Nótaí Beathaisnéise na Scríbhneoirí 2025

Ellen Corbett

Is as Contae Thír Eoghain do Ellen Corbett. Sa bhliain 2019, bhain sí céim sa Ghearmáinis agus i Léann an Aistriúcháin amach as Ollscoil na Gaillimhe. Bhain sí céim mháistreachta san aistriúchán amach as Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2021. Sa bhliain 2024, bronnadh Duais Stephen Spender uirthi as a haistriúchán Béarla ar an dán ‘Scrúdú’ le Laoighseach Ní Choistealbha. Is taighdeoir PhD in Ollscoil Uladh anois í Ellen agus í ag díriú ar aistriúchán filíochta Gaeilge–Béarla san 20ú agus san 21ú hAois.

Rosie Day

Ollamh Comhlach agus Ceann Roinne Léann na Meán i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh is ea an Dr Rosemary Day. Tá ocht leabhar agus neart alt scríofa aici ar chúrsaí raidió, na meáin shóisialta, meáin na mionlach, meáin phobail, rannpháirtíocht sna meáin agus na méain agus an daonlathas. Is í príomh-iniúchóir na hÉireann ar thionscnamh tras-Eorpach ar na meáin agus an daonlathas, MeDeMap, maoinithe trí HORIZON agus ba í an príomh-iniúchóir ar an tionscnamh taighde IREN, maoinithe trí CORDIS roimhe seo. Ceapadh mar bhall den Údarás um Ard-Oideachas í in 2023 agus mar Chathaoirleach ar Choiste Taighde an Údaráis in 2025. Is iarrbhall d’Údarás Craolacháin na hÉireann í. I gcomhpháirt le daoine eile, bhunaigh sí Raidió na Life, Wired Fm agus Wired Luimnigh agus bhunaigh agus stiúir sí an t-eagras ollscoile um taighde sna meáin, MURFI, an t-aonad um taighde raidió in ECREA agus an t-ionad náisiúnta um taighde raidió agus fuaime (ARC).

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag an dara agus ag an tríú leibhéal. Tá spéis mhór aige i litríocht na nGriannach, Seosamh agus Séamas agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu. Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscealta do pháiste aistrithe go Gaeilge aige. Ina measc siúd tá: Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte – le Michael Morpuogo aistrithe aige. Chomh maith leis sin, tá An Gasúr a Chaith Pitseamaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le Anne Holm aistrithe go Gaeilge aige. Tá filíocht foilsithe aige in Aneas agus bhain sé Comórtas Filíochta ag an Oireachtas sa bhliain 2024.

Orna Farrell

Is Ollamh Comhlach í An Dr Orna Farrell a bhfuil saineolas leathan aici i gcúrsaí oideachas digiteach agus í lonnaithe i Scoil an Pholasaí agus an Chleachtais in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Cuireann Orna spéis san fhoghlaim ar líne, i rath agus rannpháirtíocht foghlaimeoirí ar líne, ríomhphunanna agus cleachtas maidir leis an oideachas oscailte. Tá go leor foilsithe aici ina réimsí spéise, lena n-áirítear caibidlí leabhar, ailt i bhfoilseacháin acadúla, cuir i láthair ar cuireadh agus páipéir chomhdhála. D’fhoilsigh sí ailt in irisí ar nós Distance EducationThe Journal of Interactive Media in EducationResearch in Learning Technology, agus The International Journal of Educational Technology in Higher Education. Is í Orna cathaoirleach choiste EDEN (European Distance and E-learning Network) Network of Academics and Professionals (NAP) agus is comhalta de chuid EDEN í. Is eagarthóir í Orna ar an Irish Journal of Technology Enhanced Learning (IJTEL).

https://orcid.org/0000-0001-9519-2380

Shane Grant

Tá Shane ina Léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), Port Láirge. Bronnadh dochtúireacht sa Nua-Ghaeilge air sa bhliain 2020 ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach mar thoradh ar thráchtas a bhain le cothú filí comhaimseartha Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh. Tá dioplóma iarchéime san Aistriúchán agus MA sa Teangeolaíocht Fheidhmeach aige chomh maith.

Fearghal Mac Bhloscaidh

Is léachtóir sinsearach sa stair i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste é Fearghal Mac Bhloscaidh, a scríobh Fenians and Ribbonmen (2011) agus ‘The Irish Revolution 1912-23: Tyrone’ (2014), an chéad mhiontaighde cuimsitheach a rinneadh ar Thír Eoghain i rith thréimhse na Réabhlóide. Tá roinnt alt idir Ghaeilge agus Bhéarla foilsithe aige le deich mbliana anuas a bhaineann go formhór leis an stair agus leis an tumoideachas agus é mar chomheagarthóir chomh maith ar dhá bhailiúchán, The Men will Talk to Me (2018) agus Bread not Profits (2022). Beidh a chéad mhonagraf eile, Red Triangle, a phléann le gluaiseacht na gceardchumann agus an pogram in Ultaibh 1916–1926, ag teacht amach le Verso sa bhliain 2026.

Seán Mac Corraidh

Is léachtóir sinsearach i Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire Béal Feirste é an Dr Seán Mac Corraidh, ag plé le gramadach, canúintí agus litríocht na Gaeilge. Tá sé mar stiúrthóir ar an Chúrsa Feabhsúcháin sa Ghaeilge do mhic léinn PGCE ar ollscoileanna na Banríona agus Uladh. Tá spéis ar leith aige sa stílíocht agus tá leabhar á scríobh san am i láthair aige, ar stíl liteartha Shéamuis Uí Ghrianna, é bunaithe ar a mhiontráchtas do chúrsa máistreachta a chuir sé i gcrích cúpla bliain ó shin. Tá spéis aige fosta ó thaobh taighde de, san amhránaíocht ar an tsean-nós, sa logainmníocht, sa bhéaloideas agus san oideachas dátheangach. 

Colm Mac Gearailt

Tá an Dr Colm Mac Gearailt ag obair le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), ar an tionscadal cartlainne raidió Gaeilge RTÉ, Canúint.ie. Bhain a thaighde dochtúireachta, (maoinithe ag Scoláireacht Rialtais na hÉireann/Comhairle Taighde na hÉireann) le Múineadh Stair na hÉireann sna Meánscoileanna ó 1924 go 1969 (TCD). Chríochnaigh sé taighde iardhochtúireachta in Ollscoil na Gaillimhe (2023–24) ar an tionscnamh ‘CARTLANN: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin’ (maoinithe ag an HEA/Clár Taighde Thuaidh Theas), inar bhain sé úsáid as cartlann Chonradh na Gaeilge le díriú ach go háirithe ar stair na bhfeachtas craolacháin sna 1970idí is na 1980idí. I measc na spéiseanna taighde atá aige tá stair theilifís Ghaeilge, stair na Meán, an nasc idir féiniúlacht náisiúnta agus teanga, stair mhúineadh na staire, agus taighde ar thógáil náisiún agus ar an iarchoilíneachas. 

https://orcid.org/0000-0002-7437-6006

Seán Mac Risteaird

Ollamh Cúnta le Gaeilge é an Dr Seán Mac Risteaird in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá spéis mhór aige i léann na haiteachta (queer studies), i gcúrsaí inscne, agus sa chritic chultúrtha agus liteartha. Anuas ar na príomhspéiseanna taighde seo, cuireann Seán spéis i dteicneolaíochtaí an oideachais agus san oideolaíocht teanga. Tá ailt agus caibidlí leabhar foilsithe aige in Léann Teanga: An Reiviú, Irisleabhar Mhá Nuad, Léachtaí Cholm Cille, Review of Irish Studies in Europe (RISE), in iris Comhar, agus in Studi irlandesi. A Journal of Irish Studies. Foilsíodh a chéad mhonagraf Teanga don Tost (Arlen House) sa bhliain 2024 agus bronnadh duais Leabhar Taighde na Bliana de chuid An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) air in 2025. Tá sé ag obair faoi láthair ar an dara leabhar, ar cnuasach aistí é, bunaithe ar shaol agus ar shaothar Mhichíl Uí Chonghaile.

https://orcid.org/0000-0002-7683-5456

Máire McCafferty

Is Léachtóir Cúnta sa Ghaeilge í Máire McCafferty in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Port Láirge. Díríonn taighde Mháire ar stair na gColáistí Gaeilge, agus in 2024 chuir sí tráchtas PhD i gcrích dar teideal: Ag teacht in inmhe: na Coláistí Gaeilge agus cruthú an chultúir náisiúnta Éireannaigh, 19041940. Tá tréimhsí caite aici ag obair mar theagascóir Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar phrofléitheoir Gaeilge san Aontas Eorpach, agus mar Oifigeach Gaeilge sa Roinn Cosanta. Tá spéis ar leith aici i stair na hAthbheochana, na hiar-Athbheochana, an náisiúnachais, agus i gcúrsaí aistriúcháin.  

Kate Murphy

Is as Loch Garman do Kate Murphy agus is iarscoláire de chuid Mheánscoil Gharman í. Bhain Kate a céim B.Oid amach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, agus speisialachas aici i dteagasc agus foghlaim i suíomhanna lán-Ghaeilge.  D’oibrigh sí mar mhúinteoir bunscoile i nGaelscoileanna i Loch Garman agus i gCill Mhantáin araon. Chuir sí suim in FCÁT agus i gcúrsaí tumoideachais agus í ag múineadh. Bronnadh máistreacht i Léann na Gaeilge le déanaí uirthi in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Rinneadh an taighde san alt seo mar chuid den chúrsa máistreachta sin. Tá Kate ag obair mar chuntóir taighde leis an ngrúpa taighde Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá tús curtha léi leis a cuid taighde doctúrachta i réimse na logainmníochta i mbliana.

Margarita Neothallaigh

Is as Contae na Mí ó dhúchas do Margarita ach tá sí lonnaithe i gContae na hIarmhí. Tá MA sa stair agus MA sa Léann Teanga aici. Múineann sí anois is arís agus tá suim aici sa taighde acadúil, sa Luath-Chríostaíocht agus ábhair theanga.

Mícheáilín Nic Sheoin

Iar-fhisiceoir cáithníní atá anois ina hEolaí Sonraí í Mícheáilín Nic Sheoin. Tá níos mó ná deich mbliana caite aici mar theagascóir, ag cruthú curaclam ar an teanga códúcháin Python do pháistí agus do thosaitheoirí, agus ar Eolaíocht Sonraí. Tairgeann sí ranganna ar na topaicí siúd agus ar mhata, ar eolaíocht, agus mar ullmhúchán do scrúduithe caighdeánacha i dtíortha éagsúla. Chomh maith leis sin, tá sí ina comhordaitheoir ar ghrúpa piarfhoghlama na Gaeilge, Club an Fháinne. Tá suim aici san oideolaíocht, sa ríomhtheangeolaíocht, agus sa mheaisínfhoghlaim.

Eva Ní Mhealláin

Is teagascóir Gaeilge í Eva in Ollscoil Iarthar na Briotáine agus tá spéis mhór aici san aistriúchán, sa litríocht, agus sa tsochtheangeolaíocht. Is céimí céadonóracha í sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na Gaillimhe, agus tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair. Is ball í de Skol an Emsav, áit ar fhoghlaim sí a cuid Briotáinise, agus eagraíocht a throideann ar son chearta teanga na mBriontánach.

Méabh Ní Shluáin

Is mac léinn dochtúireachta í Méabh Ní Shluáin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ag tabhairt faoi thaighde atá maoinithe ag Taighde Éireann faoi thaithí foghlama teanga fhochéimithe na Gaeilge ar an tríú leibhéal. Is teagascóir agus saoraistritheoir í chomh maith a bhfuil bunchéim sa cheol, sa Ghaeilge agus sa Fhraincis bainte amach aici ó Ollscoil Mhá Nuad in éineacht le Máistreacht i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá spéis ar leith aici in inspreagadh shealbhú an dara teanga, i síceolaíocht na foghlama agus an teagaisc teanga, agus sa teangeolaíocht fheidhmeach trí chéile.

https://orcid.org/0000-0002-7999-1489

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, í an Dr. Dorothy Ní Uigín. Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil. Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge. Is as cathair na Gaillimhe di.

Dónall Ó Braonáin

Is eagarthóir forbartha in Ionad Charna, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe é Dónall Ó Braonáin.

Pádraig Ó Briain

Is as Corcaigh ó dhúchas do Phádraig Ó Briain agus bunchéim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Thug sé aghaidh ar an ngealchathair ansin chun dochtúireacht i Litríocht Bhéarla Ré na Meánaoise a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ach ní dheachaigh a dhúil sa Ghaeilge riamh i léig agus tharla gur fhill sé ar ghort na Gaeilge cúpla bliain ó shin chun obair aistriúcháin a dhéanamh. Tá sé ag gabháil don aistriúchán go lánaimseartha anois agus a dhintiúirí mar aistritheoir aige ó bhain sé Máistreacht i Léann an Aistriúcháin amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2024. Ba bhreá leis tuilleadh alt a fhoilsiú faoi chúrsaí aistriúcháin amach anseo. https://orcid.org/0009-0006-0609-9111

Éamon Ó Cofaigh

Is léachtóir le Fraincis é an Dr Éamon Ó Cofaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Áirítear i measc a chuid spéiseanna taighde: cultúr na Fraince sa 20ú haois, an Chanson agus Cinema na Fraince. Is údar é ar A Vehicle for Change: Popular Representations of the automobile in 20th-century France (Liverpool University Press, 2022). Tá spéis ar leith aige i sealbhú teanga, go háirithe i réimse na foghlama ar líne.

Aodh Ó Coileáin

Múineann Aodh Ó Coileáin cúrsaí trí Ghaeilge agus trí Bhéarla i réimse na meán in Ollscoil na Gaillimhe.  Bhain sé BA sa pholaitíocht agus socheolaíocht agus sa dlí amach, chomh maith le LLB agus LLM in Ollscoil na Gaillimhe.  Rinne sé scrúduithe an dlíodóra i gCumann Dlí na hÉireann ach níor chleacht sé dlí riamh. Tá sé ina chathaoirleach ar an gcomhlacht neamhbhrabúis Tearmann Dúlra Loch Gréine atá ag iarraidh ceantar in oirthear Chontae an Chláir, a luaitear leis an bhfile Brian Merriman, a chaomhnú trí thailte a cheannach d’fhonn an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. Idir 2016 agus 2021, tráth a cuireadh athruithe suntasacha i gcrích, d’fheidhmigh sé mar stiúrthóir agus mar chathaoirleach ar an Taibhdhearc.  Bhunaigh Ó Coileáin an grúpa amharclainne ‘Na Fánaithe’ (1987–1993) i bpáirt le daoine eile a bhí i gCumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe.  Tá gradaim idirnáisiúnta bainte amach aige dá chuid obair scannánaíochta. Chaith sé tréimhsí ina iriseoir agus ag saothrú san amharclann. Thug sé beagnach deich mbliana ina eagarthóir nuachta in RTÉ. 

Dúbhán Ó Longáin

Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh é Dúbhán Ó Longáin. Bhí sé ina chomhalta taighde le CARTLANN agus d’oibrigh sé mar chúntoir taighde le Bunachar Bhéaloideas na Féinne. Tá suim aige i mbéaloideas, i litríocht agus i dtraidisún na lámhscríbhinní. Roimhe seo, theagasc sé Gaeilge nó gné dá cultúr in Ollscoil Luimnigh, Ollscoil Uppsala, Uniwersytet Im. Adama Mickiewicza, agus Ollscoile Teicneolaíochta an Atlantaigh. Dhírigh sé a thaighde PhD ar ról na Fiannaíochta i sochaí na hÉireann.

https://orcid.org/0009-0009-8715-702X

Ornaith Rodgers

Is léachtóir i Roinn na Fraincise in Ollscoil na Gaillimhe í an Dr Ornaith Rodgers. Tá spéis ar leith aici sa Teangeolaíocht Fheidhmeach, sa nasc idir inscne agus teanga, agus san anailís dioscúrsa. Tá suim aici freisin i sealbhú teanga agus in oideolaíochtaí an Ardoideachais.

Hugh Rowland

Is as Co. Mhaigh Eo ó dhúchas do Hugh Rowland. Is Léachtóir é in Aonad na Gaeilge Feidhmí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Ar na hábhair thaighde is spéis leis, tá an idé-eolaíocht teanga, an beartas teanga, an náisiúnachas agus ról na Gaeilge sa saol poiblí, go mór mór san fhichiú haois. Tá sé ina phríomhthaighdeoir ar an tionscadal ‘CARTLANN: Gníomhaíochas, teanga agus na meáin’ a mhaoinigh an tÚdarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas.

Alan Titley

Ollamh emeritus le Nua-Ghaeilge in UCC é Alan Titley agus bhí roimhe sin ina Cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig (NUI/DCU). hOileadh ina bhunmhúinteoir é agus chaith tamall ag múineadh is ag taisteal san Afraic. Tá úrscéalta, gearrscéalta, fabhalscéalta, drámaí, filíocht, scrioptanna teilifíse, aistriúcháin, colúin nuachtáin agus scoláireacht liteartha scríte aige. Chuir cláir raidió agus teilifíse i láthair chomh maith. Suim mhór aige i ngach gné de litríocht na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Ceapann sé go bhfuil Manainnis aige chomh maith. É ina chomheagarthóir ar The History of the Irish Book, imleabhar II (OUP) atá ag teacht le fada, agus ar Dúchan, cnuasach d’fhoclóir a bhailigh an Cadhnach a bheidh le foilsiú go luath ag an RIA. Gealt iomána Chorcaí é, óir is de bhunadh na cathrach sin é, agus is dona leis an lagtrá sealadach i dtéarmaí na staire ina bhfuil an chontae faoi láthair ach ní fada go mbeidh an t-athaoibhneas ann. Bíonn leabhar nua le teacht uaidh go minic.

Feena Tóibín

Is Corcaíoch í an Dr Feena Tóibín atá ag obair mar léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Maitilde Warsop

Is mac léinn fochéime í Maitilde Warsop atá ag tabhairt faoi chéim sa Fhraincis agus i Léann an Aistriúcháin. Is as Conamara i gContae na Gaillimhe di agus tá suim ar leith aici i ngnéithe den chanúint sin.

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino agus i measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013 & 2015); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2017);  Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018); Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021), Oíche Shamhna: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2024) agus Doirse an Teampaill: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2024). Sa bhliain 2018, ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino agus sa bhliain 2020, rinne sí comheagarthóireacht ar eagrán speisialta den iris phiarmheasta, COMHARTaighde.