Is cúis mhór bhróid agus áthais dúinn, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2020/21, na mílte agus na múrtha fáilte a chur romhat chuig an naoú heagrán den Reiviú, iris acadúil a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar...
Eagrán 2021
Réamhrá
Tréaslaím leis na scoláirí iarchéime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar éirigh leo leanúint lena dtraidisiún foilsitheoireachta in aimsir seo na haicíde. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, a deir siad, agus b’in mar a bhí ag Coiste Eagarthóireachta an eagráin...
Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)
Cúlra Tháinig an Piarsach ar an tsaol sa bhliain 1879 agus tháinig ‘Máire’ ar an tsaol deich mbliana ina dhiaidh. Sna blianta idir breith an Phiarsaigh agus breith ‘Mháire’ tháinig borradh mór faoi na heagraíochtaí a raibh sé d’aidhm acu an Ghaeilge a athbheochan. Ba...
Grinnléitheoireacht á meas ag mic léinn ar chúrsaí Gaeilge (BA agus BEd) mar mhodh múinte le bheith ag foghlaim faoin scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge
Intreoir Tuairisc atá san alt seo ar thionscadal i dtaighde na meastóireachta a rinneadh sa bhliain acadúil 2019– 2020 idir Deireadh Fómhair 2019 agus Nollaig 2019, i measc cohórt de mhic léinn dara bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge) agus BEd (Baitsiléir...
Déphearsantacht an Chainteora Dhátheangaigh – An ann di?
Like many other people who speak more than one language, I often have the sense that I’m a slightly different person in each of my languages – more assertive in English, more relaxed in French, more sentimental in Czech. Is it possible that, along with these...
Ligeann an Ghaeilge chuici is uaithi ar na meáin shóisialta: Cás-Staidéar ar an suíomh Twitter
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hOllscoil Luimnigh chomh maith leis an Dochtúir Sorcha de Brún; rinneadh bunús an taighde seo faoina stiúir agus mé i mo mhac léinn ansin. Réamhrá Tá athrú thar cuimse tar éis teacht ar an úsáid a bhaintear as na meáin le...
Lá: a chúlra, a bhunú is a oidhreacht
Pobal ar leith is ea pobal Gaeilge na Sé Chontae, agus d’eascair an nuachtán Lá as an bpobal uathúil seo. Ní mór, mar sin, chun aidhmeanna agus comhthéacs bhunú Lá a thuiscint i gceart, scagadh a dhéanamh ar scéal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus i mBéal Feirste...
Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais
Coimriú: Tá trí shainréimse eolais i gceist le feasacht teanga múinteoirí sa tumoideachas – úsáid teanga; eolas faoin teanga; agus saineolas oideolaíoch i dtéarmaí na sprioctheanga sa chomhthéacs ábharbhunaithe. Bíonn na réimsí sin ag idirghníomhú lena chéile agus...
Báid Mhóna agus Báiníní: Píosa spéisiúil físe ó Chonamara ón mbliain 1932
Gearrscannán deich nóiméad ar fhaid é Ireland: The Melody Isle a eisíodh sa mbliain 1934 agus atá le fáil ar an Idirlíon.[1] Tá sé mar chuid de shraith gearrscannán taistil a choimisiúnaigh an comhlacht léirithe cáiliúil Metro-Goldwyn-Mayer. Meiriceánach darbh ainm...
In aice le marbh
IN AICE LE MARBH Bhí sé ag fáil bháis, mar a bhásaíonn daoine a bhfuil eitinn orthu i gcónaí. D’fheicinn ag suí síos é chuile lá thart ar a dó a chlog, ar bhinse cois farraige faoi bhun fhuinneoga an óstáin. D’fhanadh sé cúpla nóiméad ina shuí gan chorraí agus é ag sú...
Léirmheas ar Concise English-Irish Dictionary
Táirge deiridh ar thogra uaillmhianach atá sa leabhar Concise English-Irish Dictionary (NEID), an foclóir is údarásaí maidir le húsáid chomhaimseartha na Gaeilge. Pádraig Ó Mianáin a d’fheidhmigh mar phríomheagarthóir ar an bhfoclóir seo, fear atá ag obair i ngort na...
Léirmheas ar Óráidí a chuaigh i gcion
Bailiúchán de bhreis agus caoga óráid ó aimsir Shócraitéas go dtí an lá atá inniu ann is ea Óráidí a chuaigh i gcion. Cló Lováin, inphrionta de chuid Leabar Breac, teach foilsitheoireachta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, a d’fhoilsigh an leabhar. Leabhar...
Léirmheas ar Ar Luch agus ar Dhuine
Aistriúchán stuama atá sa leabhar Ar Luch agus Ar Dhuine le Colmcille Ó Monacháin. Is é seo an chéad eagrán Gaeilge den nóibhille cháiliúil Of Mice and Men a scríobh John Steinbeck sa bhliain 1937 é. Sa bhliain 1946, scríobh Aodh Mac Dhubháin dráma darbh ainm...
Gorta, Grá agus Gaisce: Léirmheas ar Fonn A Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin
Is é seo an tríú heagrán d’úrscéal gearr le Pádraig Ua Maoileoin a d’fhoilsigh Carbad ar dtús sa bhliain 1978. Tá an scéal suite i mbaile beag na Scairte sna blianta díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Baile ‘gránna deas’ (5) is ea é dar leis an scéalaí agus mar a...