (‘Aingeal na Comhairle Móire’, 163–6). Tugtar an-ómós d’obair eagarthóireachta Vincent Morley (Field Day, 2012) ar an bhfilíocht a chum Aodh Buí Mac Cruitín. Pléitear an dán ‘Lá Nollag’ agus cuimsítear diagacht iomlán na Nollag taobh istigh de thrí rann ghairide, dar le Mac Murchaidh. Lonnaítear na tuiscintí faoi magni consilii Angelus sa traidisiún cantaireachta agus ceoil eaglasta freisin. Sin ar fad go gonta comair.
Tá teannadh leis an scríbhneoireacht ó thús deireadh an chnuasaigh – aibíocht stíle a chinntíonn réim fheiliúnach teanga tríd síos. Barr ar an maise seo, tá séimhe agus siosmaid Fhear Manach ina n-orlaí sna píosaí. Scríobhadh na haistí do lucht léitheoireachta Chúige Uladh an chéad uair ach is maith go mbeidh deis ag pobal mór náisiúnta ar chuid den tsaíocht a bhaineann le Contae na Lochanna. Tarraingíonn Mac Murchaidh ar a óige in amanta – mochéirí fhosaíocht na mbeithígh, teagasc tíriúil an oide scoile Gerry Farrell mar shampla – agus ar a mhuintir féin. Saibhríonn seo na haistí agus cuidíonn a leithéid linn fréamh an eolais agus tobar luachanna na saoithiúlachta a rianadh siar i dtreo an dúchais.
Abraítear go soiléir gur leasaíodh na sleachta anonn is anall chun go dtiomsófaí mar chnuasach aonair iad. Ní hionann riachtanais scríbhneoireachta ala na huaire agus bailiúchán téamúil. Dá dtabharfaí leid bheag maidir le dáta foilsithe na gcéad leaganacha de na hailt ba threoir áirithe é. Tá scáil na lag trá eacnamúla ar chuid de haistí, mar shampla, ach d’uireasa dátaí ba dhoiligh sin a dhearbhú. Ina ainneoin sin, is maith agus rímhaith mar a sheas an t-ábhar roghnaithe cúrsa na haimsire.
Ní ailt chreidimh iad seo sa dá chiall mheafaracha den leagan úd: is léasacha machnaimh ar an duine agus ar an daonnacht iad. Is scríbhneoir fiosrach, oscailte é Ciarán Mac Murchaidh a sheachnaíonn an chinnteacht agus a chuireann roimhe a bheith ar thóir na fírinne. Bunaítear an chaibidil ar an gcomhbhá i gcónaí dá achrannaí an t-ábhar a bhíonn faoi thrácht. Éiríonn leis an gcur chuige seo fairsinge a chruthú, fearann inar féidir leis an léitheoir ceisteanna casta a mheá ar a c(h)omhairle féin. Is minic a luaitear an fhéile agus an fhilíocht lena chéile ach tá gnaíúlacht uasal sna haistí próis seo.