Is iniúchadh atá sa leabhar An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh ar stádas na Gaeilge in Éirinn de réir an dlí. Déantar cur síos ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí a bhaineann leis an nGaeilge go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. D’fhoilsigh Leabhar Breac...
Topaic: Léirmheasanna
Léirmheas ar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith
Is cnuasach aistí atá sa leabhar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, a chuir Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne in eagar agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, agus léiríonn an leabhar stair Údarás na Gaeltachta óna bhunú sa bhliain...
Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill & Jane Shimizu
Is bailiúchán drámaí é an leabhar Drámaí Bunscoile le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill agus Jane Shimizu a bheadh an-oiriúnach do ranganna Naíonán go Rang a Dó i mbunscoileanna agus i nGaelscoileanna. Tá deich ndrámaí bunscoile nuascríofa sa leabhar. Roinntear...
Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain 2020 in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh & Pádraig de Paor
Tá an cur síos a dhéantar ar shaothar an Chadhnaigh sa leabhar seo bunaithe ar pháipéir a léadh ag comhdháil a d’eagraigh Roinn Gaeilge Choláiste na Tríonóide, ar an 20 Samhain 2020. Deich gcinn d’ailt atá sa leabhar leis na húdair seo leanas: Cathal Ó Háinle, Máirín...
Ekphrasis Spioradálta don Aos Óg: Alt Léirmheasa ar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock
Réamhrá Is teach foilsitheoireachta é Foilseacháin Ábhair Spioradálta a bunaíodh sa bhliain 1956 ‘faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí’ (2025) agus is cinnte go dtagann...
Léirmheas ar an scannán An Cailín Ciúin
‘Ní raibh de dhíth uirthi ach giota peataireachta’, a dúirt Eibhlín, an mháthair altrama, sa scannán An Cailín Ciúin agus í ag labhairt ar Cháit a bhí ag stopadh aici agus ag a fear Seán ar feadh míosa. Is iad Carrie Crowley agus Andrew Bennet a ghlac ról na...
Léirmheas ar Stórchiste: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams agus ar Teasáras Gaeilge‒Béarla le Garry Bannister.
Is annamh is iontach a deirtear. Nárbh iontach é, sa chás sin, nuair a d’fhoilsigh Evertype STÓRCHISTE: Teasáras Aibítreach na Gaeilge le Nicholas Williams ag tús na bliana seo caite. Is coincheap é féin an teasáras, nach raibh i dtraidisiún na Gaeilge go dtí...
One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022
Tugann John Walsh faoi anailís ar pholasaí rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge ó bunaíodh an Stát in 1922 sa leabhar seo. Ón tús, léirítear gur ábhar casta é seo toisc go bhfuil polasaí teanga in Éirinn lán de ghnéithe a thagann salach ar a chéile le céad bliain...
Athinsint Ealaíonta ar Oidhe Dheirdre agus ar Ansmacht Chonchúir
Réamhrá Tá scéal brónach tragóideach Dheirdre agus Chlann Uisnigh i measc oidheanna Rúraíochta móra na Gaeilge. Is scéal clasaiceach é atá á léamh agus á athinsint le níos mó ná míle bliain. I liosta foinsí, luann an Corpus of Electronic Texts (CELT)...
Léirmheas ar POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin
Is socheolaí é Pádraig Breandán Ó Laighin agus ba léachtóir le socheolaíocht in Ollscoil McGill, agus Ollamh le socheolaíocht i gColáiste Vanier é. Bhí ról lárnach aige sna feachtais chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an...
Léirmheas ar Mé Suibhne
Scríbhneoir, scoláire agus aistritheoir ab ea Feargal Ó Béarra, a tógadh sa Spidéal agus a chaith tréimhsí i mbun taighde agus teagaisc san Iorua, sa Ghearmáin, i gCeanada agus i Meiriceá. Duine cruthaitheach, cumasach, ildánach ab ea é, agus is seoid í an leabhar seo...
Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan
Réamhfhocal Dhá dhráma – dráma Gaeilge agus dráma Béarla – i dtrí ghníomh is ea Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Is leaganacha athchóirithe cruthaitheacha iad na drámaí de sheanscéal miotaseolaíochta faoi bhandia an talaimh – Eachtra Airt Meic...
Léirmheas ar Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)
Chuir an tOllamh Breandán Ó Buachalla tús le hócáid bhliantúil in 1980 chun ómós a thabhairt do Mháirtín Ó Cadhain – mórscríbhneoir, oideoir, aistritheoir, gníomhaí polaitíochta agus cainteoir spreagúil a bhfuil a rian ar shaol na litríochta Gaeilge fós. Le daichead...
Léirmheas ar Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson
Is cur síos atá sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson ar na daoine, ar na heachtraí agus ar na scéalta a casadh ar an údar i dtíortha na hEorpa le dhá scór bliain anuas, is é sin idir 1980 agus 2020. Tugann sé blas tuisceanach cumasach don...
Léirmheas ar New Speakers of Irish in the Global Context. New Revival?
Cíorann an leabhar seo ceisteanna tábhachtacha, suimiúla maidir le nua-chainteoirí na Gaeilge .i. iad siúd nach cainteoirí dúchais iad ach a bhfuil (léibhéal áirithe) Gaeilge acu. Clúdaíonn an téarma seo go leor cainteoirí Gaeilge, iad siúd a bhfuil Gaeilge bhreá...
Léirmheas ar An Scéim
Is leabhar faisnéiseach é An Scéim a chuir Máirtín Coilféir in eagar. Is cnuasach aistí é faoin nGúm, ó bunaíodh an comhlacht go dtí 2016. Seoladh comhdháil lae chun comóradh a dhéanamh ar 90 bliain ó bunaíodh an Gúm sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ba...
Léirmheas ar Tom a’ tSeoighe – Amhráin
Leathchéad amhrán leis an gcumadóir aitheanta amhrán Gaeilge as Leitir Móir i gConamara Tom a’ tSeoighe atá sa leabhar Tom a' tSeoighe – Amhráin. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an leabhar agus tá eagarthóireacht shlachtmhar néata déanta ag Síle Denvir agus ag Ciarán...
Comóradh Liteartha Ilghnéitheach ar Chathair na Gaillimhe: Léirmheas ar Gaillimh: Díolaim Cathrach
Réamhfhocal Ainmníodh Cathair na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ach bhí ar na heagraithe go leor de na himeachtaí a bhain le ‘Gaillimh 2020’ a chur in oiriúint d’ardáin fhíorúla seachas d’ardáin bheo na bliana cinniúnaí sin. Cé go mba dhúshlán...
Léirmheas ar Concise English-Irish Dictionary
Táirge deiridh ar thogra uaillmhianach atá sa leabhar Concise English-Irish Dictionary (NEID), an foclóir is údarásaí maidir le húsáid chomhaimseartha na Gaeilge. Pádraig Ó Mianáin a d’fheidhmigh mar phríomheagarthóir ar an bhfoclóir seo, fear atá ag obair i ngort na...
Léirmheas ar Óráidí a chuaigh i gcion
Bailiúchán de bhreis agus caoga óráid ó aimsir Shócraitéas go dtí an lá atá inniu ann is ea Óráidí a chuaigh i gcion. Cló Lováin, inphrionta de chuid Leabar Breac, teach foilsitheoireachta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, a d’fhoilsigh an leabhar. Leabhar...
Léirmheas ar Ar Luch agus ar Dhuine
Aistriúchán stuama atá sa leabhar Ar Luch agus Ar Dhuine le Colmcille Ó Monacháin. Is é seo an chéad eagrán Gaeilge den nóibhille cháiliúil Of Mice and Men a scríobh John Steinbeck sa bhliain 1937 é. Sa bhliain 1946, scríobh Aodh Mac Dhubháin dráma darbh ainm...
Gorta, Grá agus Gaisce: Léirmheas ar Fonn A Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin
Is é seo an tríú heagrán d’úrscéal gearr le Pádraig Ua Maoileoin a d’fhoilsigh Carbad ar dtús sa bhliain 1978. Tá an scéal suite i mbaile beag na Scairte sna blianta díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Baile ‘gránna deas’ (5) is ea é dar leis an scéalaí agus mar a...
Léirmheas: Titley le Máirtín Coilféir
Is é Titley an chéad leabhar ó pheann Mháirtín Coilféir, ar léachtóir in Ollscoil Naomh Mícheál, Toronto, é. Is critíc litríochta ar shaothar Alan Titley atá sa leabhar seo, a bhí mar ábhar PhD ag Coilféir agus é i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide. Tá...
Léirmheas ar An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh le Tadhg Ó hIfearnáin
Tá eagarthóir an leabhair seo, Tadhg Ó hIfearnáin, ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sé tréimhsí roimhe seo ag léachtóireacht agus i mbun taighde in Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na Briotáine Uachtaraí, Ollscoil Uladh agus Ollscoil...
Léirmheas: An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge le Noel Ó Murchadha
Ní hamháin go n-áirítear sa saothar scolártha, acadúil seo, An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge, plé cuimsitheach, ceannródaíoch ar an gclaochlú a tháinig ar an nGaeilge chomhaimseartha ó na 1960idí i leith, ach...
Léirmheas: Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language le Douglas Hofstadter & Clément Marot
An té ar mian léi eolas a chur ar an aistriúchán liteartha Gaeilge cad é a dhéanfaidh sí? Is dócha go ndéarfaí léi, mar thosach, an t-uafás a léamh agus a scríobh, idir bhuntéacsanna agus aistriúcháin. Seans go gcuirfí ina dhiaidh sin i dtreo na mórleabhar í, cinn a...
Leagan úr d’eipic dhúchasach a thuilleann áit bhuan i gcanóin liteartha na Gaeilge: Léirmheas ar Táin Bó Cuailnge
Leagan soléite, i nGaeilge an lae inniu, den tsraith thábhachtach scéalta ar a dtugtar ‘Táin Bó Cuailnge’ is ea an leabhar seo le Darach Ó Scolaí. Cuireann Ó Scolaí an tseaneipic i láthair in ocht gcuid mar aon leis an Réamhscéal agus le Réamhrá gearr. Mar a deir an...
Léirmheas: Ó Bhéarla go Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn
Is treoirleabhar aistriúcháin é Ó Bhéarla go Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn, as Cúil Raithin i gContae Dhoire. Tá cuid mhór dá shaol caite i mbun aistriúcháin aige, mar atá le feiceáil ón saothar foilsithe a tháinig uaidh in imeacht na mblianta. Bhain sé amach BA...
Léirmheas ar an leabhar Immersion Education – Lessons from a Minority Language Context le Pádraig Ó Duibhir
Éiríonn leis an oideachasóir agus an taighdeoir Pádraig Ó Duibhir rud nach bhfuil éasca a bhaint amach ina leabhar Immersion Education – Lessons from a Minority Language Context, is é sin, ábhar acadúil a chur i láthair i mbealach spéisiúil agus intuigthe don...
Súil Ghrinn ar an tSúil Eile: Léirmheas ar Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí
Is éard atá sa leabhar Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí ná stair TG4 curtha i láthair i stíl na hiriseoireachta. Deich gcaibidil san iomlán atá ann ina dtarraingíonn Ó Gairbhí ar thaighde fairsing forleathan. Ransaíonn sé go leor foinsí éagsúla – leabhair acadúla,...
Insintí Liteartha Luachmhara ar an Óige in Éirinn (c 1880 – c 2010): Léirmheas ar Aois na hÓige. Díolaim Próis
Réamhfhocal Sna blianta 2001 agus 2010 d’fhoilsigh Cois Life dhá eagrán éagsúla de Gaolta Gairide: Rogha Dánta Comhaimseartha ar Théamaí Óige agus Caidrimh Teaghlaigh. Cnuasaigh d’fhilíocht is ea iad atá curtha in eagar ag Máirín Nic Eoin. Imleabhar...
Léirmheas ar An Ríomhaire Ilteangach
Is é An Ríomhaire Ilteangach an chéad leabhar ó pheann Michal Boleslav Měchura, ar teicneolaí teanga agus ailtire faisnéise as Poblacht na Seice é. Cé nach mbeadh cur amach ag an ngnáthdhuine ar na teidil phoist sin, is féidir a rá go simplí gur saineolaí é ar an...
Léirmheas ar shraith leabhar An Seachtar Stuama
Aistriúchán stuama atá sa tsraith leabhar[1] seo atá bunaithe ar an tsraith Bhéarla The Secret Seven leis an údar iomráiteach Enid Blyton. Foilsíodh an tsraith Bhéarla sa bhliain 1987 agus thug na haistritheoirí Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní...
Léirmheas ar Cinnlínte: Saol an Iriseora
Sa leabhar Cinnlínte: Saol an Iriseora, déanann an t-údar, Deaglán de Bréadún, cur síos ar na buaicphointí éagsúla óna ré mar iriseoir le The Irish Times agus The Irish Sun. Tá clú agus cáil ar de Bréadún de bharr a chuid iriseoireachta, chomh maith lena chuid...
Féilscríbhinn Thábhachtach Thrípháirteach: Léirmheas ar Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil
Bailiúchán tathagach d’ocht n-alt déag atá san imleabhar seo ina dtugann iarmhic léinn, iarchomhghleacaithe agus cairde ómós don scoláire ceannródaíoch, an tOllamh Nollaig Mac Congáil. Seachas réamheolas a thabhairt sa Réamhrá ar ábhar na n-alt, cuireann na...
Léirmheas ar an iris Béaloideas Imleabhar 84, 2016, 261 lch., €30
Is é Béaloideas iris an Chumainn le Béaloideas Éireann. Tá sí á foilsiú go rialta ó 1927, bliain bhunaithe an Chumainn, agus is é Béaloideas 2016 an 84ú heagrán den iris seo a chlúdaíonn réimse leathan ábhar bainteach le béaloideas agus cultúr. Iris dhátheangach í a...
Léirmheas: A History of the Irish Language from the Norman Invasion to Independence le Aidan Doyle
Is ó pheann an údair Aidan Doyle an leabhar A History of the Irish Language from the Norman Invasion to Independence. Tá céim mháistreachta ag Doyle sa Nua-Ghaeilge agus céim dhochtúireachta aige sa teangeolaíocht. Chaith sé roinnt ama ag múineadh thar lear agus in...
Léirmheas: Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn
Is léirmheas é seo ar an leabhar Cruinneas ó pheann an údair Antain Mac Lochlainn. Bhain Mac Lochlainn BA sa Léann Éireannach agus PhD sa Nua-Ghaeilge amach in Ollscoil Uladh. Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí ag obair i réimse na Gaeilge le RTÉ, Foinse, Bord...
Léirmheas: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana
Is seoid é an leabhar seo i measc na seod eile a foilsíodh mar chuid den tsraith Lúb ar Phár de chuid an chomhlachta Cois Life. Is é seo an t-ochtú leabhar sa tsraith agus leanann sé eiseamláir na leabhar a foilsíodh roimhe, i dtaca le hardchaighdeán an taighde agus...
Léirmheas ar Ár dtéarmaí féin le Fidelma Ní Ghallchobhair
Is ó pheann an údair Fidelma Ní Ghallchobhair an leabhar Ár dtéarmaí féin. Tá Ní Ghallchobhair ar dhuine de na saineolaithe is tábhachtaí maidir le téarmaíocht na Gaeilge de agus is léir sin ó na blianta taithí a fuair sí agus í ag obair leis an nGúm agus leis an...
Léirmheas ar an iris Language Problems & Language Planning Eagrán 38, Imleabhar 1 & 2, 2014
Bunaíodh an iris acadúil phiarmheasúnaithe seo, ar iris mhór le rá i réimse na pleanála teanga í, sa bhliain 1977. Eisíonn foilsitheoirí na hirise, John Benjamins, trí eagrán in aghaidh na bliana i gcomhar leis an Ionad um Thaighde agus Doiciméadacht ar Fhadhbanna...
Léirmheas ar Translation in the Digital Age
Tá Translation in the Digital Age leis an Ollamh Michael Cronin, ar an dara heagrán sa tsraith New Prospectives in Translation Studies atá foilsithe ag Routledge, sraith a dhíríonn ar na hathruithe suntasacha atá tagtha ar réimse an aistriúcháin le blianta beaga...
Léirmheas ar an iris Journal of Multilingual and Multicultural Development Imleabhar 35, Eagrán 2, 2014
Is iris phiarmheasúnaithe í seo ina bhfuil plé ar réimse leathan topaicí a bhaineann le cúrsaí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta, pleanáil teanga agus teagasc teangacha. Cuireadh tús leis an iris in 1980 agus foilsíonn Routledge seacht n-eagrán sa bhliain....
Léirmheas ar Introducing Translation Studies: Theories and Applications (An tríú heagrán)
Seo é an tríú heagrán den leabhar seo a bhaineann go sonrach le réimse an aistriúcháin. Tá uasghrádú déanta ag Jeremy Munday air agus tá leagan amach agus dearadh an leabhair simplí. Ina theannta sin, tá an leabhar furasta le léamh cé go bhfuil ábhar an leabhair...
Léirmheas ar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc
Is bailiúchán d’ailt thábhachtacha, a scríobhcuid de na húdair is tiomráitíagus is ceannasaí iréimse na sochtheangeolaíochta,atá sa leabhar seo. Tá fáil ar ábhair a bhaineann le gach ceann de cheisteanna lárnacha an réimse agus, chomh maith le léirmheas ginearálta ar...