Is mór an onóir agus is mór an chúis áthais agus bhróid dúinne, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2023, fearadh na fáilte a chur romhat chuig an aonú heagrán déag de An Reiviú, an iris acadúil a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na...
Eagrán 2023
Réamhrá
Seo é an t-aonú heagrán déag de An Reiviú, iris ó na mic léinn atá ag dul don MA (Léann Teanga). Údar ríméid a leithéid d’fhoilseachán a bheith ar fáil, é a bheith piarmheasúnaithe agus ábhar ar fáil ann ó raon disciplíní a thagann faoi chlóca an léinn teanga. Is breá...
An den Grenzen der Sprachwelten: An Duanaire VERSschmuggel VÉARSaistear (2006), Paraitéacsanna, agus Eiseamláir don Fhoilsitheoireacht Dhátheangach?
Réamhrá ‘Cé is fearr a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt chun castachtaí an dáin a aistriú go teanga eile ná an file féin?’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7). Seo an smaoineamh a thionscain ‘an mórthurgnamh aistriúcháin’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: blurba), a...
Beirt fhílí a Scríobh Dánta Caointe dá Máthair
Ina shaothar ceannródaíoch, The English Elegy: Studies in the Genre from Spencer to Yeats (1985), maíonn Peter Sacks, ‘the traditional forms and figures of elegy relate to the experience of loss and the search for consolation.’ Is géire, áfach, an dúshlán eiseach ar...
Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin
Soláthraíonn an taighdeoir, san alt seo, tuairisc ar thionscadal taighde a rinneadh sa bhliain acadúil 2022–2023, idir Deireadh Fómhair 2022 agus Nollaig 2022, chomh maith le torthaí an tionscadail chéanna. Rinneadh taighde ar úsáid na ceardlainne mar mhodh teagaisc...
Cuntas ar ghnéithe de stair agus de ról na próslitríochta a aistríodh go Gaeilge, agus go Béarla ón Ghaeilge, idir ré na Sean-Ghaeilge agus an 21ú haois
Glactar leis go mbaineann an tréimhse i stair na Gaeilge, a dtugtar ré na Sean-Ghaeilge uirthi, leis an achar ama ó 700 AD go 900 AD. Ar an ábhar sin, tá níos mó ná míle trí chéad bliain i gceist leis an ré a ndéantar machnamh uirthi i dtaca le stair agus ról na...
Aoibhneas
Am suipéir bhí ann, an tráth sin den tráthnóna nuair atá dorchadas ag titim, díreach sula dtugtar isteach na lampaí. Bhreathnaigh an teach mór amach ar na maidhmeanna agus cheapfá gur i gceannas ar an bhfarriage a bhí sé. Bhí an ghrian théis dul fúithi agus d’fhág sí...
Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar Ghníomh de chuid Bheartas Teanga Chumann Lúthchleas Gael (CLG)
Réamhrá Dírítear san alt seo ar thionscnamh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD), tionscnamh atá á chur i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) i gcomhpháirtíocht le Glór na nGael chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG. Is eagraíocht náisiúnta é...
Eispéireas an ábhair oide ar B.Oid trí Mheán na Gaeilge maidir le FCÁT a chur i bhfeidhm sna hAmharcealaíona ar Shocrúchán scoile
Réamhrá Tá bláth agus rath tagtha ar earnáil an tumoideachais in Éirinn agus an chuma ar an scéal go bhfuil éileamh seasta ar an nGaelscolaíocht go fóill (Ó Duibhir, 2018) agus tá dalta amháin as dáréag ag fáil a chuid oideachais i nGaeilge i bPoblacht na hÉireann de...
Curach Thoraí: Stair, Stíl, Feidhm agus Forbairt
Curach ar an Cheann Thoir, Toraigh Is iomaí ceird a forbraíodh as riachtanas; múineann gá seift. San am a caitheadh b’éigean do na daoine cibé rud a bhí de dhíth orthu a dhéanamh, a thógáil nó a fhás, agus d’fhorbair siad bealaí le bheith beo ina dtimpeallacht,...
Cé leis an dán aistrithe?
Réamhrá Níos minice ná a mhalairt is leaganacha dátheangacha d’fhilíocht na Gaeilge a fhaighimid nuair a fhoilsítear cnuasaigh filíochta nó dánta aonair sa lá atá inniu ann. Rinneadh roinnt mhaith plé ar cheist seo an aistriúcháin ar an bhfilíocht Ghaeilge le blianta...
Iniúchadh ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge i mBunscoileanna Gaeltachta i gCatagóir A
Coimriú San alt seo, déanfar cur síos ar thaighde ar tugadh faoi i dtrí bhunscoil Ghaeltachta i gCatagóir A chun léargas a fháil ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal éifeachtach a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais[1] Gaeilge ó cuireadh an Polasaí...
Ag Foghlaim na Gaeilge agus ag Foghlaim trí mheán na Gaeilge sa Suíomh lán-Ghaeilge: Peirspictíochtaí na nDaltaí
Réamhrá Is toradh é an t-alt seo ar staidéar a dhírigh ar shealbhú na Gaeilge sa tsuíomh lán-Ghaeilge agus na foinsí tacaíochta a bhí ann do pháistí mar chuid den phróiseas sealbhaithe. Dhírigh an taighde seo go príomha ar ról na gcúntóirí ranga sa suíomh...
An Óige agus an Athbheochan
Is leabhar faisnéiseach oideachasúil é An Óige agus an Athbheochan a scríobh an Dr Ríona Nic Congáil. Is monagraf atá sa leabhar seo ‘a dhíríonn ar an gcaidreamh idir stair na hóige agus an Ghaeilge’ (xxii) agus le linn ‘thréimhse na hAthbheochana in Éirinn, ó na...
Léirmheas ar POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin
Is socheolaí é Pádraig Breandán Ó Laighin agus ba léachtóir le socheolaíocht in Ollscoil McGill, agus Ollamh le socheolaíocht i gColáiste Vanier é. Bhí ról lárnach aige sna feachtais chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an...
Léirmheas ar Mé Suibhne
Scríbhneoir, scoláire agus aistritheoir ab ea Feargal Ó Béarra, a tógadh sa Spidéal agus a chaith tréimhsí i mbun taighde agus teagaisc san Iorua, sa Ghearmáin, i gCeanada agus i Meiriceá. Duine cruthaitheach, cumasach, ildánach ab ea é, agus is seoid í an leabhar seo...
Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan
Réamhfhocal Dhá dhráma – dráma Gaeilge agus dráma Béarla – i dtrí ghníomh is ea Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Is leaganacha athchóirithe cruthaitheacha iad na drámaí de sheanscéal miotaseolaíochta faoi bhandia an talaimh – Eachtra Airt Meic...
Feargal Ó Béarra: scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa ar lár
D'imigh Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne ar an 21ú Nollaig 2022, agus is cailliúint ollmhór a bhás dá mhuintir, dá chairde agus do shaol na Gaeilge. Rugadh Feargal i mí na Bealtaine 1970. De bhunadh Mhuigh Eo a athair, Ted Berry (nach maireann), agus a mháthair,...