Topaic: CARTLANN

Is comhthionscadal é CARTLANN idir Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Uladh atá á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas. Ag tarraingt ar thaifid chartlainne fhairsinge ar an dá thaobh den teorainn, díríonn CARTLANN ar ról lárnach na meán in obair Chonradh na Gaeilge, mar ardán chun eolas a scaipeadh agus mar cheist feachtasaíochta agus agóidíochta. Is é príomhfhoinse an tionscadail bailiúchán cartlainne Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ina bhfuil breis agus 600 bosca taifead agus atá ar an gcartlann Ghaeilge is mó a tháinig i seilbh na hollscoile riamh. Mar chuid den tionscadal, reáchtáladh comhdháil  ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. Cuirtear cuid de thorthaí taighde an tionscadail i láthair sa bhailiúchán aistí seo thíos.

Tionchairí agus an Ghaeilge ar an bhFearann Fíorúil

(Cuireadh le leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde ThThuaidh-ThTheas, a mhaoinigh CARTLANN.) Tá Gaeilgeoirí...

Conradh na Gaeilge agus Inniu

(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024.  Tá an tionscadal CARTLANN á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas.) Cúlra:...