Bróna Nic Dhiarmada
Is as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas í Bróna. Bhain sí céim amach sna Dána agus sna Cearta Daonna ó Ollscoil na Gaillimhe in 2024, dírithe ar an stair agus ar an nGaeilge. Bronnadh Duais Ghearóid Mhic Niocaill sa stair uirthi sa bhliain 2024. Tá spéis aici i réimse na pleanála teanga agus sa tsochtheangeolaíocht. Tá Bróna ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.
Honoria Ní Mháille
Is as Baile an Tobair i gContae Mhaigh Eo do Honoria agus tá sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Bhain sí céim amach sa nGaeilge agus i Leann an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sí ag obair mar chúntóir teagaisc in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair. Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha uirthi don bhliain acadúil 2024/25 mar thoradh ar a cuid torthaí forchéime. Tá spéis aici sa bpleanáil teanga agus tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.
Dónal Ó Síocháin
Is as Cill Airne, Contae Chiarraí ó dhúchas é Dónal Ó Síocháin. Is múinteoir bunscoile i gCill Airne é. Bhain sé céim thráchtála amach ar dtús i gColaiste na hOllscoile, Corcaigh. Ansin, rinne sé iarchéim sa bhunmhúinteoireacht. Tá sé ag múineadh ó 2013 i leith. Tá suim mhór aige i gcúrsaí oideachais agus tá sé ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.
Joanne Uí Loingsigh
Is as Ceantar na nOileán i gConamara í Joanne Uí Loingsigh. Tá sí ag plé le hearnáil na Gaeilge le os cionn trí bliana déag anois, agus faoi láthair tá sí fostaithe le Comhar Naíonraí na Gaeltachta mar Fheidhmeannach Teanga. Bhain sí dioplóma chéadonóracha amach sa Ghaeilge in 2008. Tá suim mhór aici i gcúrsaí pleanála teanga, sa luathoideachas, agus tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.