Ré nua Curaclaim: Peirspictíochtaí ar Mhúineadh na Nua-Theangacha Iasachta sa bhunscoil Lán-Ghaeilge

Réamhrá

Tá córas oideachais na bunscoile in Éirinn ag dul trí thréimhse shuntasach athnuachana agus athchóirithe faoi láthair. Sa tréimhse seo d’athrú agus d’fhorbairt leanúnach san oideachas bunscoile, tá treo nua á leagan amach a dhéanann athmhachnamh ar ábhar agus ar chur chuige an churaclaim chun freastal níos éifeachtaí ar riachtanais chomhaimseartha na ndaltaí. Tá an cur chuige nua dírithe ar fhorbairt iomlánaíoch an linbh agus ar chothromaíocht idir eolas, scileanna agus luachanna. Ina theannta sin, táthar ag iarraidh leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe a chinntiú ar fud an timthrialla bhunscoile. Le blianta beaga anuas, is iomaí athrú a fheictear i gcomhthéacs an churaclaim bhunscoile (Curaclam Teanga na Bunscoile 2025; Creatchuraclam na Bunscoile 2023). Moladh athfhorbairtí sonraíochta i dtaobh na folláine, na healaíona, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM) agus Oideachas Sóisialta, Timpeallachta agus Eolaíochta (OSTE), ach is iad na ranganna sinsearacha amháin (rang a trí go rang a sé) a bheidh ag tabhairt faoi theagasc Nua-Theangacha Iasachta (NTI) amach anseo. Dírithe ar chéim 3 agus 4 an timthrialla oideachais bhunscoile (NCCA, 2023), táthar ag súil go reáchtálfar teagasc na NTI i ndá chuid de réir a chéile .i. Feasacht Teanga (cur chuige iomlánaíoch i leith na dteangacha, cultúir agus tíortha éagsúla) agus Sealbhú Teanga (bunús téarmaíochta, scileanna meiteatheangeolaíocha agus eochairfhocail na sprioctheanga).

Sa chomhthéacs straitéiseach níos leithne seo, ailínítear cur i bhfeidhm na NTI go dlúth leis na spriocanna náisiúnta atá leagtha amach do theangacha i gcóras oideachais na hÉireann. Leagtar amach réimse leathan cuspóirí in Déanann Teangacha Nasc – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn (2017–2026), agus ar cheann de na príomhaidhmeanna atá inti tá ‘cumas na bhfoghlaimeoirí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh a fhorbairt’chomh maith lena gcaighdeáin inniúlachta i dteangacha a ardú’ (DES, 2016–2019: 24).

Stair na Nua-Theangacha Iasachta sa seomra ranga bunscoile

Cé gur cuid den churaclam foirmeálta anois í teagasc agus foghlaim na NTI, ní coincheap nua é. Is filleadh athmhúnlaithe ar chleachtas stairiúil a bhí i láthair cheana féin sa 19ú haois agus má théimid siar go dtí an bhliain 1922, ré nua neamhspleáchais na hÉireann, glaodh ‘continental languages’ ar na NTI a bhí ar fáil mar ábhair bhreise i dteannta chócaireachta, peannaireachta, líníochta agus cuntasaíochta (Walsh, 2016: 31). B’shin an chéad phíosa fianaise de mhúineadh na NTI mar chuid an churaclaim bhunscoile faoin teidil Revised Programme of Instruction 19001922. Ba é an Dr William Henry Starkie, i dteannta choimisinéirí eile an oideachais náisiúnta, a bhunaigh an clár athmhúnlaithe seo, ach ar an drochuair, ní bhfuarthas ionchur na bpáirtithe leasmhara riachtanacha chun féidearthacht agus rathúlachta an chláir a chur chun cinn.

Dr. Starkie neglected to take on board the concerns expressed by inspectors, managers and teachers about the feasibility of implementing such an ambitious programme in the school context of the time and its ambition was to be its greatest weakness in the educational context of the early twentieth century. (Walsh, 2016: 19–33)

Mar sin, léiríonn an amlíne seo gur fágadh bearna de bhreis agus céad bliain sular athbheodh soláthar na NTI sna 1990idí. Ní hé seo le rá nach raibh a leithéid de chleachtas áitiúil, sainiúil ar siúl timpeall na tíre (ag brath ar chomhthéacsanna scoile éagsúla), ach is léir nach raibh rian de chóras náisiúnta i bhfeidhm go dtí gur bunaíodh feachtais agus cláir ghearrthéarmacha na NTI blianta ina dhiaidh. Ó shin i leith, cuireadh roinnt feachtas agus tionscnaimh thábhachtacha ar bun chun forbairt na dteangacha nua-aimseartha a chur chun cinn ag leibhéal na bunscoile. Ina measc sin bhí Soláthar na dTeangacha Nua-Aimseartha ag an Leibhéal Bunscoile (INTO, 1991–1998), An Tionscnamh Teangacha Nua-Aimseartha sna Bunscoileanna (MLPSI) faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) (1998–2012), agus an Straitéis um Oideachas Idirchultúrtha (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2010–2015) (féach Tábla 1 thíos).

Tréimhse

Plean Gnímh/Cláir

Páirtithe Leasmhara

Cur síos gearr

1900–1922

The Revised Programme of Instruction

Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta

An Bord Náisiúnta Oideachais

Clár a chur tús le hábhair nua, phraicticiúla a leag béim ar fhéin-fhionnachtain agus an fhoghlaim trí ghníomhaíocht an pháiste bunscoile

1991–1998

Soláthar na dTeangacha Nua-Aimseartha ag an Leibhéal Bunscoile

Cumann Múinteoirí Éireann

(INTO)

Suirbhé fadaimseartha a tuiriscíodh stádas, dúshláin agus féidearthachtaí theagasc na NTI i mbunscoileanna na hÉireann

1998–2012

An Tionscnamh Teangacha Nua-Aimseartha sna Bunscoileanna (MLPSI)

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA)

Clár píolótach a thug teangacha nua-aimseartha isteach i mbunscoileanna chun feasacht agus spéis i dteangacha a chothú

2010–2015

An Straitéis um Oideachas Idirchultúrtha

An Roinn Oideachais agus Scileanna (DES)

Creat beartais a chuir cuimsitheacht, éagsúlacht agus comhionannas chun cinn i gcóras oideachais na hÉireann

2017–2026

Cuir Fáilte roimh Theangacha – Straitéis na hÉireann do Theangacha Iasachta san Oideachas (Languages Connect)

An Roinn Oideachais agus Óige (DEY)

Straitéis náisiúnta foirmeálta chun teagasc agus foghlaim na NTI a neartú ar fud gach leibhéal oideachais ag tosnú i rang a trí sa bhunscoil

Tábla 1: Amlíne stairiúil na gclár NTI

Ní athrú beartais amháin atá i gceist leis na NTI, ach athrú a théann i bhfeidhm ar chleachtas, ar mheon agus ar chultúr na scoile. Agus comhthéacs sholáthar na NTI leagtha amach sa tábla thuasluaite, is cuí anois dul i ngleic le hanailís chriticiúil ar an litríocht a bhaineann le ról an mhúinteora i réimse na NTI agus leis na hathfhorbairtí curaclaim gaolmhara. Díreofar ar choincheap na féinéifeachtúlachta i measc múinteoirí, ar chleachtais theagaisc na NTI i mbunscoileanna, ar na tacaíochtaí struchtúrtha agus gairmiúla atá riachtanach chun an soláthar a chur i bhfeidhm go héifeachtach, chomh maith le tionchar an tumoideachais agus an ilteangachais i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge.

Féin-Éifeachtúlacht an Mhúinteora

Bíonn tionchar ag féinéifeachtúlacht an mhúinteora ar chleachtas, roghanna oideolaíochta agus rannpháirtíocht na ndaltaí, ach cad é go díreach atá i gceist léi sa chomhthéacs seo? Cruthaíonn timpeallachtaí ar nós na scoile, comhghleacaithe, bhainistíocht agus éiteas na scoile ‘pedagogical habitus’[1] an mhúinteora (Feldman, 2016; Feldman & Fataar, 2017; Hongzhi Yang & Hui-Zhong Shen, 2021; Bourdieu, 2005), rud a bhíonn tionchar suntasach aige ar mheon, féinéifeachtúlacht, cur chuige agus gairmiúlacht an oide. Is cur chuige iomlánaíoch agus ilghnéitheach é an ‘pedagogical habitus’ a chuireann an t-uile-dhuine san áireamh. Bunaithe ar fhrámaíocht Bourdieu (1977) agus an teoiric a thacaíonn an tuairim go mbíonn dlúthbhaint ag comhthéacsanna sóisialta ar ghníomhaíochtaí agus cinnidh an duine aonair, sainmhíníonn Feldman (2016: 71) an coincheap seo – i gcomhthéacs an mhúinteora – mar ‘teachers’ embodied cognitive, dispositional, and corporeal pedagogical practices that, over time, have become grafted on to their primary habitus’, rud a cheanglaíonn go beacht le ‘féinéifeachtúlacht’ agus na himpleachtaí atá aige ar dhul chun cinn, ábaltacht agus féinmhuinín an mhúinteora. Baineann an fhéinéifeachtúlacht le cúpla fachtóir eile, dar ndóigh, ar nós inniúlacht an ghníomhaire (.i. an múinteoir) agus tnútháin an ghníomhaire sin ina bhféidearthachtaí féin (Bandura, 1997). Ní bhaineann sé le cumas amháin an ghníomhaire ach le féinaireachtáil an duine sin. Ceist chomónta a bheadh ag gairmí sa chás seo ná ‘an gcreidimse go bhfuil sé de chumas agam é seo a dhéanamh agus an bhfuil na huirlisí cuí agam chun toradh an taisc seo a chur i gcrích?’ (Pattison, 2014: 335). Mar a luann Tschannen-Moran et al., (1998: 211) ‘Self-efficacy has to do with self-perception of competence rather than actual level of competence’. Ina theannta sin, aithnítear dhá leibhéal féinéifeachtúlachta: ard-fhéin-éifeachtúlacht agus íseal-fhéinéifeachtúlacht (Rubie-Davies, 2012; Wheatley, 2002; Golzar, 2020). I gcás múinteoirí a bhfuil ard-fhéinéifeachtúlacht acu, bíonn claonadh ann dul i mbun cleachtais nuálaíochta agus glacadh le hathrú agus straitéisí nua a thriail; i gcás íseal-fhéinéifeachtúlachta, áfach, bíonn imní i leith athraithe agus cloí le cleachtais thraidisiúnta níos coitianta. Sin ráite, ní feiniméan aonair ná inmheánach amháin í féinéifeachtúlacht an mhúinteora, ach coincheap dinimiciúil atá fréamhaithe i gcomhthéacsanna struchtúrtha, cultúrtha agus eagraíochtúla na scoile. Tugann roinnt scoláirí foláireamh láidir dóibh siúd nach gcuireann féinéifeachtúlacht an mhúinteora san áireamh ó thaobh athfhorbairtí curaclaim de agus an poitéinseal a bheith i mbaol teipe. ‘Some scholars have concluded that reforms that do not address teacher efficacy may be doomed’ (Wheatley, 2002: 5; DeMesquita & Drake, 1994; Sarason, 1990). Sa chomhthéacs sin, is léir go bhfuil dlúthbhaint idir féinéifeachtúlacht an mhúinteora agus cur i bhfeidhm rathúil athfhorbairtí curaclaim, rud a threoraíonn an plé anois i dtreo chleachtas nithiúil mhúineadh na dteangacha iasachta i mbunscoileanna agus na himpleachtaí atá aige sin don mhúinteoir mar ghníomhaire athraithe.  (Ball et al., 2015).

Múineadh na dTeangacha Iasachta i mbunscoileanna

I gcomhthéacs mhúineadh na dteangacha iasachta i mbunscoileanna, is fiú breathnú ar shamplaí idirnáisiúnta a léiríonn na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le hathrú curaclaim sa réimse seo. Cás suntasach amháin is ea Sasana sa bhliain 2014, nuair a rinneadh ábhar éigeantach de na NTI ag leibhéal na bunscoile, bunaithe ar an tuiscint go soláthraíonn foghlaim teangacha ‘liberation from insularity’ (Department of Education, 2013: 1). Rinne Pattison (2013: 334) plé ar na himpleachtaí a bhain leis an athrú seo do mhúinteoirí bunscoile, ag tabhairt le fios go raibh gá lena muinín agus lena bhféinéifeachtúlacht a neartú chun an t-ábhar a sheachadadh go héifeachtach.

Given its imminent implementation, practising primary school teachers may need to be convinced of their ability to deliver this subject with ease and to co-construct an adapted, existing pedagogy to reinforce mastery traits.

Moladh gurbh féidir le comhthógáil oideolaíochta a bhí oiriúnaithe don chomhthéacs scoile tacú le forbairt saineolais agus le glacadh dearfach leis na NTI. Léiríonn an cás seo, dá bhrí sin, go bhfuil múineadh rathúil na dteangacha iasachta ag brath, ní hamháin ar bheartas náisiúnta, ach ar chomhthéacs áitiúil, ar acmhainní cuí agus ar ullmhacht ghairmiúil na múinteoirí féin.

Ina theannta sin, cuirtear an t-ilteangachas chun cinn mar phríomhluach oideachais ar fud na hEorpa de réir beartais ar nós The Council of Europe’s Common European Framework of Reference for Languages: Companion Volume, 2020; The Council Recommendation on a Comprehensive Approach to the Teaching and Learning of Languages, 2019; The Language Policy of the European Schools, 2019; The European Commission’s Action Plan on Integration and Inclusion 2021–2027.  Mar shampla, cuireann an Lucsamburg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Spáinn samplaí saibhre ar fáil den ilteangachas i bhfeidhm, agus féadfar breathnú orthu mar mhúnlaí féideartha do thodhchaí iarrachtaí teangeolaíocha na hÉireann.

Treisíonn Little & Kirwan (2019) na múnlaí féideartha seo trí thaighde ar bhunscoil ilteangach in Éirinn inar forbraíodh cur chuige comhtháite i leith oideachas teanga mar fhreagairt ar éagsúlacht mhéadaithe theangeolaíoch sa phobal scoile. Léiríonn an cás-staidéar sin go bhfuil múineadh rathúil na NTI fréamhaithe i gcomhtháthú comhleanúnach teangacha an churaclaim agus theangacha baile na ndaltaí, i soláthar tacaíochtaí struchtúrtha cuí, agus i rannpháirtíocht ghníomhach mhúinteoirí agus tuismitheoirí araon sa phróiseas foghlama. Leagtar amach cúig phrionsabal lárnacha: tosú ó eolas reatha an dalta; úsáid neamhshrianta na dteangacha baile; béim ar fhorbairt litearthachta i ngach teanga; soiléireacht oideolaíoch, agus meas ar uathriail ghairmiúil an mhúinteora. Léirítear go gcuireann an cur chuige seo le forbairt scileanna meiteatheangeolaíocha, le feasacht teanga agus le dearcthaí dearfacha i leith foghlaim teangacha. Taispeánann torthaí caighdeánaithe agus tuairimí na ndaltaí go dtacaíonn an tsamhail seo le rath acadúil agus le muinín teanga araon. I gcomhthéacs mhúineadh na NTI, cuireann an cás-staidéar seo béim ar thábhacht comhthéacs scoile, ar thacaíocht struchtúrtha agus ar ghníomhachtú acmhainní teangeolaíocha na ndaltaí mar bhunús do chleachtas éifeachtach. Dá bhrí sin, ní féidir múineadh na dteangacha iasachta a scaradh ó chomhthéacs sóisialta agus cultúrtha na scoile ná ó chreideamh agus cumas an mhúinteora féin.

Léirítear leis go bhfuil múineadh na dteangacha iasachta i mbunscoileanna lárnach i bhforbairt chur chuige ilteangach agus idirchultúrtha atá ailínithe le treoirlínte Eorpacha agus náisiúnta araon (Gardiner-Hyland & van den Hoven, 2025). Cuirtear béim ar an ngá atá le múinteoirí a ullmhú ní hamháin le straitéisí teagaisc praiticiúla, ach le tuiscint chriticiúil ar ilteangachas mar ghnáthchoinníoll seomra ranga. Sa chomhthéacs seo, is cuid den ullmhúchán é feasacht ar chéimeanna sealbhaithe teanga, ar úsáid teangacha baile mar acmhainn foghlama, agus ar chur i bhfeidhm cur chuige difreáilte a thacaíonn le rannpháirtíocht ghníomhach gach dalta.

Léiríonn an litríocht go mbraitheann múineadh rathúil na dteangacha iasachta i mbunscoileanna ar i bhfad níos mó ná beartas éigeantach amháin. Is léir go bhfuil muinín agus féinéifeachtúlacht an mhúinteora lárnach chun NTI a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ina theannta sin, léiríonn taighde in Éirinn go bhfuil comhtháthú teangacha an churaclaim agus theangacha baile na ndaltaí ríthábhachtach. Áirítear leis seo tacaíochtaí struchtúrtha, soiléireacht oideolaíoch, agus rannpháirtíocht ghníomhach an phobail scoile. Cuireann cur chuige ilteangach agus idirchultúrtha le forbairt scileanna meiteatheangeolaíocha, feasacht teanga agus dearcthaí dearfacha, agus aithníonn sé an t-ilteangachas mar ghnáthchomhthéacs i seomraí ranga comhaimseartha (Gardiner-Hyland & van den Hoven, 2025; Little & Kirwan, 2019). Ag féachaint ar na torthaí seo, is léir go gcuireann comhthéacs teangeolaíoch agus cultúrtha na scoile go mór le rath nó le dúshlán mhúineadh na NTI, rud a threoraíonn an plé anois i dtreo ról an tumoideachais agus an ilteangachais mar fhachtóirí lárnacha i múnlú eispéireas foghlama teanga sa bhunscoil.

Tumoideachas agus Ilteangachas

Sa chomhthéacs comhaimseartha in Éirinn, áit a bhfuil an tsochaí ag éirí níos ilchultúrtha agus níos ilteangaí (CSO, 2017; 2022), tá ról lárnach ag an tumoideachas i múnlú eispéireas oideachais daltaí ó chúlraí éagsúla teangeolaíocha. Sainmhínítear an tumoideachas in Éirinn mar chur chuige oideachais ina gcuirtear an curaclam ar fáil i nGaeilge, a fhreastalaíonn ar dhá aidhm chomhthreomhara: ardchaighdeán oideachais a sholáthar agus ardleibhéal cumais chumarsáide sa Ghaeilge a chothú (Ó Duibhir, 2018; Dunne, 2025). Sa chomhthéacs seo, leagann Ó Ceallaigh & Ó Laoire (2021) béim ar an bhfíric go mbíonn sealbhú an dara teanga ar ardleibhéal ag daltaí lán-Ghaeilge agus gur féidir leo tógáil ar a scileanna inaistrithe agus ar a bhfeasacht teanga agus iad ag foghlaim teangacha breise.

Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go soiléir gur féidir leis an tumoideachas feidhmiú mar mhúnla cuimsitheach agus éifeachtach chun ilteangachas a chothú, agus go dtugann sé buntáistí suntasacha do dhaltaí ilteangacha, ó thaobh forbairt chognaíoch, theangeolaíoch agus chultúrtha de (Davis, Ballinger & Sarkar, 2019, 2021; Lindholm-Leary & Genesee, 2014; Mady, 2016; Ní Dhiorbháin et al., 2024). Sa staidéar a rinneadh ar thuismitheoirí ilteangacha i scoileanna lán-Ghaeilge, cuireadh béim ar na buntáistí dofheicthe a bhaineann le sealbhú teangacha iasachta, lena n-áirítear forbairt scileanna cognaíocha agus meiteatheangeolaíocha chomh maith le neartú féiniúlachta cultúrtha na ndaltaí (Ní Dhiorbháin et al., 2024). Mheas tuismitheoirí go raibh an Ghaeilge ina cuid luachmhar de stór teangeolaíoch a bpáistí agus ina modh chun caipiteal teangeolaíoch agus cultúrtha a chothú, rud a léiríonn tuiscint ar an teanga mar acmhainn shóisialta agus chultúrtha a chuireann go suntasach le cumas, le féidearthachtaí agus le deiseanna saoil an fhoghlaimeora.

Léirítear go bhfuil dearcadh dearfach ag príomhoidí agus múinteoirí i leith chuimsiú foghlaimeoirí ilteangacha i scoileanna lán-Ghaeilge, cé go bhfuil a líon fós measartha íseal (Ní Dhiorbháin et al., 2025). Aithnítear an tumoideachas sna luathbhlianta mar chomhthéacs cothrom, ós rud é go mbíonn gach dalta ag sealbhú na Gaeilge mar theanga nua ag an bpointe iontrála – taobh amuigh díobh siúd a bhfuil an Ghaeilge mar an chéad theanga (T1) ó bhaile acu. Tacaíonn sé seo le teoiricí Cummins (2015) maidir le hinaistritheacht scileanna teanga agus le forbairt feasachta meiteatheangeolaíche i bhfoghlaimeoirí ilteangacha. Mar sin féin, aithnítear dúshláin shuntasacha, lena n-áirítear easpa treoirlínte beartais atá sainithe go sonrach don tumoideachas, ganntanas acmhainní cuí, agus teorainneacha i measúnú trí mheán na Gaeilge (Ní Dhiorbháin et al., 2025). Chun go bhfeidhmeoidh an tumoideachas mar mhúnla láidir ilteangachais, teastaíonn tacaíochtaí córasacha, infheistíocht leanúnach agus polasaithe comhtháite a chinntíonn rochtain chothrom agus rannpháirtíocht rathúil do gach foghlaimeoir, beag beann ar a chúlra teangeolaíoch. Mar fhocal scoir, léiríonn an fhianaise go bhfuil an tumoideachas in Éirinn ailínithe go dlúth le prionsabail an ilteangachais agus an oideachais chuimsithigh. Trí theangacha baile a aithint mar acmhainní, trí scileanna inaistrithe a chothú, agus trí thacaíocht chuí a chur ar fáil do scoileanna agus do mhúinteoirí, is féidir leis an gcóras tumoideachais freastal go héifeachtach ar riachtanais shochaí ilteangaí comhaimseartha agus cur le forbairt iomlánaíoch gach dalta. Sa chomhthéacs seo, is gá féachaint ar an tumoideachas mar spás criticiúil chun teagasc na NTI a fhorbairt ar bhealach straitéiseach agus cuimsitheach. Má tá sé mar aidhm ag an gcóras tacú le forbairt ilteangachais agus le scileanna inaistrithe daltaí, tá ról lárnach ag múinteoirí mar ghníomhairí athraithe. Dá bhrí sin, tá gá le tuiscint shoiléir ar a meon, ar a muinín agus ar a riachtanais tacaíochta i leith NTI. Trí anailís a dhéanamh ar na gnéithe seo, is féidir beartais, oiliúint agus acmhainní a ailíniú níos fearr leis an bhfís ilteangach atá mar bhonn agus mar thaca ag an tumoideachas.

Modheolaíocht

Is staidéar modhanna measctha é an taighde seo (Creswell & Clarke, 2007) inar bailíodh sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon trí cheistneoir digiteach inar ghlac 265 rannpháirtí páirt san iomlán. Roghnaíodh na modhanna seo de bharr an chumhachta staitistiúil atá ag eolas cainníochtúil agus spléachaidh dhaimhne cáilíochtúla na múinteoirí sa chuid théamach den cheistneoir.

Don pháipéar seo, rinneadh iniúchadh ar cheithre cinn de na sé cheist déag sa cheistneoir chun ceisteanna móra taighde an staidéir a fhreagairt. Is iad siúd:

  1. Conas a mhúnlaíonn meon mhúinteoirí tumoideachais a ndearcaidh i leith chur i bhfeidhm na NTI sa seomra ranga gaelscoile?
  2. Cén gaol atá idir leibhéal muiníne mhúinteoirí agus a dtaithí, a n-inniúlacht agus na deiseanna tacaíochta atá ar fáil dóibh i dteagasc na NTI?
  3. Cad iad na cineálacha tacaíochta gairmiúla is éifeachtaí, dar le múinteoirí gaeloideachais, chun cumas agus cleachtas i dteagasc na NTI a fhorbairt?
  4. Conas is féidir le comhoibriú idir múinteoirí bunscoile agus múinteoirí meánscoile na NTI tacú le cur i bhfeidhm inbhuanaithe agus éifeachtach na NTI i gcomhthéacs an tumoideachais?

Cé gur glacadh le rannpháirtithe ó chomhthéacsanna éagsúla bunscoile, tá an staidéar seo dírithe go sonrach ar mhúinteoirí an tumoideachais bunscoile, is é sin múinteoirí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta. As an sampla iomlán, tháinig 25 múinteoir ó na comhthéacsanna tumoideachais seo, agus is ar a gcuid freagraí siúd a dhíríonn an anailís sa pháipéar seo. Roghnaíodh an cur chuige seo chun mionléargas spriocdhírithe a fháil ar mheon, ar mhuinín agus ar riachtanais tacaíochta mhúinteoirí gaeloideachais i leith theagasc na NTI sa bhunscoil, d’fhonn tuiscint níos cruinne a fhorbairt ar a n-eispéireas gairmiúil. Tugadh an ceistneoir céanna do gach múinteoir (bídís i scoileanna Béarla nó Gaeilge) agus chuige sin, fiosríodh trí phríomhthéama lárnacha:

  1. Meon agus creidimh i leith NTI;
  2. Leibhéal muiníne agus inniúlachta i dteagasc na NTI;
  3. Mianta agus riachtanais tacaíochta don todhchaí sa réimse NTI.

Bhí sé mar aidhm, leis an tsampláil seo, éagsúlacht taithí agus comhthéacsanna gairmiúla a léiriú agus léargas níos leithne a fháil ar staid reatha theagasc NTI i mbunscoileanna. Bailíodh sonraí trí cheistneoir digiteach gearr, a dearadh agus a dáileadh ag úsáid an ardáin Qualtrics (2025). Bhí sé cheist déag san uirlis bhailithe sonraí seo, agus bhíothas ag súil go dtógfadh sí thart ar dheich nóiméid lena comhlánú. Áiríodh ceisteanna scála Likert agus ceisteanna ilroghnacha, mar aon le roinnt ceisteanna oscailte chun freagraí níos doimhne agus tuairimí pearsanta a bhailiú. Bhí deis ag na rannpháirtithe an ceistneoir a chomhlánú i mBéarla nó i nGaeilge, chun cuimsitheacht agus inrochtaineacht a chinntiú. Cuireadh an ceistneoir faoi thriail phíolótach le beirt mhúinteoirí bunscoile sular seoladh go náisiúnta é. Úsáideadh prótacal ‘think-aloud’ (Noushad et al., 2024) le linn na trialach seo chun soiléireacht, íogaireacht teanga agus oiriúnacht chultúrtha na gceisteanna a mheas. Rinneadh leasuithe beaga ar an uirlis bunaithe ar an aiseolas a fuarthas agus scaipeadh an ceistneoir ar na scoileanna. Tar éis cead a fháil ó phríomhoidí bhunscoileanna na tíre, scaipeadh an ceistneoir go náisiúnta trí nasc slán, iontaofa. Cuireadh bileog eolais agus foirm toilithe digiteach ar fáil do rannpháirtithe ag tús an cheistneora, inar míníodh cuspóir an taighde, nádúr deonach na rannpháirtíochta, agus ceart an rannpháirtí tarraingt siar tráth ar bith gan iarmhairt. Cinntíodh anaithnideacht agus rúndacht iomlán do rannpháirtithe, agus stóráladh na sonraí go slán ar chórais dhigiteacha, lena n-áirítear OneDrive institiúideach agus seirbhísí stórála taighde, i gcomhréir le Treoirlínte GDPR. Ceadaíodh agus athbhreathnaíodh an staidéar seo ag an gCoiste Eitice Taighde Sóisialta na hollscoile sular scaipeadh an ceistneoir go náisiúnta.

Maidir leis an anailís, rinneadh anailís na sonraí cainníochtúla a bailíodh trí na ceisteanna scála Likert agus ilroghnacha ag úsáid modhanna staidrimh thuairisciúla chun minicíocht, céatadáin agus patrúin fhoriomlána a aithint (Bryman, 2016) i bhfreagraí na múinteoirí tumoideachais. Rinneadh anailís ar na sonraí cáilíochtúla a fuarthas trí na ceisteanna oscailte trí chur chuige téamach (Braun & Clarke, 2006), ina ndearnadh códú córasach ar na freagraí chun príomhthéamaí agus fo-théamaí a aithint a bhain le meon, muinín agus riachtanais tacaíochta. Rinneadh triantánú ar na torthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla lena chéile chun léargas níos iomláine agus níos doimhne a thabhairt ar eispéireas agus ar dhearcadh mhúinteoirí an tumoideachais bunscoile i leith theagasc na NTI. Tá seasamh léirmhínithe agus athmhacnamhach ag an taighdeoir a aithníonn an ról dúbailteacht atá aici mar chleachtóir agus mar mhac léinn i gcomhthéacs an oideachais ilteangaigh. Tuigtear don taighdeoir tionchar na taithí gairmiúla seo ar an anailís agus ar an léirmhíniú ar shonraí an staidéir.

Torthaí agus plé

Sa chuid seo den pháipéar, cuirfear i láthair torthaí cheithre cheist a bhaineann le meon múinteoirí gaeloideachais i leith fhoghlaim agus teagaisc na dTeangacha Nua-Iasachta (NTI), lena n-áirítear leibhéil muiníne, na tacaíochtaí gairmiúla atá de dhíth, agus an toilteanas comhoibriú le páirtithe leasmhara seachtracha.

Figiúr 1: Meon na múinteoirí i leith fhoghlaim agus theagasc na NTI

As na 25 múinteoir gaeloideachais a ghlac páirt sa staidéar seo, chuir seisear in iúl go raibh foghlaim na NTI an-thábhachtach; dúirt naonúr go raibh siad cuíosach tábhachtach; bhí seisear neodrach, dúirt triúr nach rabhadar tábhachtach, agus léirigh duine amháin nach raibh tábhacht ar bith le foghlaim na NTI. Ón bhfigiúir thuas, is cosúil go raibh 60% de na rannpháirtithe i bhfábhar fhoghlaim agus theagasc na NTI agus 24% a bhí neodrach. Maidir leis an 16% nach raibh i bhfábhar na scéime seo, cuireadh ábhar imní in iúl i dtaca le stádas na Gaeilge agus an Bhéarla agus le riachtanais daltaí i suíomhanna gaeloideachais. Dúirt rannpháirtí amháin;

There is an issue in terms of the Irish language in this country. I feel bringing in a now third language when the foundation of the first two languages is not concrete is irresponsible. We are also an increasingly multicultural country and whilst that holds benefits for a modern language; it places a huge demand on those children who come to our schools mid-way; who do not speak English or Irish as they will now be tasked with learning 3 languages at the same time.

Cuireadh in iúl chomh maith na himpleachtaí ama a bhain le hathrú curaclaim den chineál seo agus an t-ualach oibre méadaithe a chuirtear ar mhúinteoirí bunscoile na linne seo. Luadh an nath ‘Curriculum overload’ go minic agus é fite fuaite i bhfreagraí cúpla rannpháirtí. Anuas air sin, d’admhaigh múinteoirí a bhí ag streachailt le tnútháin an churaclaim reatha go raibh ‘Teachers are struggling to fit everything into the teaching day as is, there’s no time for additional subjects.

Caithfear sracfhéachaint anois ar leibhéal muiníne na múinteoirí agus conas a bhraitheann faoi NTI a reáchtáil iad féin sa seomra ranga bunscoile.

Figiúr 2: Muinín i múineadh na NTI (scála 1-100)

Pléann ceist 6 den cheistneoir leibhéal na muiníne a mhothaíonn múinteoirí gaeloideachais agus iad ag múineadh na NTI. Cuireadh an t-eolas seo ar scála ó 1 go 100, áit a seasann 1 do ‘nílim muiníneach in aon chor’ agus 100 do ‘táim thar bheith muiníneach’. As na 25 múinteoir gaeloideachais a ghlac páirt sa staidéar, thug 17 rannpháirtí freagra ar an gceist seo agus taifeadadh meánleibhéal muiníne de ‘53.6’. Léiríonn an raon freagraí éagsúlacht shuntasach i leibhéil muiníne. Íosmhéid na muiníne a roghnaíodh ná 7 agus uasmhéid na muiníne 100.

Agus an éiginnteacht seo chun tosaigh, is fiú na moltaí a tháinig ó na múinteoirí iad féin chun an t-aistriú curaclaim a éascú a phlé.

Figiúr 3: Na tacaíochtaí is luachmhaire

As na 15 rannpháirtí a d’fhreagair ceist 13, iarradh orthu na cineálacha éagsúla traenála i NTI a rangú de réir a luacha gairmiúla, ó 1 (an cineál is luachmhaire) go 5 (an cineál leis an luach is ísle).

Léirigh na torthaí gur measadh ‘ceardlanna ar an láthair’ mar an cineál traenála is luachmhaire, agus deichniúr a rangaigh na ceardlanna mar an rogha ba thábhachtaí dóibh ó thaobh na forbartha gairmiúla de. Ina theannta sin, roghnaigh ceathrar múinteoirí ‘cóitseáil nó meantóireacht ar scoil’ mar an cineál traenála is luachmhaire dóibh, rud a léiríonn tábhacht na tacaíochta atá suite sa chomhthéacs scoile féin. Rangaigh duine amháin ‘pobal gairmiúil foghlama’ mar an rogha is luachmhaire dóibh, rud a thugann le fios go mb’fhéidir nach mbraitear an cineál seo tacaíochta chomh héifeachtach leis na cineálacha eile traenála i gcomhthéacs na NTI ag leibhéal bunscoile.

Figiúr 4: Toilteanas chomhoibriú le páirtithe leasmhara seachtracha

Ghlac 15 rannpháirtí páirt i gceist 14, inar fiafraíodh an mbeadh suim acu oibriú le múinteoirí meánscoile chun tacú le múineadh na NTI sa tseomra ranga bunscoile.

Léirigh na freagraí leibhéal ard suime sa chineál seo comhoibrithe agus chuir 13 as 15 rannpháirtí (88%) in iúl go mbeadh an-suim nó suim ar leith acu ann. Go sonrach, dúirt cúigear rannpháirtithe go mbeadh an-suim acu sa pháirtnéireacht seo, agus léirigh ochtar suim ar leith inti. Bhí duine amháin neodrach i leith an ábhair seo, agus chuir duine eile in iúl nach mbeadh suim dá laghad aige/aici ann. Tugadh deis do rannpháirtithe freisin a gcuid tuairimí a mhíniú agus i measc na bhfreagraí oscailte luaigh rannpháirtí amháin gurbh iad múinteoirí meánscoile a bhí ‘ina saineolaithe ag déileáil le teangacha iasachta’. Thagair rannpháirtí eile do thairbhe phearsanta a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gcomhoibriú seo, ag rá: ‘I could develop my language proficiency in the MFL and practical strategies for teaching it by doing so.

Luaigh rannpháirtithe eile an taithí agus an saineolas a bheadh ag múinteoirí meánscoile sa réimse seo, go háirithe i gcomhthéacs an teagaisc teangacha do thosaitheoirí, mar a léirítear sna ráitis: ‘They have the experience – they have taught beginner languages to first year secondary school students. Secondary teachers have a lot of experience in teaching MFL.

As na 25 rannpháirtí a ghlac páirt sa cheistneoir, roinn 14 acu a smaointe inar iarradh orthu trí rud a ainmniú a chuirfidís le lámhleabhar an mhúinteora do mhúineadh na dTeangacha Iasachta. Bailíodh na freagraí oscailte ar fad agus cuireadh le chéile iad mar anailís théamach, sula ndearnadh iad a eagrú i rannóga éagsúla de réir na gcatagóirí, na n-aidhmeanna agus na moltaí a shainaithin na rannpháirtithe iad féin.

Catagóir

Aidhm

Moltaí ó rannpháirtithe

Achmhainní Oideolaíochta

Praiticiúlacht trí ábhair teagaisc

‘Good quality resources’, ‘Vocabulary, lesson plans, printables’, ‘Ready-made resources’, ‘Foclóir/frásaí Smaointí do chluichí/gníomhaíochtaí Áiseanna foghlama (m.sh. leideanna)’

Ullmhúchán agus pleanáil ceachtanna

Seicheamh agus tnútháin

‘Easy to follow lesson plans’, ‘Hard copy of handbook and examples of what is expected from children’, ‘Guidelines -Support materials, such as lesson plans’

Gníomhaíochta practiciúla ranga

Modheolaíochta agus straitéisí

rang-bhunaithe

‘Quick language games’, ‘Activities – Ice breakers, warm up activities, closing activities’, ‘Themes, Attractive flashcards Links to Interactive conversations and games’

Ionchur teanga agus munlú teagaisc

Sealbhú teanga agus timpeallacht na sprioctheanga a chaomhnú

‘Físeáin, cluasoiliúint, gramadach’, ‘Exemplars of basic and very basic language acquisition’

Forbairt leanúnach gharimiúl agus tacaíochta

Foghlaim na múinteoirí

‘Shadowing, co-planning and co-teaching with an experienced MFL teacher’

‘Online forums that teachers can use to ask other teachers’ questions’

Feasacht mheiteatheangeolaíochta agus ilteangach

Nascanna teanga a dhéanamh agus an stór teangeolaíoch a fhairsingiú

‘encouraging fun, metalinguistic connections (to Gaeilge especially) resources examples’, ‘cultural awareness materials’

Acmhainní digiteacha & idirghníomhaíochta

Uirlisí digiteacha agus acmhainní ar líne a ghríosadh

‘Links to audio/visual/digital resources’; ‘Interactive conversations and games’; ‘online resources for printable activities’

Affective & Workload Considerations

(ualach oibre)

Ualach mothúchánach/ strios a laghdú

‘MFL teaching should not add additional stress to the teacher’s day. They should not have to spend additional hours preparing for these lessons.’

Tábla 2: Acmhainní riachtanacha do sholáthar na NTI

Cuireann an litríocht béim ar an tumoideachas mar mhúnla cuimsitheach ilteangachais a chothaíonn feasacht teanga, scileanna inaistrithe agus forbairt chognaíoch agus chultúrtha (Ó Duibhir, 2018; Dunne, 2025; Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021; Ní Dhiorbháin et al., 2024). Mar sin féin, léiríonn torthaí an staidéir seo, bunaithe ar fhreagraí 25 múinteoir gaeloideachais, go bhfuil an tacaíocht don NTI dearfach ach coinníollach, agus go mbraitheann sí go mór ar an indéantacht phraiticiúil sa chomhthéacs scoile.

Cé go bhfuil 60% de na múinteoirí i bhfábhar na NTI, léiríonn an mheánmhuinín de 53.6 as 100 agus an raon mór scór (7 go 100) nach bhfuil go leor múinteoirí muiníneach ná compordach fós chun na NTI a theagasc go héifeachtach. Tugann sé seo le fios go bhfuil teannas idir an toilteanas polasaí a chur i bhfeidhm agus an fhéinmhuinín ghairmiúil atá riachtanach chun é a chur i gcrích. Tagann na torthaí seo leis an litríocht a chuireann béim ar fhéinéifeachtúlacht an mhúinteora mar fhachtóir dinimiciúil atá fréamhaithe i gcomhthéacs na scoile agus a mbíonn tionchar díreach aige ar ghlacadh leis an nuálaíocht (Tschannen-Moran et al., 1998). Cuireann na sonraí cáilíochtúla leis an léargas seo trí aird a tharraingt ar imní faoin ualach oibre agus ar na himpleachtaí féideartha do stádas agus do thosaíochtaí teanga i suíomhanna gaeloideachais. Léiríonn sé seo nach leor dea-thoil ná dearcthaí dearfacha amháin chun athrú inbhuanaithe a chinntiú. Ag an am céanna, áfach, léirítear bealaí soiléire chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Measadh ceardlanna ar an láthair agus cóitseáil nó meantóireacht ar scoil mar na tacaíochtaí is luachmhaire, agus léirigh 88% toilteanas comhoibriú le múinteoirí meánscoile mar fhoinse saineolais. Ina theannta sin, shainaithin múinteoirí riachtanais phraiticiúla amhail acmhainní réamhdhéanta, pleananna ceachta soiléire, ionchur teanga, uirlisí digiteacha agus bearta a laghdódh strus agus ualach ullmhúcháin. Tugann sé seo le fios go dteastaíonn cur chuige struchtúrtha a thacaíonn le muinín agus le hinniúlacht, seachas cur chuige a chuireann tuilleadh brú ar chleachtas laethúil an mhúinteora.

Srianta an staidéir

D’fhéadfaí a argóint gur sampláil bheag a léirítear sa staidéar seo agus 25 múinteoirí tumoideachais – as 265 rannpháirtithe náisiúnta – a ghlac párt sa cheistneoir. Sin ráite, is léiriú 9.43% iad na múinteoirí seo, rud a alíníonn le ceatadán realaíoch na ngaelscoileanna atá ann go náisiúnta sa tír ‘92% of primary schools provide education through English. The remaining 8% provide education through Irish. This figure includes gaelscoileanna located outside the Gaeltacht and schools which provide education through Irish located in the Gaeltacht’ (DEY, 2025: alt a 1). Cé nach méid shuntasach í uimhir na rannpháirtithe, tugann sé mionléargas dúinn ar mheon, riachtanais agus tacaíochtaí na múinteoirí tumoideachais i gcomhthéacs theagasc na NTI.

Conclúid

Bunaithe ar thorthaí an taighde seo, is léir go mbeidh rath ar chur i bhfeidhm NTI sa tumoideachas bunscoile ag brath ar ailíniú soiléir agus córasach idir fís bheartais agus réaltachtaí an tseomra ranga. Ar an gcéad dul síos, moltar go ndéanfaí pleanáil chéimnithe ar chur i bhfeidhm na NTI i scoileanna lán-Ghaeilge, le solúbthacht a ligeann do scoileanna dul i ngleic leis an athrú de réir a gcomhthéacs féin. Ba cheart go n-aithneofaí go sainráite an tumoideachas mar chomhthéacs ar leith laistigh de threoirlínte náisiúnta, agus go gcuirfí soiléireacht ar fáil maidir le cothromaíocht idir tosaíochtaí teanga na scoile agus ionchais an churaclaim nua.

Ar an dara dul síos, tá infheistíocht leanúnach sa fhorbairt ghairmiúil ríthábhachtach. Ba cheart go mbeadh an obair seo bunaithe ar fhianaise agus múnlaithe ag creatlaigh shoiléire atá dírithe ar theagasc agus ar fhoghlaim na NTI, mar shampla, féach múnla Collins, 2026 (féach Aguisín 1). Ní mór don oiliúint a bheith dírithe, ní hamháin ar fheabhsú scileanna teanga na múinteoirí, ach ar fhorbairt modheolaíochta teagaisc atá ailínithe le prionsabail an ilteangachais, an tumoideachais agus leis na sonraíochtaí curaclaim atá ábhartha don NTI. Léirigh na torthaí gur mheas múinteoirí gur tacaíochtaí a chuirtear ar fáil laistigh den scoil féin – amhail ceardlanna ar an láthair, cóitseáil agus meantóireacht – na bealaí is éifeachtaí chun a muinín agus a n-inniúlacht a neartú. Dá bhrí sin, moltar samhail forbartha gairmiúla leanúnaí, atá comhtháite agus comhthéacs-bhunaithe. Trí chur chuige struchtúrtha, taighdebhunaithe a ghlacadh, is féidir muinín, inniúlacht agus comhsheasmhacht sa chleachtas ranga a neartú. Ar an tríú dul síos, is gá tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil a laghdaíonn ualach oibre agus a chuireann le hinmharthanacht an chur i bhfeidhm. Áirítear leis seo acmhainní réamhdhéanta ar ardchaighdeán, pleananna ceachta soiléire, samplaí d’ionchur teanga agus uirlisí digiteacha idirghníomhacha. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní seo ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ailínithe le sainriachtanais NTI sa tumoideachas lán-Ghaeilge. Ar deireadh, moltar comhoibriú struchtúrtha le saineolaithe seachtracha, go háirithe múinteoirí meánscoile, mar mheicníocht chun saineolas agus tacaíocht leanúnach a chinntiú. Trí chomhpháirtíochtaí foirmiúla a bhunú idir bunscoileanna agus meánscoileanna, is féidir leanúnachas teanga, forbairt ghairmiúil agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn do theagasc, do fhoghlaim agus do mheasúnú NTI sa chomhthéacs tumoideachais lán-Ghaeilge.

I dteannta a chéile, léiríonn na moltaí seo go bhfuil gá le cur chuige córasach, comhtháite agus tacúil chun fís an NTI a aistriú ó bheartas go cleachtas inmharthana sa tumoideachas bunscoile. Le fís shoiléir, le tacaíochtaí cuí agus le tiomantas comhpháirteach, is féidir an NTI a lonnú go muiníneach sa tumoideachas mar dheis shaibhir a chothóidh ilteangachas agus a chuirfidh le fairsinge agus doimhneacht fhoghlaim gach linbh.

 

[1]Pedgagogical habitus: Pedagogical habitus refers to teachers’ deeply engrained and embodied dispositions, attitudes and behaviours ‘which inform the manner in which they enact their teaching practices’. (Feldman, 2016: 67)

Tagairtí

Ball, S.J., Maguire, M., Braun, A. & Hoskins, K. (2011) ‘Policy subjects and policy actors in schools: some necessary but insufficient analyses.’ Discourse: Studies in the Cultural Politics of Education. 32:4. 611–24. https://doi.org/10.1080/01596306.2011.601564       

Bandura, A. (1997) Self-efficacy: The exercise of control. Freeman.

Bourdieu, P. (2005) ‘Habitus.’ Hillier J. & Rooksby E. (Eds.), Habitus: A sense of place. Farnham, UK: Ashgate. 43–9.

Braun V. & Clarke V. (2006) Using thematic analysis in psychology. Qual Res Psych. 3(2). 77–101. https://doi.org/10.1191/1478088706qp063oa

Bryman, A. (2016) Social research methods. Fifth edn. New York; Oxford: Oxford University Press.

Collins, J. (2026) ‘Advancing Teacher Knowledge to Foster Plurilingual Competence in the Irish Primary School Classroom: A Systematic Review.’ Irish Journal of Education. (in press)

Collins, J.Neville, C. & Ó Ceallaigh, T.J.(2025) ‘Say yes to Languages? Irish Primary Teachers’ Beliefs on Modern Foreign Language Integration.’ Irish Teachers' Journal (INTO). 13, 2009–6860. 41–64 https://www.into.ie/app/uploads/2019/07/25Nov_ITJ2025_web.pdf

Council of Europe (2007a) From linguistic diversity to plurilingual education: guide for the development of language education policies in Europe. Executive Version: https://rm.coe.int/16806a892c  

Commission of European Communities (2008b). Directive of the European parliament and of thecouncil: https://www.europarl.europa.eu/registre/docs_autres_institutions/commission_europeenne/com/2008/0637/COM_COM%282008%290637_EN.pdf 

Council of Europe (2020c). Common European Framework of Reference for Languages: Learning, Teaching, Assessment – Companion Volume. Council of Europe Publishing. 

Creswell, J. W., & Plano Clark, V.L. (2007) Designing and conducting mixed methods research. Thousand Oaks, CA: Sage.

Cummins J. (2015) ‘Intercultural education and academic achievement: A framework for school-based policies in multilingual schools.’ Inter Educ. 26(6). 455–68. https://doi.org/10.1080/14675986.2015.1103539

Central Statistics Office (CSO) (2017) Summary Results. Part 1. Dublin: Stationery Office.

Central Statistics Office (CSO) (2022) Education and the Irish language. https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-cpsr/censusofpopulation2022-summaryresults/educationandirishlanguage/  

Davis, S., S. Ballinger & M. Sarkar. (2019) ‘The Suitability of French Immersion for Allophone Students in Saskatchewan: Exploring Diverse Perspectives on Language Learning and Inclusion.’ Canadian Journal of Applied Linguistics 22 (2). 27–63.

Davis, S., S. Ballinger, & M. Sarkar. (2021) ‘More Languages Means More Lights in Your House: Illuminating the Experiences of Newcomer Families in French Immersion.’ Journal of Immersion and Content-Based Language Education. 9 (2). 336–63. https://doi.org/10.1075/jicb.20015.dav

Department for Education (UK). (2013) Statutory guidance: National curriculum in England: languages programmes of study. (https://www.gov.uk/government/publications/national-curriculum-in-england-languages-progammes-of-study/national-curriculum-in-england-languages-progammes-of-study)

Department of Education. (2023) Statement of Strategy 2023–2025. https://assets.gov.ie/static/documents/department-of-education-statement-of-strategy-2023-2025.pdf

Department of Education & Skills. (2010) Intercultural Education Strategy 2010–2015. https://assets.gov.ie/static/documents/intercultural-education-strategy-2010-2015.pdf  

Department of Education & Skills. (2017) Languages Connect: Ireland’s Strategy for Foreign Languages in Education 2017–2026. Dublin: DES.

Department of Education & Skills. (2019) Action Plan for Education 2019. https://assets.gov.ie/static/documents/action-plan-for-education-2019.pdf

Feldman, J. (2016a) Eliciting pedagogical learning among teachers in a professional learning community Doctoral dissertation. Stellenbosch University, South Africa. http://scholar.sun.ac.za/bitstream/handle/10019.1/98391/feldman_eliciting_2016.pdf?...2

Feldman, J. (2016b) ‘Pedagogical Habitus Engagement: Teacher Learning and Adaptation in a Professional Learning Community.’ Educational Research for Social Change. 5(2). 65–80.

Feldman, J. &  Fataar, A. (2017) ‘Embodying pedagogical habitus change: A narrative-based account of a teacher's pedagogical change within a professional learning community.’ Journal of Education. 73–88.

DeMesquita, P.B., & Drake, J.C. (1994) ‘Educational reform and the self-efficacy beliefs of teachers implementing nongraded primary school programs.’ Teaching and Teacher Education. 10(3). 291–302.

Gardiner-Hyland, F. & Van den Hoven, M. (2025) ‘Preparing for Multilingual Classrooms in Ireland: What Do Student Teachers Need to Know?’ Education sciences. Vol. 15, no. 8. 1074.

Golzar, J. (2020). ‘Teacher identity formation through classroom practices in the post-method era: A systematic review.’ Cogent Education. 7(1).

Hongzhi Yang & Hui-Zhong Shen (2021) ‘Community languages school teachers’ pedagogical habitus in transition: an Australian perspective.’ International Multilingual Research Journal. 15:4. 346–62.

Irish National Teachers’ Organisation (1991) Foreign Language Teaching in Primary Schools: Issues and Research. Dublin.

Lindholm-Leary, K., & Genesee, F. (2014) ‘Student Outcomes in One-way, Two-way, and Indigenous Language Immersion Education.’ Journal of Immersion and Content-Based Language Education 2 (2). 165–80.

Little, D. & Kirwan, D. (2019) Engaging with Linguistic Diversity: A Study of Educational Inclusion in an Irish Primary School. 1st edn. London: Bloomsbury Publishing Plc.

Mady, C. (2016) ‘French Immersion for English Language Learners? Kindergarten Teachers.’ Perspectives’. Alberta Journal of Educational Research 62 (3). 253–67.

National Council for Curriculum and Assessment (NCCA). (2008) Modern Languages in the Primary School Curriculum Feasibility and futures. https://ncca.ie/media/1876/mod_langs_in_psc_feasibility_and_futures_2008.pdf

National Council for Curriculum and Assessment (NCCA). (2019) Primary Language Curriculum. Dublin: NCCA.

National Council for Curriculum and Assessment (NCCA). (2023) Primary Curriculum Framework. Dublin: NCCA.

Ní Dhiorbháin, A. (2020) ‘Múineadh ábhar tríd an tríú teanga i mbunscoileanna Lán-Ghaeilge: Teaching a subject through a third language in Irish-medium primary schools.’ Teanga. Vol. 27.

Nic Aindriú, S., Connaughton-Crean, L. & Ó Duibhir, P. (2024) ‘It’s more the invisible benefits – multilingual parents’ experiences of immersion education and their reasons for choosing immersion.’ Language and Sducation. Vol. 38, no. 5. 746–65. https://doi.org/10.1080/09500782.2023.2238680

Ní Dhiorbháin, A., Aindriú, S.N., Connaughton-Crean, L. & Ó Duibhir, P. (2025) ‘Minority language immersion education for multilingual learners: perspectives and inclusive practices of principals and teachers.’ International journal of inclusive education. 1–20.

Noushad, B. et al. (2024) ‘Twelve tips for applying the think-aloud method to capture cognitive processes.’ Medical Teacher. 46(7). 892–7.

Pattison, E.M. (2013) ‘“It’s important to put yourself in any lesson that you teach”: self-efficacy in action in the primary modern foreign languages classroom.’ The Language Learning Journal. 42(3). 334–45. https://doi.org/10.1080/09571736.2013.841278   

Rubie-Davies, C.M., Flint, A. & McDonald, L.G. (2012) ‘Teacher beliefs, teacher characteristics, and school contextual factors: What are the relationships?’ British Journal of Educational Psychology. 82. 270–88.

Sarason, S.B. (1990) The predictable failure of educational reform. San Francisco: Jossey-Bass.

Tschannen -Moran, M., Woolfolk Hoy, A., Hoy, W.K. (1998) ‘Teacher Efficacy: Its Meaning and Measure.’ Review of Educational Research. Summer, Vol. 68, No. 2. 202–48.

Walsh, T. (2016). ‘The National System of Education, 1831–2000.’ Walsh, B. (ed.) Essays in the History of Irish Education. London: Palgrave Macmillan. https://doi.org/10.1057/978-1-137-51482-0_2

Walsh, T. (2007) ‘The Revised Programme of Instruction, 1900–1922.’ Irish Educational Studies 26(2). 127–43. https://doi.org/10.1080/03323310701295831  

Wheatley, K.F. et al. (2002) ‘The potential benefits of teacher efficacy doubts for educational reform.’ Teaching and teacher education. 18(1). 5–22.

Qualtrics XM Platform. (2025) https://www.qualtrics.com

Agusín

Aguisín 1

An Fhrámaíocht MEGA TEACHER (Collins, 2026) Múnla 9 eochair-riachtanais do mhúinteoirí bunscoile chun NTI a theagasc