Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2024

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag an dara agus ag an tríú leibhéal. Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamas, agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu. Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscéalta do pháistí aistrithe go Gaeilge aige. Ina measc siúd tá Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte (Michael Morpuogo). Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseámaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le hAnne Holm aistrithe go Gaeilge aige.

Niamh Dennehy

Tá an Dr Niamh Dennehy mar Ollamh Cúnta i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aici is ea díriú ar pheirspictíochtaí sochultúrtha ar churaclam, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú, agus béim ar leith ar oideolaíocht na teanga.

Brian Hanratty

Is léachtóir sinsearach é Brian Hanratty i Roinn an Bhéarla ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá suim as cuimse aige i ngach seánra den litríocht.  Tá dúil mhór aige san fhilíocht agus is é Seamus Heaney a rogha file. Chuige sin, tá lear mór alt agus páipéar foilsithe aige ar fhilíocht Heaney agus ar theagasc na filíochta go ginearálta.

Seán Mac Corraidh

Is léachtóir sinsearach é an Dr Seán Mac Corraidh i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá leabhair, caibidlí i leabhair agus ailt ar irisí léinn foilsithe aige ar réimse leathan ábhar i léann na Gaeilge agus an oideachais. Tá spéis ar leith aige sna cúrsaí seo a leanas: teanga agus litríocht, aistriúchán, béaloideas, scéalaíocht agus amhránaíocht, tumoideachas agus foghlaim na Gaeilge. Faoi láthair tá dhá thionscadal mhóra taighde idir lámha aige. Is miontráchtas ar chúrsa máistreachta atá sa chéad cheann ag baint le stíl scríbhneoireachta agus úsáid teanga i saothar Shéamuis Uí Ghrianna. Is i gcomhar le comhghleacaithe agus le cleachtóirí bunscoile atá sé ag saothrú sa dara tionscadal ag fiosrú labhairt agus scríobh na Gaeilge i measc páistí i scoileanna Gaeilge sa chaoi is gur féidir creat teanga a fhorbairt.

Margarita Neothallaigh

Is as Contae na Mí ó dhúchas í Margarita. Tá céim aici sa stair ó Ollscoil Mhá Nuad, MA sa stair agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas ón Ollscoil chéanna. Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge Fheidhmeach agus MA sa Léann Teanga ó Ollscoil na Gaillimhe.

Nóra Ní Bheaglaoich

Is múinteoir bunscoile í Nóra Ní Bheaglaoich a bhfuil taithí mhúinteoireachta ag an mbunleibhéal aici le bliainghrúpaí éagsúla le os cionn fiche bliain. Tá taithí aici a bheith mar theagascóir ar an tríú leibhéal freisin. Tá Máistreacht san Oideachas aici ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach (2012) agus tá PhD san Oideachas ar bun aici faoi láthair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is iad na hábhair spéise taighde atá aici ná an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga (FCÁT), forbairt na litearthachta trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal go háirithe i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, an t-oideachas dátheangach, oideachas múinteoirí agus forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí.

Karen Ní Chlochasaigh 

Is Léachtóir agus Stiúrthóir ar an Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, Coláiste Mhuire gan Smál í an Dr Karen Ní Chlochasaigh. Tá taithí fhairsing aici mar léachtóir ar an tríú leibhéal, ag plé le hoideachas múinteoirí agus clár tumoideachais do mhúinteoirí go príomhúil. Is iad na reimsí sainspéise is mó atá aici ná an sealbhú teanga éifeachtach agus an cumasú teanga mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil an mhúinteora. Tá fianaise láidir ina cleachtas gairmiúil ar fhorbairt ghairmiúil an mhúinteora, go háirithe sa chóras tumoideachais, agus cleachtais Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET) a chomhtháthú sa chleachtas sin, go dtacaíonn a cuid taighde le forbairt shuntasach ar scileanna agus ar chumas teanga an mhúinteora agus le freastal a dhéanamh ar riachtanais teanga an mhúinteora. Anuas air seo, tá an-suim ag Karen in ionchuimsiú an oideachais i gcóras tumoideachais na mionteanga agus sa chóras rochtana ar an tumoideachas. Tá scileanna agus saineolas ar leith forbartha ag Karen maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun an teagasc agus an fhoghlaim teanga a chur chun cinn. Tá spéis ar leith aici an litearthacht dhigiteach a chur chun chun mar chuid d’fhorbairt ghairmiúil an mhúinteora agus leas a bhaint as uirlisí digiteacha ina cleachtas féin chun timpeallachtaí foghlama saibhre a chruthú, an phiarfhoghlaim agus pobail chleachtais teanga a neartú, aiseolas ceartaitheach a chur ar fáil agus an fhorbairt teanga a thomhas agus a threorú tré uirlisí ar nós ríomhphunann teanga a chur i bhfeidhm.

Hilary Ní Chonchubhair

Tá Hilary Ní Chonchubhair mar léachtóir agus mac léinn dochtúireachta i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aici is ea díriú ar thuras teanga an fhoghlaimeora i gcomhthéacs an tumoideachais dhéanaigh, go háirithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste, mar aon le hinniúlacht teanga an mhúinteora tumoideachais.

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, í an Dr. Dorothy Ní Uigín. Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil. Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge. Is as cathair na Gaillimhe di.

Áine Nic Niallais

Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Áine. Tá sí ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ón bhliain 2001 agus is ag plé le cúrsaí aistriúcháin is mó a bhíonn sí. Rinne sí tráchtas dochtúireachta dar teideal Ag teacht isteach orthu – Gnéithe de Chomhréir agus de Shéimeantaic Bhriathra Frásacha na Gaeilge (scagadh ar bhríonna meafaracha nathanna na Gaeilge) a chur i gcrích sa bhliain 2012. Tá suim mhór aici san uile ní a bhaineann le cearta teanga agus le cearta an duine.

Sadhbha Nic Ruaidhrí

Is mac léinn fochéime í Sadhbha in Ollscoil na Gaillimhe agus céim sa Ghaeilge agus sa Fhrainicis ar bun aici.  Is as Co. Dhoire ó dhúchas di.

 T.J. Ó Ceallaigh

Tá an Dr T.J. Ó Ceallaigh mar Ollamh Comhlach i Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. An phríomhspéis taighde atá aige is ea díriú ar an oideolaíocht atá ag teastáil chun teagasc na teanga agus an ábhair agus an measúnú a chomhtháthú go rathúil, go háirithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus dátheangacha. Tá T.J. ina chomhchathaoirleach ar an bPobal Taighde agus Forbartha maidir le hOideachas Múinteoirí agus an Teicneolaíocht Dhigiteach don Chumann Oideoirí Múinteoirí san Eoraip (ATEE) agus tá sé ina Stiúrthóir Boird de Chomhtháthú Teanga agus Ábhair san Ardoideachas (ICLHE), cumann idirnáisiúnta scoláirí a bhfuil spéis acu i réimse ildisciplíneach an chomhtháthaithe ábhair agus teanga san ardoideachas agus a bhíonn ag cur leis an réimse sin ar bhealach gníomhach.

Réamonn Ó Ciaráin 

Thosaigh Réamonn ag obair le Gael Linn in 1993 agus bhí sé ina bhainisteoir ann ó 2003 nó gur ceapadh ina Stiúrthóir Oideachais in 2020 é agus ina Phríomhfheidhmeannach ansin sa bhliain 2022. Rugadh agus tógadh Réamonn i gCrois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha. Bhain sé amach bunchéim san Oideachas agus sa Léann Ceilteach ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, chomh maith le céim mháistreachta sa Léann Éireannach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus céim eile sa Bhainisteoireacht Chultúrtha ó Ollscoil Uladh, Baile Shiurdáin. Tá trí leabhar foilsithe ag Réamonn ar Chúchulainn mar aon le hailt in irisí éagsúla. Comhbhunaitheoir ar Aonach Mhacha, an chultúrlann úr i gCathair Ard Mhacha é. Is iomaí ról oifige a bhí aige le CLG ag leibhéal contae agus ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge. Tá ceangal fada ag Réamonn leis an Iontaobhas Ultach agus toghadh ina chathaoirleach air in 2019 é. Ball de Bhord Gobhnóirí Choláiste Chaitríona, Ard Mhacha é ó 2006 agus iarchathaoirleach ar An tUltach, iris Chomhaltas Uladh. Tá Réamonn pósta ar Dolores agus tá beirt chlainne orthu, Alana agus Caoilte.

Alexandra Philbin

Is mac léinn dochtúireachta í Alexandra Philbin in Ollscoil València, áit a ndéanann sí staidéar ar eispéiris na gcainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus na gcainteoirí Vaileinsise/Catalóinise in València. Bhain sí céim amach sna Teangacha Domhanda i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus máistreacht san Antraipeolaíocht Theangeolaíoch in Ollscoil Mhá Nuad. Is meantóir í Alexandra leis an eagraíocht Endangered Languages Project freisin.

Katie Whelan

Is iarratasóir PhD i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Katie Whelan. Tá a tráchtas dírithe ar scéal na mban in iriseoireacht na Gaeilge idir na blianta 1922 agus 1961, agus tá maoiniú bainte amach aici ón gComhairle um Thaighde in Éirinn don togra seo. Na spéiseanna taighde atá aici ná athbheochan na Gaeilge, na meáin Ghaeilge agus Stair na hÉireann ón bhfichiú haois ar aghaidh.

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino agus is údar í ar: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2013, 2015); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2017) agus Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR 2018). I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2009). Ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.