Eagrán 2024

Eagarfhocal

Is geal linn fáilte a chur romhaibh chuig an dara heagrán déag de An Reiviú. Is iris acadúil í a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach aon bhliain. Tá lúcháir orainn go mbeidh Réamonn Ó Ciaráin,...

Cás na teanga i gContae an Longfoirt

Réamhrá Baineann an t-alt seo le stádas na Gaeilge i gContae an Longfoirt de réir Dhaonáireamh 1911 sna ceantair seo a leanas: Sonnach, Béal Átha na Lao, An Ráth Mór, Mainistir Leathrátha agus Bun Lathaí. Tá na ceantair i mBarúntacht an Ghránaird. Luaitear tuaisceart...

Conradh na Gaeilge agus Inniu

(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024.  Tá an tionscadal CARTLANN á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas.) Cúlra:...

Ó phinn na mbaniriseoirí in Déirdre: Iris na mBan[1]

Réamhrá Tá an t-alt seo fréamhaithe i dtaighde dochtúireachta ar iriseoireacht na Gaeilge agus ar mhná na hÉireann sa tréimhse iar-athbheochana Gaeilge, idir bunú Shaorstát Éireann, 1922 agus tús chraoladh Raidió Éireann, 1962. Sa togra leathan, leagtar béim san obair...

Faoi Smionagar an tSaoil

Mise atá ann! An gcloiseann sibh mé? Abhus anseo sa dubh.   Glaoim ach ní chloistear. An guth maolaithe, Ag toll-bhuillí na dróntoirní, Ag cartadh is ag tochailt, Ag scairteach is ag screadach.   Glaoim arís ach ní chloistear. An guth maolaithe, Ag tost is...

An Stócach Nach Raibh Eagla Ar Bith Air

Bhí athair ann tráth a raibh beirt mhac aige. Boc cliste, éirimiúil ba ea an mac ba shine agus bhí guaim aige air féin. Ach amadán dallintinneach a bhí sa mhac ab óige agus cha raibh sé in ann aon rud a fhoghlaim ná a thuiscint. Bhí sé chomh bómánta sin gur ghnách le...

Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin

 ‘Ní raibh de dhíth uirthi ach giota peataireachta’, a dúirt Eibhlín, an mháthair altrama, sa scannán An Cailín Ciúin agus í ag labhairt ar Cháit a bhí ag stopadh aici agus ag a fear Seán ar feadh míosa. Is iad Carrie Crowley agus Andrew Bennet a ghlac ról na...