Achoimre Is é aidhm an taighde seo a fháil amach an gcuirfidh modh eile teagaisc, a chuireann béim ar cheol agus ar aithris na filíochta agus ar fhoghlaim ghníomhach, fonn ar mhic léinn staidéar a dhéanamh uirthi agus an músclóidh sé fiosracht na mac léinn inti. Tá an...
Topaic: Teagasc Teangacha
Ó Shamhlacha Físeacha go dtí an Cleachtas Laethúil: Creat Forbartha Gairmiúla na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teanga le cuidiú na Teicneolaíochta (R-FCÁT)
Coimriú Tá dea-cháil na foghlama comhtháite ábhar agus teanga (FCÁT) aitheanta sa litríocht idirnáisiúnta ó na nóchaidí i leith mar threocht chun an dara teanga a theagasc. Tiomáineann an t-ábhar an teagasc le FCÁT ach cuirtear défhócas ar ábhar agus ar theanga araon...
An Cumasú Teanga i bhForbairt Ghairmiúil an Mhúinteora Tumoideachais: Ról an Chuir Chuige Chumaisc
Réamhrá Is iomaí buntáiste atá aitheanta ag údair agus taighdeoirí maidir le córas an tumoideachais ach aithnítear chomh maith céanna gur iomaí castacht a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtúil chlár an tumoideachais. (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2018). Ní mór do...
An Tumoideachas Déanach: bac nó buntáiste?
Achoimre Is tréimhse shuntasach í an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil i saol an fhoghlaimeora. Déantar cur síos ar an tréimhse fhorbarthach seo mar chlaochlú cognaíoch, síceasóisialta agus mothúchánach (Hanewald, 2013; Hines, 2007). Is beag atá...
Eispéireas an ábhair oide ar B.Oid trí Mheán na Gaeilge maidir le FCÁT a chur i bhfeidhm sna hAmharcealaíona ar Shocrúchán scoile
Réamhrá Tá bláth agus rath tagtha ar earnáil an tumoideachais in Éirinn agus an chuma ar an scéal go bhfuil éileamh seasta ar an nGaelscolaíocht go fóill (Ó Duibhir, 2018) agus tá dalta amháin as dáréag ag fáil a chuid oideachais i nGaeilge i bPoblacht na hÉireann de...
Iniúchadh ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais Gaeilge i mBunscoileanna Gaeltachta i gCatagóir A
Coimriú San alt seo, déanfar cur síos ar thaighde ar tugadh faoi i dtrí bhunscoil Ghaeltachta i gCatagóir A chun léargas a fháil ar na dea-chleachtais a úsáideann múinteoirí chun freastal éifeachtach a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais[1] Gaeilge ó cuireadh an Polasaí...
Ag Foghlaim na Gaeilge agus ag Foghlaim trí mheán na Gaeilge sa Suíomh lán-Ghaeilge: Peirspictíochtaí na nDaltaí
Réamhrá Is toradh é an t-alt seo ar staidéar a dhírigh ar shealbhú na Gaeilge sa tsuíomh lán-Ghaeilge agus na foinsí tacaíochta a bhí ann do pháistí mar chuid den phróiseas sealbhaithe. Dhírigh an taighde seo go príomha ar ról na gcúntóirí ranga sa suíomh...
Ó Chrosta go Cruthaitheach: Aistriúchán Oideolaíoch agus an Ghaeilge i gCóras Meánoideachais Thuaisceart Éireann
Réamhrá Agus é in úsáid go forleathan san ochtó agus sa naoú haois déag mar uirlis teagaisc i bhfoghlaim na dteangacha clasaiceacha, ceanglaíodh an t-aistriúchán go láidir le smaointe traidisiúnta foghlama faoi lár an fhichiú haois. Ó shin i leith, rinneadh neamhaird...
Noirm na Gaeilge a aibhsiú, teanga shóisialta na ndaltaí a fhorbairt agus áit an Bhéarla sa ghaelscolaíocht a bheachtú
Intreoir Is toradh é an t-alt seo ar thuras féineitneagrafaíochta ina ndearnadh féinbhreathnú, féinfhiosrú, athghlaoch cuimhne agus scríobh dírbheathaisnéiseach faoi mo shaothar, mo shaol agus mo thaighde agus mé i mo chomhairleoir ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar...
Bíonn Dhá Insint ar gach Scéal! Múineadh na Gramadaí sna Bunranganna lán-Ghaeilge
Réamhrá Tá an córas tumoideachais ag dul ó neart go neart le tríocha bliain anuas agus cé go léirítear buntáistí an chórais go forleathan sa litríocht (Baker & Wright, 2021; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Duibhir, 2018), tráchtar ar dhúshláin an chórais...
Ag foghlaim Gaeilge i mbunscoileanna T2: taithí agus tuairimí na bpáistí
Réamhrá Díríonn an páipéar seo ar thaithí páistí i mbunscoileanna T2 ar fhoghlaim na Gaeilge. Go dtí seo tá guth na bpáistí in easnamh ón taighde agus ón bplé faoi mhúineadh agus faoi fhoghlaim na Gaeilge agus dhírigh an staidéar seo ar an mbearna seo. Is scoileanna...
Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)
Cúlra Tháinig an Piarsach ar an tsaol sa bhliain 1879 agus tháinig ‘Máire’ ar an tsaol deich mbliana ina dhiaidh. Sna blianta idir breith an Phiarsaigh agus breith ‘Mháire’ tháinig borradh mór faoi na heagraíochtaí a raibh sé d’aidhm acu an Ghaeilge a athbheochan. Ba...
Grinnléitheoireacht á meas ag mic léinn ar chúrsaí Gaeilge (BA agus BEd) mar mhodh múinte le bheith ag foghlaim faoin scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge
Intreoir Tuairisc atá san alt seo ar thionscadal i dtaighde na meastóireachta a rinneadh sa bhliain acadúil 2019– 2020 idir Deireadh Fómhair 2019 agus Nollaig 2019, i measc cohórt de mhic léinn dara bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge) agus BEd (Baitsiléir...
Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais
Coimriú: Tá trí shainréimse eolais i gceist le feasacht teanga múinteoirí sa tumoideachas – úsáid teanga; eolas faoin teanga; agus saineolas oideolaíoch i dtéarmaí na sprioctheanga sa chomhthéacs ábharbhunaithe. Bíonn na réimsí sin ag idirghníomhú lena chéile agus...
Ag cothú na foghlama teanga éifeachtaí i gcás shealbhú an TX sa chóras oideachais: Cás na Gaeilge
Réamhrá Pléitear san alt seo na toscaí atá aitheanta i dtaighde na teangeolaíochta feidhmí a bhaineann le bunphrionsabail an tsealbhaithe teanga agus le sealbhú éifeachtach an dara teanga chomh maith le taighde ar mhúineadh agus fhoghlaim na Gaeilge i meánscoileanna...
An Tumoideachas agus an Dátheangachas – Bréagnú ar Thuiscintí Coitianta
Réamhrá Tá an t-alt seo bunaithe cuid mhaith ar thaithí an údair a bhfuil breis agus fiche bliain caite aige mar oideachasóir teangacha – an Ghaeilge go príomha – ag an dara agus an tríú leibhéal anseo in Éirinn. Míneofar, le cúnamh na staire agus forbairtí sa...
Céim ar an Bhealach: spléachadh ar an chéad chaibidil de Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna
A great book begins with an idea; a great life with a determination. (L’Amour, 1989:3) Cé gur foilsíodh Mo Bhealach Féin den chéad uair sa bhliain 1940, tá ailt á scríobh agus cláir raidió agus teilifíse á ndéanamh fós ar an saothar tábhachtach seo. Is é an aidhm atá...
An Gearrscéal Gníomhach
Le céad bliain anuas is é an gearrscéal an fhoirm litríochta is flúirsí dá bhfuil ann i Litríocht na Gaeilge. Is gnách go dtéadh na hÉireannaigh ag airneáil sa tseanam mar mhodh siamsaíochta chun faoiseamh a thabhairt dóibh féin ó chruatan an tsaoil. Bhíodh clú agus...
Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí faoi Oiliúint[1]
Achoimre Déanfar cur síos sa pháipéar seo ar thionscadal taighde modhanna measctha leabaithe (CAINN (cáil))[2] a cuireadh i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar cé acu cur chuige follasach, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ionduchtach-follasach, ab éifeachtaí le...
Ranganna oíche ríomhaireachta don phobal: Foghlaim ar feadh an tSaoil d’aosaigh na Gaeltachta
Réamhrá Tá dualgas ar ollscoileanna seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na ndaoine. Le tríocha bliain tá údar an ailt seo ag cur ranganna oíche ríomhaireachta ar fáil ar fud Chonamara. I dtús aimsire ní raibh aon teastasú ná cáilíochtaí...
An Tumfhoghlaim sa Ghaeltacht: Féidearthachtaí agus Dúshláin d’Ábhair Oidí
Réamhrá[1] San alt seo, tugtar faoi phlé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ó thaobh na bhfoghlaimeoirí de. Tá sé i gceist plé faoi leith a dhéanamh ar na ceisteanna agus ar na dúshláin a...
Deiseanna Saibhrithe Teanga tríd an Sinéistéise idir Míreanna Cartlainne faoin gCeantar Áitiúil
Réamhrá Tá an córas oideachais ag druidim go mall i dtreo na tuisceana (ar deireadh) go bhfuil géarghá le hathrú ón mbonn aníos sa bhealach ina dtacaíonn sé le foghlaim sa seomra ranga. Tá an saol taobh amuigh den seomra ranga, idir an saol baile agus an saol oibre,...
Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe
Réamhrá Is fealsúnacht oideachais é an trasteangú (Trawsieithu sa Bhreatnais agus Translanguaging sa Bhéarla) atá tagtha go mór chun cinn le fiche bliain anuas i réimse an oideachais dhátheangaigh. Tagraíonn sé d’idé-eolaíocht mhúinteoireachta ina ligtear do dhaltaí...
An Fhoghlaim Chumaisc: Taithí na dTeagascóirí
Cúlra an Staidéir Thosaigh an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2011 agus bronnadh céim ar an gcéad ghrúpa mac léinn in 2015. Is cúrsa páirtaimseartha fochéime é seo a dhéantar a sheachadadh tríd an bhfoghlaim chumaisc (ar líne...
Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara
Coimriú Déanfar anailís chriticiúil san alt seo, ar an múnla luath-oideachais dhátheangaigh atá i bhfeidhm i mbunscoil amháin i nGaeltacht Chonamara (Catagóir A). Breathnófar ar athróga éagsúla dá múnla oideachais lena n-áirítear: cothú an tsainspioraid Ghaeilge sa...
Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta
Réamhrá Léiríonn an taighde is deireanaí go bhfuil aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin ag dul i léig de réir mar a athraíonn nósmhaireachtaí teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé seo ag tarlú anois fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, ceantair Chatagóir A (Mac...
Tionchar Phróifíl an Fhoghlaimeora Teanga ar Shealbhú na Gaeilge
Comhthéacs an Taighde Tá go leor gnéithe éagsúla a chaithfear a chur san áireamh sa rang teanga, gnéithe a éascaíonn an próiseas foghlama agus a mheallann an foghlaimeoir chun páirt ghníomhach agus féinriartha a ghlacadh san fhoghlaim sin. Leagtar go leor béime sa lá...
Machnamh ar Eispéireas na Foghlama Aisioncronaí
Comhthéacs an Taighde Cuirtear níos mó béime, le blianta anuas, ar choincheapa na héagsúlachta, na hilghnéitheachta agus leathnú na rannpháirtíochta i dtimpeallachtaí tríú leibhéal ar fud an domhain, agus tá borradh mór tagtha faoin gcianfhoghlaim agus faoin...
Iniúchadh ar an Tionchar a Imríonn Club Gaeilge i Meánscoil Lán-Bhéarla ar Inspreagadh Daltaí i Leith Fhoghlaim na Gaeilge
Comhthéacs an taighde Cuirtear béim ar leith ar an gcur chuige cumarsáideach i siollabas Gaeilge na meánscoile le breis agus fiche bliain anuas chun ‘go mbainfeadh foghlaimeoirí úsáid as an teanga chun críche cumarsáide’ (Ó Laoire, 2006: 6). Moltar go mbeadh na...
An Tairbhe agus na Dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna Lán-Bhéarla
Réamhrá In 2012, ghlac dhá rang agus beirt oidí in dhá scoil T2 (scoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla) páirt i dtaighde a mhair thar thréimhse sé seachtaine. D'fhoghlaim 28 páiste i Rang a Trí i scoil uirbeach agus 23 páiste i Rang a Trí agus a Ceathair...
Tábhacht an Phróisis Mheasúnaithe agus an Aiseolais i gCuraclam na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal
‘I don’t like the Teilgeoir because the pictures are no good and the storyline is always the same old “Mammy, I’m off faoin tuath because tá an ghrian ag taitneamh’ (Carr, 2001: 16). Tá próisis mheasúnaithe agus córais aiseolais mar dhlúthchuid de chúrsa teanga ar...
An Tumoideachas Tríú Leibhéal agus an Ollscolaíocht trí Ghaeilge: Eispéireas Foghlama na Mac Léinn
1 Réamhrá agus Cúlra an Taighde Tá borradh tagtha faoin éileamh maidir le hoideachas bunleibhéil agus dara leibhéal trí mheán na Gaeilge in Éirinn le 40 bliain anuas. Léiríonn an fhorbairt a tháinig ar líon na ngaelscoileanna an t-éileamh seo (Gaelscoileanna, 2013)....
Straitéisí Léamhthuisceana chun Cur le Scileanna Smaointeoireachta Foghlaimeoirí Óga
Réamhrá Toisc go bhfuil léitheoireacht na Gaeilge agus an léamhthuiscint á múineadh ag údar an ailt seo le roinnt mhaith blianta, bhíothas ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann leis an léamhthuiscint ó thaobh scileanna smaointeoireachta an...
An Litearthacht Acadúil agus an Fhéiniúlacht Acadúil: Cás-Staidéar ar an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Réamhrá[1] Déantar scagadh san alt seo ar a bhfuil i gceist leis an litearthacht acadúil agus leis an bhféiniúlacht acadúil. Mar chuid den scagadh déantar anailís ar obair an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus pléitear na bealaí...
Staidéar ar an bhFoghlaimeoir Neamhspleách a chur chun cinn sa Bhunscoil trí leas a bhaint as acmhainn ríomhaireachta na Scéalaíochta Digití
Réamhrá I mí Eanair 2012, cuireadh tús le tréimhse taighde a mhair thar achar cúig seachtaine. Rinneadh staidéararpháistí Rang a Trí i nGaelscoil in oirthear na tíre; rang ina raibh 24 páiste ann, ochtar cailíní agus sé bhuachaill déag. Bhí na páistí seoidir 8 agus 9...